Pop Up Gaeltacht agus ceithre imeacht eile

Someone Who’ll Watch Over Me, camchuairt náisiúnta timpeall na tíre 22 Feabhra – 29 Márta ’18

Tá an compántas drámaíochta Decadent ar camchuairt faoi láthair le saothar an scríbhneora Frank McGuinness. Ba é scéal Brian Keenan, a fuadaíodh sa Liobáin sna 1980idí, a spreag McGuinness chun dul i mbun pinn agus Someone Who’ll Watch Over Me, a chumadh. Insítear scéal triúr fear atá faoi choinneáil i gcoinne a dtola i بيروت (Beirut) sa saothar seo, a leagann béim ar an gcumhacht atá ag spiorad agus samhlaíocht an duine. Diarmuid de Faoite, Dara Devaney agus Simon Coury atá i bpáirteanna an triúir agus beidh deis agaibh iad a fheiscint i gcathracha agus bailte na tíre seo, as seo go deireadh na míosa seo chugainn. Go n-éirí go geal leo.

Siamsa Tíre, Trá Lí 22–24 Feabhra

Draíocht Arts Centre, BÁC 27–28 Feabhra

Pavilion Theatre, Dún Laoghaire 1–3 Márta

Civic Theatre, Tamhlacht 6–8 Márta

Watergate Theatre, Cill Channaigh 9–10 Márta

Garter Lane AC, Port Láirge 14–15 Márta

Mermaid Arts Centre, Bré 16–17 Márta

 Backstage Theatre, an Longfort 20 Márta

Hawks Well Theatre, Sligeach 21–22 Márta

 Ballina Arts Centre, Maigh Eo 23–24 Márta

 Solstice Arts Centre, an Uaimh 26 Márta

 Riverbank, an Droichead Nua 27–28 Márta

Iontas Arts Centre, Baile na Lorgan 29 Márta

 

Pop Up Gaeltacht, O’Connell’s, Siúlán an Bhaitsiléara, BÁC, Déardaoin, 22 Feabhra óna 20:00;

Pop Up Gaeltacht, Dan Lowrey’s Tavern, Corcaigh 23 Feabhra óna 20:00

Táim ag súil go mór le Pop Up Gaeltacht an tráthnóna ar Shiúlán an Bhaitsiléara i mBaile Átha Cliath. Tá tamall ann ó bhíos i measc na nGael ag ócáid mhíosúil na hardchathrach. Ní hamháin go bhfuilim ag súil leis an gcomhluadar, ach le cur amach a fháil ar thábhairne nár chuala trácht air cheana, O’Connell’s Bar, ionad na míosa seo. Beidh tús á chur leis an imeacht ag a hocht a chlog!

I gcathair na Reibiliúnach a bheidh Pop Up Gaeltacht ar siúl istoíche amárach. Is é Dan Lowrey’s Tavern atá roghnaithe mar ionad d’ócáid mhí Feabhra. Beidh Fáilte uí Cheallaigh roimh lucht labhartha na Gaeilge (cuma cén caighdeán!) óna hocht. Go mbeire siad bua!

Camchuairt Inni-K, 23 Feabhra – 23 Márta ’18, timpeall na tíre ar fad.

‘Edges’ an teideal atá ar amhrán nua an cheoltóra Inni-K, a d’eisigh sí Dé hAoine seo caite. B’fhiú é a lorg ar na meáin, tiocfaidh sibh ar fhíseán ceoil a chur Myles O’Reilly (AKA Arbutus Yarns) le chéile go speisialta dó, ag baint úsáid as stíl an rince scátha! Ní hamháin go bhfuil ceol nua eisithe aici, ach tá sí ar tí tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre chomh maith. Is i gCorcaigh a bheidh sí féin agus a banna an deireadh seachtaine beag seo, agus i gCill Channaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Béal Feirste sna seachtainí romhainn. Go deimhin, is í a bheidh mar aoi ceolmhar ag seoladh stiúideonna nua Raidió na Life an tseachtain seo chugainn chomh maith (féach thíos!). Tá seachtainí gnóthacha amach roimpi, guímid gach rath uirthi!

The Roundy, Corcaigh 23 Feabhra

Levis Corner House, Béal Átha an Dá Chab, Corcaigh 24 Feabhra

Cleere’s Theatre Bar, Cill Channaigh 2 Márta

Cobblestone, Margadh na Feirme 9 Márta

The Black Gate Cultural Centre, Gaillimh 14 Márta

Duncairn Centre, Béal Feirste 23 Márta

 

LAS ar camchuairt 

Ionad na gCuairteoirí, an Fál Charrach, Dún na nGall Dé Máirt, 27 Feabhra @ 20:00

Cultúrlann Uí Chanáin, Doire Dé Céadaoin, 28 Feabhra @ 19.00

Strule Arts Centre, Ómaigh Déardaoin, 1 Márta @ 20:00

Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé hAoine, 2 Márta @ 20:00

Beidh ceol breá an bhanna LAS le clos i nDún na nGall Dé Máirt seo chugainn nuair a thabharfaidh baill an bhanna faoi choirm in ionad na gcuairteoirí ar an bhFál Charrach (sa tSean Bheairic). Táid ar camchuairt faoi láthair agus is in Albain a bhíodar an tseachtain seo caite. Díreoidh siad ar chontaetha Uladh an tseachtain seo, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Dhoire, an Ómaigh agus Béal Feirste!

Oscailt stiúideonna nua Raidió na Life, Raidió na Life, 63–66 Sráid Amiens, Dé Céadaoin, 28 Feabhra @ 19:00

An craoltóir Cormac Ó hEadhra a osclóidh stiúideonna nua Raidió na Life go hoifigiúil Dé Céadaoin seo chugainn! Sea tá oifigí Fhoras na Gaeilge athlonnaithe go Sráid Amiens agus Raidió na Life dá bharr bogtha chomh maith. Tá cuma álainn ar na stiúideonna nua, bhí an t-ádh liom go raibh deis agam iad a fheiscint le déanaí, glac uaim é, táid snasta agus cóirithe go breá! Ní hamháin sin, ach beidh ceol ó Inni-K agus a banna ceoil le clos le linn na hócáide, mar aon le scailtín fíona agus scroid! Le bheith i láthair, ní mór nóta a sheoladh roimh dheireadh an lae amárach chuig: muiris@raidionalife.ie 

SCÉALTA EILE