Orgasam & orgánach…

Is maith i gcónaí sprioc a leagan amach a bheas ina spreagadh agat agus tú ag iarraidh nósanna nua a chothú don bhliain úr.

Seo roinnt smaointí do rúin na hAthbhliana agus imeachtaí ar féidir díriú orthu le linn 2016 a chuideoidh leat iad a bhaint amach!


Don té ar mhaith leo uirlis cheoil a fhoghlaim… 

Giotar

Féilte Ceoil

Ón snagcheol agus rac go trad agus ceol tíre, tá féilte go leor – féach anseo – ar siúl ar fud na hÉireann le linn na bliana a chuireann ranganna agus ceardlanna ar siúl do thosaitheoirí.

Déantar an-dul chun cinn in achar gairid agus is iontach an deis iad na hócáidí seo chun saol sóisialta a chothú thart ar an cheol.

Idir an dá linn, aimsigh ceoltóir atá sásta uair an chloig sa tseachtain a chaitheamh leat nó d’fhéadfá teacht ar ranganna ceoil ar líne, mar atá á chur ar fáil ag OAIM sa cheol traidisiúnta.


Don te ar mhaith leo páirt a ghlacadh i bhfleá chraois is chraicinn…

Orgy

Burning Man / Nevada, SAM, 28 Lúnasa- 5 Meán Fómhair

Más maith leat eispéireas éagsúil, agus gnéasach, a bheith agat i mbliana is cinnte go mbuailfidh tú le daoine atá ar aon intinn leat ag Burning Man, féile bhliantúil i Nevada SAM.

Is ann a fhaightear ceardlanna dírithe ar na béasa sóisialta a bhaineann le fleá chraois is chraicinn agus puball ar fáil ar féidir leat triail a bhaint as le daoine toilteanacha.

Léigh faoi phrionsabail Burning Man, as Gaeilge, anseo.


Don te ar mhaith leo turas rothaíochta a dhéanamh…

Sli

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Pioc giota de Shlí an Atlantaigh Fhiáin ar mhian leat a thriall agus cuir roinnt laethanta ar leataobh le linn na Cásca nó an tsamhraidh ionas gur féidir leat tabhairt faoi.

Ó Chorcaigh go Ciarraí, Gaillimh go hAcaill nó Sligeach go Dún na nGall, beidh turas rothair ina spreagadh maith duit dul amach go rialta ar an rothar idir an dá linn.

Chuir muid agallamh ar rothaí nóibhíseach a rinne cuid mhaith den bhealach ó Chiarraí go Dún na nGall an samhradh seo caite agus thug sé roinnt moltaí dúinn.


Don te ar mhian leo bia orgánach a ithe…

gairdin

Glasraí glasa na hÉireann

Is fiú súil a choinneáil ar na glasraí a bhíonn ag fás in Éirinn ag amanna áirithe den bhliain ionas gur féidir oideas a dhéanamh bunaithe ar na glasraí séasúracha sin.

Tá liosta mór fada de ghlasraí atá ag fás le linn na bliana ar fáil ón suíomh Best in Season agus má tá sé ar intinn agat díriú ar ghlasraí nó luibheanna úra a fhás tú féin i mbliana, tá achan treoir ar fáil ó Gro mór.


Don te ar mhaith leo ióga a chleachtadh…

Yoga
Saoire Ióga Gaelach

Is iomaí buntáiste a bhaineann le hióga don tsláinte.

Más 2016 an bhliain a chuirfidh tú tús le ré nua folláin, b’fhiú áit a chur in áirithe ar shaoire ióga na Cásca atá á reáchtáil ag Óga Yoga i gCo. an Chláir.

Lig do scíth ar feadh 3 oíche le ióga, surfáil, bia blasta, radhairc áille agus comhluadar den scoth.

Tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE