Oíche Chinn Bliana sa bhaile – manglaim agus moltaí teilifíse!

A 2020, a “chara”.

Níl mórán agam le rá leat inniu. Is cinnte gur tharla roinnt rudaí maithe i mbliana: cuntas Twitter TG4; Irish Women in Harmony; agus Adam ó The Late Late Toy Show. Ach aontaímid ar fad nach bhfuil do leithéid uainn arís, a 2020. Ná tar ar cuairt, ná tar amach, ná bíodh cion agat orainn amárach, mar a dúirt Dua Lipa ar an raidió na mílte uaireanta i mbliana. 

Tá deis amháin fágtha dea-chríoch a chur leis an mbliain agus an tairne deiridh a bhrú isteach i gcónra 2020, agus tá roinnt bhealaí le dul ar an drabhlás sa seomra suí! 

Ólaimis!

Dár ndóigh, ní gá go mbeadh alcól á ól agat anocht. Tá dhá rogha manglaim againn duit thíos! 

Deoir Liomóide 

An-simplí le déanamh sa bhaile, níl ach trí rud uait go mbraithfidh tú an ghrian ag dul a luí taobh thiar díot sa Spáinn.

Cuir oighear  i ngloine. Cuir isteach tomhas caighdeánach vodka, 50ml sú líomóide, agus líon go barr le líomanáid (nó 7Up más é sin atá agat). Mar chríoch, cuir slisín líomóidec nó oráiste sa ghloine leis! 

Mimosa gan alcól 

Seo ceann le déanamh i gcrúiscín agus le roinnt le do chlann nó do cheile tí! 

Cuir oighear sa chrúiscín. Tosaigh le 500ml sú oráiste, ansin measc isteach 50ml grinidín. Líon go barr le ~500ml leann sinséir, críochnaigh le cúpla slisín oráiste agus roinn amach é! 

Ithimis!

Tá an turcaí críochnaithe agus seans go raibh tú ag glacadh sosa mar is ceart. Tá lánchead agat bosca Celebrations a bheith agat don dinnéar anocht. Tá sé tuillte agat. 

Ar an scáileán beag

Tá flúirse clár agus scannán ar fáil anocht. Ní gá duit fiú aistriú amach as na pitseámaí nua a thug Daidí na Nollag duit. 

Ar an teilifís, níor chuir dianghlasáil stop le Graham Norton a chlár bliantúil Oíche Chinn Bliana a dhéanamh ar BBC 1 ag 22:25, le Tom Hanks, Emily Blunt agus Jamie Dornan ag caint, agus Sophie Ellis-Bextor ag casadh poirt. Más greann Éireannach atá uait, tá clár nua ​Mrs Brown’s Boys ​ar RTÉ 1 ag a 21:10. Más ceol atá uait, beidh ceolchoirm de chuid Alicia Keys ar BBC 1 ó 23:30, ​Alicia Keys Rocks New Year’s Eve. Is féidir an clog a fheiceáil beo agus é ag comhaireamh go meán oíche ón amharclann Gaiety i mBaile Átha Cliath ar RTÉ 1, ó 22:45, agus beidh Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh ar TG4 ó 23.30, agus Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin ar RTÉ RnaG ó 22:00

Más scannán atá uait, beidh gunnaí, gluaisteáin agus foirgnimh ag pléascadh in ​Skyfall,​ le feiceáil ar UTV ó 21:00. Beidh grá, greann agus eachtraí Renée Zelwegger in ​Bridget Jones: The Edge of Reason​ ar Virgin Media 1 ag an am céanna. 

Ar dheis Dé go raibh d’anam, 2020. 

SCÉALTA EILE