Beidh rang ealaíne á thabhairt ag an dearthóir Póilín Nic Géidigh, as Cloch Chionnaola i nGaeltacht Thír Chonaill, ar Instagram NÓS an tseachtain seo chugainn.
Cé go bhfuil cuid mhór againn ag obair ón mbaile, nó ag obair in earnálacha riachtanacha ar nós na n-ollmhargaí agus na n-ospidéal, tá chuile dhuine againn faoi shrianta dianghlasála le cúpla seachtain anuas agus ag lorg bealaí leis an am breise atá againn a mheilt.
Beidh Póilín linn ar an Máirt ag am lóin as seo go ceann cúpla seachtain le ceachtanna beaga ealaíne a dhéanamh linn. Sa gcéad sraith seo de ‘Péinteáil le Póilín’, beidh ainmhithe mara á dtarraingt ag Póilín. Is ag tarraingt le pinn luaithe a bheidh sí don chéad rang an tseachtain seo chugainn, ach is fiú péinteanna uiscedhatha a aimsiú do na seachtainí amach romhainn más maith leat leanacht ar aghaidh leis na ranganna.
“D’fhás mé féin aníos cois farraige, agus tá go leor ainmhithe mara ann gur féidir leaganacha stílithe daofa a tharraingt. Beidh deis ag daoine na treoracha a úsáid le pictúir bheaga shiamsúla a tharraingt agus is seo rang gur féidir le duine ar bith a leanstan, a dúirt Póilín.
Bí linn Dé Máirt @ 13.00 ar leathanach Instagram NÓS.