Praiseach #1

Píosa siamsa le haghaidh mhaidin Dé hAoine. Inniu cuirtear tús le sraith scéalta faoi fhear ar leith a dhéanann a dhícheall…


Is mise Pádraig.

Ní raibh mo dheartháir in ann m’ainm a rá mar is ceart agus muid ag fás aníos.

“Prásaig” a deireadh sé agus ar chaoi éigin thosaigh gach duine ag cur Praiseach orm ó shin i leith.

Ní thuigim é sin mar is ainm brea simplí é Pádraig, agus an-choitianta fosta. Cibé ar bith, sin mar atá.

Ní maith liom a mhór a dhéanamh domh féin ach is cinéal de mhion-laoch rúnda mé.

Is maith liom rudaí deasa a dhéanamh do dhaoine a bhfuil cuidiú ag taisteal uathu.

Dúirt mo chomharsa béal dorais, Éamonn, liom úr amháin, “níl a fhios agam faoi do cheann a Phraiseach, ach ar a laghad tá do chroí san áit cheart.”

Níor thuig mé iomlán na habairte, ach is maith an rud gur aithin sé gur duine dea-chroíoch mé.

Chuaigh mé isteach i dteach Éamoinn uair amháin lena dhinnéar a theitheadh suas i nganfhios dó.

Thug mé faoi deara go raibh sé ag obair sa ghairdín an lá ar fad agus thuig mé go mbeadh ocras air.

Nuair a tháinig Éamonn isteach bhí sé míshásta go raibh spréachanna ag teacht ón oigheann micreathonnach.

Ní dhéanaim mórán cócaireachta agus tagann na béilte Síneacha i soithí plaisteacha.

Cad é mar a bheadh a fhios agam go gcuirfeadh giota beag paipéar lonrach isteach ar chúrsaí an oiread sin?

Rinne mé iarracht cuidiú leis cúpla uair eile ach is cosúil go bhfuil eagla air roimh ghadaithe nó rud éigin mar go gcoinníonn sé an doras faoi ghlas agus é sa ghairdín sna laethanta seo.

Tá mé ag toiseacht anois le cuntas a choinneáil de na rudaí deasa a dhéanaim do dhaoine mar go mothaím sásta agus bródúil ag smaoineamh siar ar na heachtraí siúd.

otharcharr

Ar an Chéadaoin ansin, mhothaigh mé gur chóir dom mo scileanna cócaireachta a úsáid ar mhaithe le duine eile arís.

Chonaic mé seanbhean ag streachailt lena cuid siopadóireachta ar an tsráid agus thug mé cuidiú di leis na málaí a iompair.

D’fhiafraigh mé di an raibh ocras uirthi agus dúirt sí go raibh ach go raibh sí ró-thuirseach bheith ag cócaireacht an oíche sin.

Nuair a bhain muid an teach amach d’ofráil mé di béile a shólathar agus bhí sí thar a bheith sásta leis an tairiscint.

Bhí mé cúramach an bia is fearr a fháil di agus chuir mé ceist uirthi faoin bhia is fearr léi.

Dúirt sí gur maith léi gach cinéal ach nach féidir léi cnónna a ithe.

Bhí cuma an-dáiríre uirthi faoi na cnónna agus rith smaoineamh liom agus mé ar mo bhealach chuig an bhialann Shíneach.

Os rud é nach féidir léi cnónna a ithe, mheas mé go raibh an locht ar na fiacla bréige, cheap mé go mbeadh sé ina ‘treat’ mór di cnónna a fháil i bhfoirm nach mbeadh uirthi iad a chogaint.

Tháinig mé ar ais chun an tí leis an dinnéar a chur ar phlátaí agus dúirt sí gur cócaire an-ghasta mé.

Ní raibh sí cleachtaithe le bia Síneach agus mhínigh mé di gur cheannaigh mé Sicín Satay agus miasa eile a bhí bog agus furast le hithe.

Bhí mé lán le bród nuair a d’fhág mé an teach leis an bhean a ligint an bia deas a thriail ar a suaimhneas féin.

Bhí mé cúpla sráid ón teach nuair a chuala mé bonnán otharcharr agus thionntaigh mé le seiceáil an dtiocfadh liom cuidiú a thabhairt le duine éigin eile an oíche chéanna.

Stop mé ansin ag smaoineamh go raibh go leor déanta agam ag an phointe sin agus gur chóir dom mo chuid fuinnimh a choinneáil don chéad duine eile.


Máisiúchán le hÉamon Ó hÉanachán

SCÉALTA EILE