Puimcíní vs Tornapaí

Tá an tSamhain linn arís agus i gceann cúpla lá beidh daoine fud fad na hÉireann, agus ar ndóigh níos faide i gcéin, ag cur orthu na bréigéide, ag lasadh tinte cnámh agus ag imirt cluichí agus cleasanna.

Ceann de mhórchleachtais eile na féile ar ndóigh ná puimcín a fholmhú, aghaidh a ghearradh air agus coinneal a chur isteach sa lár.

Sa lá atá inniu ann is é an toradh oráisteach Meiriceánach atá go mór i dtreis ag an am seo bliana ach ní mar sin a bhí i gcónaí.

Deirtear gur sa chultúr Gaelach a thosaigh an nós lóchrainn a dhéanamh agus a iompar ag an tSamhain, chun sprideanna mailíseacha a ruaigeadh, agus ba é an tornapa ba mhó a d’úsáidtí lena aghaidh.

Tá samplaí againn fós de thornapaí na Samhna ón 19ú Céad – tá an ceann ar bharr clé le feiceáil in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar Shaol na Tuaithe i Maigh Eo – agus cuma scáfar scanrúil ar an mhórchuid acu!

Gan amhras, tá sé níos fusa puimcín a fholmhú ná tornapa cunúil crua a ghearradh amach ach is iad a bhí in úsáid anseo leis na cianta roimh theacht na bpuimcíní móra agus ba thrua é dá rachadh an nós dúchais in éag.

Lena chois sin, tá an tornapa níos inmharthana ar go leor bealaí ná an toradh Meiriceánach.

Ní hamháin go mbíonn sé níos saoire ná an puimcín ach is féidir leis fás anseo in Éirinn gan stró, fiú i mbáisteach throm, ach bíonn aimsir níos tirime de dhíth ar an phuimcín.

Pé ceann acu a roghnaíonn sibh don cheiliúradh an tSamhain seo, bígí cúramach á ghearradh agus bíodh féile dhraíochta agaibh uilig!

SCÉALTA EILE