Bhí bean ag caint ar an raidió inné faoi Instagram, agus í ag rá go bhfuil siad ag dul an rud nua seo a thriail nach mbeidh líon na like-anna ar phostálacha le feiceáil ag duine ar bith seachas an postálaí féin. Mar sin, má chuirim grianghraf ar Insta, ní bheidh a fhios ag duine ar bith seachas mé féin má tá beirt i ndiaidh like a thabhairt dó nó beirt agus dhá mhíle.
Tá Instagram ag dúil go gcuideoidh seo le daoine nach bhfuil an tsláinte mheabhrach go maith acu, a bhíonn ag brath ar like-anna dá bhféinmhuinín.
Cruthaíodh leithéidí Instagram, Twitter, agus Snapchat nuair a bhí mé féin ar scoil agus is fíor gur mhothaigh tú go raibh tú ag cailleadh na craice mura raibh cuntas agat. Sílim gur éirigh mise mé féin paranóideach faoi na rudaí a raibh mé ag postáil nuair a tháinig an comhrá grúpa ar WhatsApp agus, go tobann, ní raibh ar ghrúpaí cairde a bheith in aon seomrá amháin le bheith do do cháineadh.
Mar sin, agus mar gheall go gcreidim nach maith le daoine mé, bím ag cuntas na like-anna agus is cinnte go n-ardaítear mo mheanma nuair a fhaigheann postáil de mo chuid lear mór like-anna, cé gur fuath liom sin a admháil.
Ní hamháin sin, ach bím ag scrolláil ar líne nuair ba cheart dom a bheith ag tabhairt faoi rudaí eile. Chaith mé leathuair an chloig ag dul fríd Twitter sular thosaigh mé á scríobh seo agus ansin chaith mé leathuair uair an chloig eile ar Instagram i ndiaidh dom trí fhocal a scríobh.
Samhlaigh na rudaí a bheadh déanta agat sa saol murar chaith tú na huaireanta an chloig sin ar do ghuthán!
Nó an é go n-aimseofá rud eile le déanamh le do chuid ama a chur amú?
Aithním ionam féin go gcaithim níos mó ama ar líne agus go bpostálaim níos lú rudaí nuair nach bhfuil mé ag mothú iontach fúm féin, agus sílim go bhfuil sé furasta titim isteach sa pholl dorcha sin agus do shaol a chur i gcomparáid leis an saol atá ag daoine eile i ngan a fhios duit féin. Tá mé ag iarraidh sos a ghlacadh ó na meáin shóisialta le blianta anuas, ach bíonn leithscéal agam i gcónaí.
Is cailín mór anois mé a bhfuil an ollscoil críochnaithe agam (omg), mar sin seans go n-éireoidh liom an iarraidh seo. Beidh le feiceáil is dócha!