Seo sos beag ón obair daoibh. Scéal eile faoinár gcara cumasach…
Is mise Praiseach.
Mhínigh mé cheana féin gur leasainm é, cé go bhfuil m’ainm baiste an-choitianta ar fad.
Ar chúis éigin deir daoine go bhfuil Praiseach níos oiriúnaí domh ná Pádraig.
Ní thuigim iad agus ní fear mór díospóireachta mé.
Ní éiríonn ró-mhaith liom i gcomórtais ach oiread.
Dúirt Dad uair amháin nach dtiocfadh liom bláth a bhaint gan a bheith ag bacaint le duais.
Le déanaí, áfach, chuir mé glaoch ar stáisiún raidió de thaisme agus tharla rud a bhí an-aisteach ar fad.
Chuir fear an raidió ceist orm.
“Anois, chun duais mhór na míosa a bhaint… cad é a rinneadh in Éirinn sa bhliain 1921?”
“Eh, heileo?” a dúirt mé.
“Abair leat. Cad é an freagra?” arsa an fear.
Níor chuala mé an cheist mar is ceart ag an am agus, ar eagla gur cheap an fear gur duine dá chairde a bhí ionam, thug mé m’ainm dó.
“Eh, Praiseach atá ann…”
Níl a fhios agam cad chuige ach bhris an gáire ar an DJ agus dúirt, “Praiseach?! Bhuel ní féidir liom a rá gur freagra mícheart é sin! Is leatsa an duais, a mhac!”
I ndiaidh domh labhairt leis an DJ píosa, chuala mé glór baineann ag míniú gur bhain mé rang tonnmharcaíochta ar chósta Dhún na nGall.
Bhí mé an-sásta mar nár thriail mé a leithéid ariamh i mo shaol cé gur mheas mé i gcónaí go mbeinn ar fheabhas mar gharda tarrthála.
Nuair a tháinig an lá breá samhraidh, chuaigh mé go Bun Dobhráin agus bhuail mé le hOisín – fear fionn farraigiúil a bhí chun surfadóir a dhéanamh asam.
“Oisín of the Ocean,” a dúirt mé leis agus muid ag iompar na gclár surfála síos chun na trá.
Nuair a thug mé faoi deara nár thaitin an t-ainm sin le hOisín stop mé de bheith ag gáire.
Ní raibh sé iontach cainteach agus bhí mé san uisce sula labhair sé liom arís.
“Tar ar ais anseo le do thoil,” a deir Oisín ón ghaineamh, “caithfidh tú na bunscileanna a fhoghlaim sula dtéann tú isteach.”
Thaispeáin sé an dóigh chun léim suas ar an chlár, agus nuair a d’éirigh liom féin é a dhéanamh, dúirt Oisín
“Daichead nóiméad leis sin a dhéanamh – dochreidte. Is curiarracht í sin!”
Mhothaigh mé an-bhródúil asam féin.
Ba léir gur spórt an-chasta é tonnmharcaíocht mar bhí an rang beagnach thart agus mo chuid speedos go fóill tirim.
“Anois,” a deir Oisín, “rachaidh muid isteach anois ach fán i do luí ar an chlár go dtí go n-éiríonn tú cleachtaithe leis.”
Bhí mé i mo luí ar an chlár agus Oisín ag míniú an dóigh is fearr chun snámh le luas na dtonnta.
Bhí sé ag cúl an chláir do mo chuidiú.
“Is féidir leat do lámha a bhogadh amhail is go bhfuil tú ag snámh,” arsa Oisín.
Mhothaigh mé go dona go raibh ar an fhear bocht mé a bhrú ar aghaidh agus rinne mé iarracht cur leis an luas.
Is snámhóir láidir mé agus thosaigh mé ag bogadh mo lámha agus mo chosa go gasta.
Nuair a chuala mé scairt, d’amharc mé thart ach ní raibh Oisín le feiceáil.
Ba léir gur thit sé i laige i ndiaidh dó an oiread sin fuinnimh a chur isteach.
Thóg mé ón uisce é go tapa agus níorbh fhada go raibh muid ar an ghaineamh arís.
Nuair a mhúscail Oisín, bhí sé trína chéile agus dúirt, “An bhfuil tú go hiomlán craiceáilte?!”
“Ná bí buartha a chara, bhí a fhios agam go mbeinn i mo gharda tarrthála roimh i bhfad.”
Nach méanar dó go raibh mé ann lena shábháil!
Máisiúchán le hÉamon Ó hÉanachán.