Óráid mholta d’Albert Fry, Gael mór Bhéal Feirste

Seo thíos an óráid a thug an Dr. Seán Mac Corraidh ag tórramh an Ghaeil aitheanta, Albert Fry, an 10 Bealtaine i dTeach Pobail Naomh Muire, Béal Feirste

A chairde, is mór an onóir domsa labhairt anseo inniu thar ceann mo chuid daoine féin, lucht na Gaeilge anseo i mBéal Feirste, ag Aifreann na Marbh i dTeach Pobail Naomh Muire, Béal Feirste agus muid ag guí suaimhneas síoraí d’anam uasal Albert Fry. Tá Trína, iníon dearthár le hAlbert linn inniu agus tá a dheartháir Jimmy agus muintir Albert san Astráil Mhór inár smaointe fosta. 

Deireadh gach sláinte osna, a dúirt an duine aosta. Ní sheachnóidh aon duine againn an bás. Is beag an rud is buaine ná an duine. Shíl muid nach raibh a fhios ag an bhás cá raibh Albert nó chuir sé cluain air go dtí gur sciob aicíd sna scamhóga uainn sa deireadh é.

Bhí na ceithre scór bliata slánaithe ag Albert, agus idir a theacht agus a imeacht, bhí sé fial, flaithiúil, fairsing, gaisciúil, uasal, cróga, neamhleithleasach i ngach gníomh dá ndearna sé. Bhí sé le maíomh aige gur i gceantar North Queen Street i dtuaisceart na cathrach seo a rugadh is a tógadh é faoi chúram agus le haire Sadie, a mháthair dhílis. Tá sise inár smaointe inniu chomh maith. Chaith sé seal ama ar Choláiste Mhaolaodhóg agus sa deireadh is le hinnealtóireacht struchtúr a chuaigh sé. Bhíodh sé ag magadh orainne, arbh éigean dúinn céim ollscoile a ghnóthú le post a aimsiú. Rinneadh innealtóir d’Albert gan dul de chóir ollscoile. Chan é amháin gur innealtóir a bhí ann ach déarfadh na hinnealtóirí iad féin go raibh sé ar an chuid ab fhearr acu fosta.

Bhí sé tapa sa chaint agus géarintinneach ach bhí sé umhal sna cnámha agus lúfar sna géaga chomh maith. D’imir sé peil le foireann sinsir Chumann an Phiarsaigh gur bhain craobhacha contae i gcuideachta dlúthchairde, Máirtín Mac Grianna, Seoirse Mac an Iolair agus muintir Uí Eadhra ina measc. Is le bród a d’imir sé le foireann an chontae agus d’imir sé corrchluiche thall is abhus le foireann Rann na Feirste faoin ainm Niall Ó Dónaill. Bhí dáimh riamh aige le bunadh Rann na Feirste. Nach air a bheadh an lúcháir inné i ndiaidh foireann iomána Chontae Aontroma an bhuaidh a fháil ar fhoireann an Chláir sa tsraith náisiúnta? 

Ní féidir ainm Chumann Chluain Ard a lua gan ainm Albert Fry a lua fosta. Mar a dúirt Séamus Mac Seáin, nuair a d’imigh na lánúineacha óga le dul i gceann an tsaoil agus le Pobal Feirste ar Bhóthar Seoighe a fhorbairt, fágadh Albert sa chumann leis an áit a choinneáil ag gabháil. Rud a rinne sé le dícheall agus le dúthracht, le croí agus le haigneadh fríd bhlianta duibheagánacha dorcha sna seachtóidí, sna hochtóidí, sna nóchaidí go dtí le blianta beaga anuas. Ná déanaimis dearmad ach oiread de na hoícheanta ceoil a d’eagraigh sé ná de na drámaí a léirigh sé le fonn agus le faobhar.

Is liosta le háireamh é an méid daoine ó gach uile aicme, gach uile chreideamh, agus ó gach uile dhearcadh polaitíochta ar chuir Albert ar a gcumas, fá chroí mhór mhaith, bun-Ghaeilge a labhairt nó ar chuir sé barr maise, snas agus blas ar an méid di a bhí acu cheana féin. Tá na daoine sin uilig faoi chomaoin aige agus thar a gceann, bheirim buíochas inniu as sin a dhéanamh. Beidh an íomhá seo in intinn gach aon duine sa láthair anseo inniu a chleacht an Cumann: Albert ina shuí ar a stól ard, a dhúidín ina bhéal agus a leithchinn Paddys nó Powers ina dhorn, é ag inse scéil a bhí inste aige míle uair roimhe sin ach níor thuirigh duine ar bith de nó ní raibh a gcluasa bodhraithe aige in am ar bith ar an ábhar gur raconteur den chéad scoth a bhí in Albert.

D’insíodh sé scéal beag go raibh sé féin agus a mhadadh a bhí ar téad aige ag siúl fá Bhóthar Bhaile Andarsan. Labhair sé leis an mhadadh ag iarraidh air luí síos. ‘Luigh,’ a deirim. ’Luigh síos bomaite.’ Bhí gasúr óg ag éisteacht leis seo uilig agus ar seisean, ‘Here, mister, does your dog speak Irish?’ Bhí Dick and Dora, Nip and Fluff againn sna leabhair léitheoireachta ar an scoil ach sa bhunrang ag Albert bhí Seán agus Nóra, Bran agus Sceolán againn. Bhí teanga na Gaeilge i dtús, i lár agus i ndeireadh shaol Albert. Bhí sé den bharúil go bhféadfadh daoine tarrtháil a thabhairt orthu féin agus iad féin a shábháil ach eolas a chur uirthi. Sna 1970idí agus sna 1980idí, thacaigh sé go gairmiúil le soláthar an oideachais Gaeilge ar Bhóthar Seoighe agus le forbairt scoileanna eile in áiteanna eile ina dhiaidh sin, ó thaobh an chóirithe agus buanstruchtúir de.

Ní raibh a dhath ab fhearr leis ná oíche fhada airneáil a chaitheamh i measc mhuintir Rann na Feirste. Níor choinnigh sé seo aige féin, mar sin féin. Chuir sé daoine breátha in aithne dúinne, an mhuintir óga, mar a deireadh sé. Labhair muid le Seán Bán, le John Ghráinne agus le Neidí Frainc, le Hughie Phadaí Hiúdaí, le Frainc Sheáin agus le Sarah Sheáin, le Mary agus Fanny Dónaí, le Mary Rua agus le Bella Dhonnchaidh Frainc Bhig. Go ndéana Dia a mhaith orthu uilig. Chuireadh siad ceist, ‘Nárbh fhearr leis na daoine óga sin dul síos go Gaoth Dobhair chuig an dioscó?’ Bheireadh sé féin freagar ar an cheist ar ár son. ‘Ó, a Mhary, an ag magadh atá tú? Níorbh fhearr. B’fhearr i bhfad leo suí anseo a éisteacht leatsa.’

Is i gcuideachta Albert a chuir mise aithne ar Dhonnchadh Eddie agus ar Stephen Anne fosta. Chuaigh Albert ina measc agus d’fhoghlaim sé na seanamhráin agus na hamhráin a chum Clann Fheidhlimidh Dhónaill Phroinsiais Mhic Grianna. Dúirt sé na hamhráin ar na cláir theilifíse a láithrigh sé ar RTÉ, ‘Isteach Leat’ agus ‘Meitheal’. D’eisigh Gael Linn fadcheirníní agus dlúthdhioscaí agus bhunaigh sé a chomhlucht féin Torcheirnín, agus thaifead leithéidí an fhadcheirnín Thiar i dTír Chonaill. D’admhódh amhránaithe a bíos ag ceol Gaeilge inniu gur réitigh agus gur threabh Albert an bealach daofa, go dtug sé misneach agus uchtach daofa le haithris a dhéanamh air féin. Chum sé amhráin fosta. Ghoill sé go mór air agus chuaigh sé fána chroí dó gurbh éigean do bhunadh na Gaeltachta imeacht leo i mbéal a gcinn go hAlbain a chuartú oibre:

Siúlaim Peebles is na Highlands.

Slingeálaim piocóid in Aberdeen.

Istigh fá na hoileáin chaith mé bliain ann,

ins na trenches le sioc is le síon

I Rosaibh Thír Chonaill a tharraing mé m’anáil

den chéad uair i dteach bheag ceann tuí.

Tá mo chroí ann, fásaidh féar ann

is scread an fhaoileáin mar cheolta sí.

Bhí teacht i láthair ann. Bhí sé in ann greim a choinneáil ar a stuaim agus ar a lucht éisteachta. Bhí cnámh droma ann. Bhí ciall mhór do ghreann aige agus déarfadh sé gur bhain sé sult as gach  bomaite dár chaith sé ag tabhairt Gaeilge do dhaoine a thagadh isteach go Cumann Chluain Ard a lorg na teanga a bhí ag a sinsir. Bhí dúil mhillteanach aige i gcaint shaibhir mhuintir na Gaeltachta. Cé nach ón chliabhán a bhí an teanga leis, shílfeá ón eolas a bhí aige ar chórsa fuaimeanna na Gaeilge go raibh sí leis as broinn. Os a choinne sin, tá rud amháin cinnte, go raibh an Ghaeilge leis ina chroí, ina anam agus ina intinn gach bomaite dá shaol go lá a bháis. 

Mar a dúirt mé, tá muid féin anseo i mBéal Feirste croíbhriste agus muid i ndiaidh Albert a fhaire agus anois réidh lena thórramh ar ball. Dhéanfainn amach go bhfuil go leor daoine fríd an tír, Gaeilgeoirí go háirid a bhfuil a gcroí trom inniu, ó pharóiste Ghaoth Dobhair, ó na Rosaibh agus ó Chloch Cheannfhaola go Cathair Dhoire ó thuaidh, ón Cheathrú Rua go hIndreabhán agus soir go Cathair na Gaillimhe, ó Rath Cairn agus ó Bhaile Ghib na Mí, an áit ar cheol Albert nuair a osclaíodh an halla pobail ann sna seachtóidí, go Cathair Bhaile Átha Cliath is go Caiseal Mumhan ‘gan de leaba fúinn ach an clár bog déil’, áit a raibh muid ar cuairt i bhfad siar ag Pádraig Ó Mathúna, seodóir, agus cara mór le hAlbert, ó Dhún Caoin go Cúil Aodha go Cathair Chorcaí, áit ar cheol an bheirt againn le chéile in oifigí Chonradh na Gaeilge, is go Rinn Ua gCuanach Phort Láirge. Tá daoine sna háiteanna sin agus in áiteanna eile buartha ina dhiaidh inniu.

Ár mbeannacht leis na seanlaetha agus leis na hoícheanta breátha ceoil a chaith muid i gcuideachta Albert. Is é Dia a sheol inár mbealach é agus go gcúití Sé a shaothar leis. Scairt Sé chuige féin é cúpla lá ó shin. Go dtuga Sé a chuid den ghlóir agus foscadh agus dídean na bhFlaitheas dó. Go ndéana Sé a mhaith air agus go dtuga sé solas na glóire dá anam uasal. Beannacht leat, a Albert, a chomrádaí, go dtí go gcasfar ar a chéile arís muid ar an tsaol úd eile.