‘Ólfad deoch i bhfochair ladhar ban agus cuimhneom ar na mná breátha ar fad a d’imigh romhainn’

Nollaig na mBan, Nollaig gan mhaith. Tá sé ráite riamh. N’fheadar an ngéillim puinn di mar cheiliúradh. Ní dheinimse é a cheiliúradh pé scéal é. Braithim go mbaineann sé le saol eile ar fad, ach b’fhéidir gur botún mór é sin ó mo thaobhsa, agus go gceart dom iarracht a dhéanamh gan ligint don ócáid imeacht le sruth ar fad. 

An bhfuil an t-am agam é a cheiliúradh, áfach? Cad a dhéanfainn Oíche Nollaig na mBan? Bheinn ag obair pé scéal é. Leithscéal dos na mná é dul amach chun dinnéir, ab ea? 

Fadó, bhíodh braon pórtair ag na mná ar Arda Mór agus ar an gCoimín, téite ar an dtine le braoinín bainne tríd agus braoinín siúicre. Manglam an lae inniu!

Dúirt Máirín Bosco Uí Chonchúir liom go nglaoití Nollaig Bheag ar Nollaig na mBan leis. Deintear fós. Acu féin aige baile, bhíodh turcaí eile ar Nollaig na mBan. B’in é an tríú ceann acu le linn na Nollag, mar bhíodh ceann Lá Nollag, ceann eile Lá an Dreoilín agus arís ar an sé lá. 

Leo féin ab ea na turcaithe, agus dhein sé ciall go n-íosfaidís a raibh á soláthar acu féin. An uair sin, “ní bhíodh aon réamhchúrsa roimis an mbéile. Bhíodh plum pudding alright, tar éis,” déanta age baile. Nach álainn! Is le 20 bliain anuas, nó mar sin a deir Máirín, atá scéal mór á dhéanamh de Nollaig na mBan, cé go ndeintí scéal mór dos na Trí Rithe. “An uair sin, an Nollaig ab ea, an scéal mar gheall ar Íosa agus an crib, ach ní cuimhin liom go mbíodh aon rud mór. Ní raibh éinne ag dul amach ag ithe an uair sin. Téann grúpaí ban amach anois.”

Chuas ag fiosrú dá réir sin, féachaint cad a bheidh ar bun ag mná na Mumhan, anocht, Nollaig na mBan! (Agus tá daoine ann a deir gurb é an cúigiú lá Nollaig na mBan, ach is é an séú lá, an data!)

Cad a bheidh ar siúl ag Máire Seo Breathnach ón Seanphobal?

“Beidh grúpa ban os na Déise ag teacht le chéile in Merry’s Gastro Pub i nDún Garbhán chun ceiliúradh a dhéanamh ar Nollaig na mBan. Beidh manglaim agus tapas againn, chomh maith le ceol beo agus é eagraithe ag Dún Garbhán le Gaeilge. Ag súil go mór leis!”

Cad faoi Anne Marie Nic Gearailt, Baile an Mhamhnaigh?

Beidh Anne Marie ag dul ar thuras bóthair chun páirt a ghlacadh in ócáid lae ag a mbeidh ceardlanna faoi aireachas, buíochas agus nithe eile a bhaineann leis an anam agus leis an gcorp a chur faoi shuan. 

Áine Long ó Cheann Trá:

Dúirt Áine go bhfanadh a máthair féin, Máire Uí Lúing cois na tine di féin ar Nollaig na mBan. Ní bhíodh mórán roghanna eile ann an uair sin agus níor ól sí, mar sin ba chuma léi cé acu! Théadh sí ag bothántaíocht ceart go leor, ó thig go tig. Beidh Áine féin agus a beirt deirféar agus nia di chun dul amach ag ithe dinnéir sa Daingean, chun an lá a mharcáil, a dúirt sí.

Beirní Ní Chuinn ó Chorraghráig:

“Tógadh mise i measc na mban i gCorraghráig. Duine de sheachtar iníonacha. Dheineas arán bán baile inniu, i gcuimhne ar mo mháthair, cócaire den scoth ab ea í, Máistreás an Tí. Anocht, ólfad deoch i bhfochair ladhar ban misniúla agus cuimhneom ar na mná breátha ar fad atá imithe romhainn agus guífead go seasom aontaithe mar Arm Óglach i gcoinne na héagóra go deo.”

Sin anois daoibh, blaiseadh don méid a bheidh ar siúl ag mná na Mumhan tráthnóna. Bead féin ag freastal ar Aifreann Cuimhneacháin bliana mo chomharsa. Bean láidir sheoigh chruaidh chineálta, lách, go mbíodh fíorchaoin fáilte aici romhamsa mar chailín beag ag teacht an tig chuici (agus á crá is dócha) go minic! Is iad seo na saghasanna mná ar cheart ceiliúradh a dhéanamh orthu ar Nollaig na mBan agus ceachtanna a fhoghlaim ón tslí nádúrtha fhoighneach a bhí acu le daoine. Pé áit a bheir anocht, bí deas leat féin, mar i ndeireadh na dála, ní féidir braith ar éinne ach ort féin, agus ní le héinne an lá amárach, mar sin bain súp as an oíche.