Ar an 20 Nollaig 2024 d’imigh an gníomhaí Gaeilge aitheanta, Gearóid Ó Cairealláin, ar shlí na fírinne. Taobh istigh de chúpla seachtain bhí fathach eile i saol na teanga, Pádraig Ó Snodaigh, imithe chomh maith. Anseo thíos roinneann an scríbhneoir agus an t-iarchime Eoghan Mac Cormaic a chuimhní cinn féin ar an bheirt.
Nuair a chuimhníonn daoine siar ar chairde nó ar chomrádaithe atá imithe, bíonn na cuimhní teoranta den aithne a bhí acu féin orthu.
Thiocfadh le comhghleacaithe eile scéalta agus cuimhní difriúla a insint faoi ghnéithe den saol nach raibh baint ná tuiscint ag daoine eile orthu. Ní fheicimid ach míreanna, sracfhéachaint ar an duine ina iomláine.
Is féidir an t-iomlán a shamhlú mar a bheadh léaráid Venn ann, agus na tacair leagtha amach mar na spéiseanna, áiteanna, amanna, cúiseanna agus ócáidí a bhí i gcomhréim agus i gcomhthráth eadrainn.
Tá a leithéid fíor go háirithe nuair a bhí saol agus gníomhaíochas chomh leathan agus chomh leanúnach leis an stair a bhain le beirt de mhórlaochra na Gaeilge, Gearóid Ó Cairealláin agus Pádraig Ó Snodaigh, a fuair bás le coicís anuas.
Cuirim luach thar an meán ar na tacair agus ar na teascáin saoil sin a raibh sé de phribhléid agus de phléisiúr agamsa a bheith chomhpháirteach iontu leo beirt, agus lena bhfuinneamh, lena ndíogras agus lena dtiomantas. Agus aithním nach bhfuil sa mhéid sin ach blúirín den iomlán.
Chas mé ar Ghearóid den chéad uair i seomra na gcuairteanna sna Blocanna H. Roimhe sin bhí teagmháil agam leis trí comms a smuigleáladh amach as na príosúin agus d’fhoilsigh Gearóid altanna agus dánta príosúin ar Lá, an nuachtán a bhunaigh sé féin agus a chairde. Thaitin a mheon saoil liom, bhí a fhios aige go raibh cosc ar an Ghaeilge sna cuairteanna ach labhair sé liom ina rogha teanga, neamhaird ar na rialacha. Cuireadh stop láithreach leis an chuairt ach ní teip a bhí ann dar leis ach buille in aghaidh an chórais, buille i dtreo an cosc ar an Ghaeilge a shárú.
Bhíodh cuairteanna eile againn ina dhiaidh sin nuair a d’éirigh linn comhrá níos faide a dhéanamh ach nuair a smaoiním ar an teascán áirithe sin, cuimhním chomh maith ar Phádraig agus ar an ról a d’imir seisean fosta ag iarraidh cearta teanga a bhuachan do phríosúnaigh.
Tá comhfhreagras ann idir Pádraig (a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am) agus Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ) thiar in 1977 maidir le hiarratas cuairt a thabhairt le fáinní a bhronnadh ar phríosúnaigh. An rud ab aistí faoi ná gur príosúnaigh a bhí bainteach leis an UVF a bhí i gceist. Diúltaíodh cead don chuairt cé gur gheall OTÉ go mbronnfaí na fáinní ach iad a sheoladh isteach. Thóg sé cas cúirte in 1990, áfach, sula bhfaigheadh príosúnaigh cead an fáinne a chaitheadh agus, i gciorcal mór an tsaoil, bhí Gearóid Ó Caireallain lárnach faoin am sin i bhfeachtais teanga ar son na bpríosúnach.
Ó thús na seachtóidí bhí Conradh na Gaeilge ag tacú le feachtais éagsúla sna príosúin: leabharthaí agus irisí a chur isteach go dtí an Cheis Fhada, comfhreagras le hOifigeach Oideachais in Ard Mhacha le líon na leabhar a mhéadú, argóintí leis an Roinn Dlí agus Cirt faoin chosc ar an cheirnín Buntús Cainte, labhairt na Gaeilge i bPort Laoise, agus tacaíocht do bhunú sciatháin Gaeltachta i bPríosún Luimnigh.
Bhí Pádraig é féin i dteagmháil le grúpaí tacaíochta – an dlíodóir Alastar Logan ina measc – le cóipeanna d’irisí an Chonartha a sholáthar agus cúrsaí a dhréachtú do phríosúnaigh i Sasana thart faoi na laethanta céanna a bhí an t-ógfhear Gearóid ag léiriú spéis sna streachtailtí (agóid na Pluide agus an troid ar son cearta Gaeilge sna príosúin), agus lean an speis agus an díogras sin mar ghné dá saol go dtí na nochaidí féin.
Le linn a thréimhse mar Uachtarán agus sna blianta ina dhiaidh sin, bhí an Snodach páirteach i gcoistí éagsúla in aghaidh reachtaíocht éigeandála ó dheas, in aghaidh leatrom sna príosúin thuaidh, theas agus thall, in aghaidh eiseachadta, agus le linn an ama sin chomh maith bhí sé páirteach i mbunú scoileanna, sna feachtais ar son stáisiún teilifíse Gaeilge, agus i ngníomhaíochtaí athmhuintearais trína chuid leabharthaí.
Bhí an Caireallánach chomh gníomhach céanna arís, go minic i gcomhluadar a charad Eoghan Ó Néill agus Gaeil eile sna Sé Chontae: bunú nuachtáin, stáisiún bradach raidió, compántas drámaíochta, scoileanna, oscailt cultúrlainne, foilseacháin, foclóir, aistriúcháin, seirbhísí eaglasta, seirbhísí gnó – má bhí gné den saol nach raibh Gaelaithe bhí an chuma air go raibh plean ag Gearóid agus a chairde an teip sin a réiteach. Tá an Cheathrú Ghaeltachta inniu mar fhianaise ar an obair sin.
Thainig lá in 1991 gur ligeadh as an príosún mé le post a lorg. Thug Gearóid post dom sa nuachtán Lá agus an tráthnóna céanna dhiúltaigh OTÉ don phost ar bhonn slándála. Bhí Gearóid ar buile, ní raibh sé chun ligint d’OTÉ an teanga a imeallú nó a choiriúlú (go deimhin, sin a bhí taobh thiar den diúltú). Throid sé an cás agus bhuaigh sé: chaith mé cúig nó sé mhí sona sásta ag obair leis agus le foireann Lá le linn earrach agus shamhradh 1991 sular bhog mé go Gaillimh le céim ollscoile a dhéanamh.
An bhliain dar gcionn chas mé ar Phádraig den chéad uair nuair a d’fhoilsigh sé leabhar a scríobh mé agus mé sna Blocanna. Seoladh é i nGaillimh ach bhí seoladh eile i mBéal Feirste chomh maith, nó bhí dlúthcheangal cruthaithe ag Gearóid agus ag Pádraig agus idir Coiscéim agus An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste.
Spreag Pádraig mé le leanúint orm ag scríobh, mar a spreag sé go leor scríbhneoirí – is feiniméan foilsitheoireachta é Coiscéim – agus ba mhór an ónóir dom é nuair a d’fhoilsigh Pádraig mo leabhar Pluid in 2022, agus leabhair eile ó shin. Trí seachtaine ó shin a fuair mé a nótaí eagarthóireachta deireanacha ar leabhar atá idir caibidil agam ar stair Chonradh na Gaeilge i bhfeachtais na gceart príosúin ó 1971 ar aghaidh.
Ní gá a rá go mbeidh rian na beirte seo, fáthaigh agus ceannródaithe Gaeilge ar leith, le feiceáil sa leabhar tríd na feachtais éagsúla a raibh páirt acu iontu, agus páirt againn iontu.
Más léarscáil dár saol í an léaráid Venn, nach mór an phribhléid agus an pléisiúr dúinne go raibh muid sna teascáin chomhréime agus chomhthrátha chéanna leo ó am go ham, agus nach mór an trua nach mbeidh arís.