Tá ómós á thabhairt ag pobal na Gaeilge do dhuine óg dá ndream a bhásaigh go tragóideach moch maidine Dé Domhnaigh i ndiaidh timpiste rothair i mBaile Átha Cliath.
Iardhalta de chuid Choláiste Eoin, mac léinn de chuid Choláiste na hOllscoile, ball gníomhach de Pháirtí an Lucht Oibre agus gníomhaí teanga a bhí i gCormac Ó Braonáin (19) a leagadh óna rothar ar an rian LUAS i ndeisceart na hardchathrach ag thart ar 03.00 Dé Domhnaigh.
Cuimhnímid inniu, mar dhlúthchomhphobal scoile Choláiste Eoin ar ár gcara Gaeil, Cormac Ó Braonáin , a raibh siúlóid ró-ghearr aige trí Ghleann na nDeor. Bíonn bród cumhachtach agus brón cionmhar ar achan mhac ‘s iníon máthar a raibh pribhléid acu aithne a chur ar Chormac …
— Coláiste Eoin (@colaiste_eoin) December 16, 2019
Bhí Cormac ar a bhealach abhaile ó Chlub Chonradh na Gaeilge nuair a bhuail LUAS é. Is iondúil nach mbíonn an LUAS ag feidhmiú an t-am sin den oíche, ach bíonn seirbhísí speisialta a reáchtáil ag an deireadh seachtaine i mí na Nollag go deireanach san oíche. Tá eolas á lorg ag an nGarda Síochána i mBaile Átha Cliath faoin eachtra.
Tá na meáin shóisialta lasta i láthair na huaire ag daoine ón iliomad pobal in Éirinn a chuir aithne ar an bhfear óg, pobal Gaeilge na hardchathrach a chaith na huaireanta deireanacha an chloig i gClub Chonradh na Gaeilge leis ina measc, agus ómós á thabhairt dó.
Bhí Cormac ina chathaoirleach ar Ógra an Lucht Oibre, agus rinne an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn, comhbhrón lena mhuintir ar bhás an fhir óig.
“Is cúis an-mhór bhróin dom a a chloisteáil faoi bhás tubaisteach anabaí Chormaic Uí Bhraonáin, gníomhaí agus cathaoirleach ar Ógra an Lucht Oibre. B’eiseamláir a bhí i bhfuinneamh, idéalachas, flaithiúlacht agus cruthaitheach Chormaic, ina thiomantas don cheart sóisialta agus ina fhís do shochaí níos cineálta agus níos córa.
“Aireoidh iad siúd go léir a raibh aithne acu air go mór uathu é. Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann agus dá chairde agus dóibh siúd go léir a raibh sé de phribhléid acu aithne a bheith acu air,” a dúirt an tUachtarán.
Dúirt an Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh, ón gComhaontas Glas, gur údar mór brón dó féin bás an ghníomhaí óig. Roinn Colum Eastwood, ceannaire an SDLP teachtaireacht chomhbhróin freisin.
Yesterday I was proud to stand with my comrade Cormac Ó Braonáin at the Rally For Peace. I was supposed to see him for a pint on Thursday. Gutted that he's gone. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal agus leaba i measc na naomh dó.
— Cllr. Peter Kavanagh (@TheKavOfficial) December 15, 2019