‘Rinne an dianghlasáil indíritheach díom’

Má théann tú chuig an gcógaslann, agus iarrann ar an bpoitigéir bosca Feminax a thabhairt duit, tabharfar rabhadh dáiríre duit;

“Caithfidh tú bheith ar an airdeall faoi na piollairí seo. Tá cóidín ann agus d’fhéadfadh tú andúil a chur iontu mura mbíonn tú cúramach”.

Ní scaoilfear leat go dtí go gcuireann tú ina luí orthu go dtuigeann tú an baol a bhaineann leo agus geallann dóibh go mbeidh tú rífhaichilleach agus tú á dtogáint. 

Cá raibh comhairle dá leithéid agus mé ag dul isteach sa saol faoi ghlas? Tréimhse ina gcothóinn andúil nach raibh a leithéid braite agam riamh roimhe? 

A chairde…is mise Aedín, agus is andúileach suaimhnis mé. 

Chaith mé go leor leor ama liom féin sa chéad bhabhta dianghlasála. Bhíos san Isilitír den chuid is mó (áit a bhfuil cónaí ar mo bhuachaill), ach mar gheall go raibh seisean fós ag obair agus ní rabhas féin fostaithe ag an am, chaith mé mórchuid na laethanta liom féin. Níor chuir sé seo isteach ná amach orm agus chaith mé uaireanta fada an chloig amuigh faoin aer gan de chuideachta agam ach carachtair Maeve Binchy — ar chur mé aithne rímhaith orthu i gcaitheamh na seachtainí.

Ba mhór an faoiseamh dom na seachtainí suaimhneacha sin, tar éis cúpla mí strusmhar a bheith agam roimh theacht COVID. Shíl mé go mbainfinn sásamh as na laethanta ciúine seo liom féin ach tar éis tamaill, thiocfainn ar ais chugam féin agus bheadh fonn comhluadair agus cabaireachta arís orm. 

Tharla sé seo go pointe, agus nuair a fuair muid sos comhraic ón gCogagh COVID i rith an tsamhraidh, bhí babhtaí beaga meidhre agam arís i dteannta cairde agus clainne. 

Dar ndóigh, ní raibh iontu siúd ach blaiseadh den normáltacht a bhí againn roimh theacht an ghalair agus mar sin bhí na babhtaí meidhre fite fuaite le tréimhsí fada ciúine fós, gan mórán teagmhála le daoine. 

Faoin am a tháinig Dianghlasáil a Dó, bhí mé tar éis máistreacht a thosú ar líne. Mar chuid de seo, bhí orm go leor ama a chaitheamh liom féin arís, i mbun léitheoireachta agus staidéir. Chaith mé tréimhsí fada i m’aonar i seanseomra leapa mo dheirféar, sáite sna leabhair agus mé go hiomlán ar mo chompord i mo chomhluadar féin. 

Ba chúis iontais dom, nár tháinig uaigneas orm sna tréimhsí seo agus go ndeachaigh mé i dtaithí ar an gciúnas agus ar an aonaracht chomh sciobtha sin.

Sin an áit a bhfuil an chontúirt, agus an rabhadh nár tugadh domsa, tabharfaidh mé daoibh; 

Dá mhéad suaimhnis a gheobhaidh tú, is ea is mó a shantóidh tú.

Ní dóigh liom go dtabharfainn ‘indíritheach’ orm féin. Ba dhuine meanmnach a bhí ionam riamh agus thaitin comhluadar agus cabaireacht go mór liom. 

Taitníonn siad liom fós, ach i mbabhtaí níos giorra, agus bíonn géarghá le ham a chaitheamh liom féin ina ndiaidh, chun osna faoisimh a ligean agus chun ciúnas a bhrath i mo thimpeall. 

Mura bhfaighim an t-am seo le mo shuaimhneas a dhéanamh, tagann sórt fainice orm; imní i mo chliabh agus fonn láidir éalaithe ó chibé áit ina bhfuilim. 

Déanta na fírinne, cuireann sé brón orm go pointe, go bhfuil an t-athrú seo tagtha orm agus is minic a fhiafraím díom féin, an dtarlódh an t-athrú seo murach COVID? 

D’fhéadfadh nach bhfuil ann ach próiseas nádúrtha, a thagann le héirí in aois. Sin ráite, dhéanfadh iarmhúinteoir ar bith a bhí agam gáire croíúil, dá gcloisfidís ó bhéal Aedín Uí Thiarnaigh (a raibh clú uirthi mar rógaire agus í ina cailín óg) nach raibh sa saol uaithi anois ach síocháin agus suaimhneas. 

I ndeireadh na dála, fágfaidh an galar seo a rian orainn uilig. 

Rinne sé indíritheach díom, agus cé gur athrú é seo nach raibh mé ag súil leis, tuigim nach olc an rud é, ach go háirithe i gcomparáid le mífheidhmiú scamhóg, traochadh nó na nithe gránna eile a thugann COVID léi. 

Tá an t-ádh liom i ndáiríre, agus de réir mar a chuaigh mé i dtaithí ar an gciúnas, rachaidh mé i dtaithí ar an indíritheacht. 

SCÉALTA EILE