Bhain mé an ciarsúr de mo pholláire clé go faichilleach agus d’fhéach le huafás ar an tsreang fhada d’fhuil théachta a tháinig leis. Thosaigh sruth trom d’fhuil úr ag sileadh amach ar an gcosán agus ar mo bhróga lom láithreach. Fffffooooc!
16 bliain d’aois a bhí mé, ag siúl abhaile ón meánscoil le cara liom. Ní rabhamar leath bealaigh fiú agus bhí deireadh ag teacht leis na ciarsúir.
Bhí mé i gcruachás.
Rith sé liom go raibh clinic dochtúra cúpla nóiméad ar shiúl uainn. Shac mé an ciarsúr deireanach i mo shrón, d’ardaigh mo mhála scoile ón talamh, agus thosaigh ag siúl go cróga i dtreo an chlinic. Nuair a thángamar chomh fada leis, áfach, bhuail taom náire mé. Clinic deas príobháideach a bhí ann. Níor theastaigh uaim réabadh isteach sa mhullach orthu gan choinne agus, níos measa fós, gan choinne. Agus an mbeadh costas i gceist? Ní raibh airgead agam.
Rinneadh stacán dom ar an taobh eile den bhóthar. D’fhéach mé trasna – an clinic ar chlé, teach tábhairne ar dheis.
Duine ciallmhar mé ar an iomlán, a léitheoir, ach seans gur theip ar m’inchinn an lá sin mar bhí mé tar éis cuid mhaith de m’fhuil a shileadh amach ar chosáin Ghlas Naíon sna 15 nóiméad roimhe sin.
Réabamar isteach sa teach tábhairne agus tríd an mbeár go dtí na leithris. Is dócha gur spalp mé focal nó dhó amach ar an mbealach, mar is cuimhin liom gur shín fear an bheáir a mhéar amach chun muid a threorú, cuma an mhearbhaill ar a aghaidh agus ar aghaidh an tseanfhir a bhí ina shuí ar stól ard ag an mbeár.
Sin iad leaideanna óga agat. Troid ba chúis leis, is dócha.
Ach níorbh ea, a léitheoir. Níorbh ann ach go mbíodh dúil ag na fuileadáin i mo pholláire clé na geataí tuile a oscailt anois is arís – gan rabhadh, gan réamhfhógra.
D’éirigh liom siúl abhaile ón teach tábhairne an lá sin, dorn mór páipéar leithris i mo lámh agam, ach níorbh í sin an eachtra dheireanach a bhí agam le mo shrón, ná baol air.
Cúpla mí ina dhiaidh sin bhí mé ar mhalartú teanga in Wiesbaden na Gearmáine, áit a raibh mé ag fanacht le teaghlach óstach.
Go déanach oíche amháin agus mé ag scuabadh m’fhiacla roimh dhul a luí dom, thosaigh mo pholláire clé ag cur fola arís. Mama, Kevin hat Nasenbluten!
D’fháisc mé caol mo shróine le lámh amháin agus thug iarraidh chiotach ar an rolla leithris leis an lámh eile. Chuaigh mé ar mo ghlúine chun paidir a rá os cionn an bhabhla leithris. Tháinig bean an tí isteach, adhairtín fuar agus tuáille gréithe aici le cur ar chúl mo mhuiníl.
Bhí mé ag paidreoireacht ar feadh i bhfad. Chuala mé bean an tí ag ceistiú a mic ag ceann an staighre:
Habt ihr heute Abend was getrunken? – Nee.
Tar éis uair an chloig nó mar sin, mhoilligh an sruth fola go dtí nach raibh ann ach cúpla braon anois is arís… ansin dada. Faoiseamh. D’fhéach mé orm féin sa scáthán. Bhí dath an bháis orm, ach ar a laghad bhí an eachtra thart.
A luaithe is a leag mé mo cheann ar an bpiliúr thosaigh an sruth arís. Amach linn sa dorchadas go dtí an carr. Thug bean an tí an tuáille gréithe arís dom ach d’iarr orm é a choimeád le m’aghaidh an uair seo.
Má bhí oíche mhíshuaimhneach againne, bhí oíche níos measa fós ag ainmhí beag éigin a bhí ag dul trasna an bhóthair sa dorchadas nuair a bhuaileamar leis an gcarr é, an créatúr bocht.
Comhartha bóthair le Krankenhaus scríofa air. Tréimhse feithimh deich soicind. An dochtúir neamhbhalbh ag féachaint suas mo pholláire.
Oh yeah, that wouldn’t have stopped on its own.
D’úsáid an dochtúir gléas leictreach éigin le mo pholláire a loscadh (pianmhar). Ina dhiaidh sin, shac sé cadás ann agus ghreamaigh tiúb leis go bhféadfainn anáil tríd. Beidh orm é sin a chaitheamh ar feadh seachtaine agus an aclaíocht a sheachaint, a dúirt sé.
D’inis mo pháirtí malairte dom níos déanaí gur thosaigh mé ag srannadh istoíche de bharr an stuif ar fad i mo shrón, agus gur chuir an fhuaim spásárthach eachtráin i gcuimhne dó.
Ní raibh ach cúpla lá fágtha agam sa Ghearmáin ag an bpointe sin agus chaith mé cuid mhaith díobh i seomra codlata mo pháirtí malairte, ag léamh agus ag déanamh sudoku fad is a bhí na daltaí eile amuigh ar thurais, ag freastal ar pháirc dhreapadóireachta agus ag déanamh rudaí spraíúla eile.
Sheol mo mháthair crobhaing bláthanna chuig na tuismitheoirí chun buíochas a ghabháil leo as mé a thabhairt chuig an ospidéal i lár na hoíche. Agus thug na tuismitheoirí céanna mé chuig dochtúir ENT cúpla lá ina dhiaidh sin chun an stuif ar fad a bhí i mo shrón a bhaint.
Nuair a d’fhill mé abhaile bhí mo mháthair dóchasach.
Rinne siad an gnáthamh céanna ar mo chara Nóra fadó agus ní raibh fuil sróine léi ó shin.
Ach ní raibh mé ábalta dearmad a dhéanamh ar an méid a dúirt an dochtúir, agus chuir na focail sin mion-imní orm ar feadh na mblianta. Cá bhfios nach dtarlóidh eachtra den chineál céanna arís dom? Agus mura mbeadh carr ar fáil chun mé a thabhairt chuig an ospidéal…
Bhínn ag smaoineamh faoi agus mé ar an ollscoil fiú. Ar cheart dom suíochán a fháil ar chúl na léachtlainne nó ag deireadh sraithe, ar eagla na heagla? Dá suífinn sa lár, an mbeinn in ann éalú in am an ghátair gan seó bóthair a dhéanamh díom féin?
D’fhás tuiscint agus meas nua ionam do mhná a bhíonn ag plé leis an bhfuil mhíosta. Ní haon dóithín í an fhuil mar chúram.
Is fada an lá anois ó réab mé isteach sa teach tábhairne agus ó loisc an dochtúir mo pholláire. Bíonn fuil sróine liom anois is arís go fóill – nuair a bhíonn aer tirim san árasán nó nuair a bhíonn ailléirgí ag cur orm – ach buíochas le Dia ní mhaireann sí ach cúig nóiméad ar a mhéad na laethanta seo.
Everything in moderation, a deir mo mháthair.