Saol an mhadra veain
& cúrsaí tithíochta in Éirinn

Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar i gcaitheamh na seachtaine seo caite go mbeifí ag leanúint de phleananna ó thaobh aonad “cómhaireachtála” a thógaint i nDún Laoghaire. Os cionn deich míle ag brath ar lóistín éigeandála i láthair na huaire.

Is ea, tá drochtheist ar chúrsaí tithíochta na tíre seo go hidirnáisiúnta anois. Tá deartháir agam féin a bhfuil beirt óg aige agus ag a bhean, agus a raibh tigh deas ar cíos acu ó rugadh dóibh clann. Iad ina mbaill dhílse ghníomhacha dá bpobal, agus an saol á chaitheamh ar a sáimhín só acu. An chéad rud eile, fonn ar an tiarna talún a dtigh a dhíol, agus trí mhí réamhfholáirimh faighte acu le lóistín nua a aimsiú dóibh féin agus dá muirear. Sin é an baol a bhaineann le tigh a fháil ar cíos. Agus ní fiú do mhóramh ollmhór na ndaoine a bheith ag caint ar mhorgáiste a fháil a thuilleadh.

Gach seans gur soiléire fairsinge na faidhbe Éireannaí seo don té a chaith seal ar an gcoigríoch.

D’fhágas-sa árasán breá in Montréal i mí Mheán Fómhair na bliana 2014, cuirim i gcás, agus thána abhaile chun cónaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Ba é lóistín an gad ba ghaire don scornach, agus bheartaíos ar sciuird a thabhairt mórthimpeall na leithinse á chuardach.

Níorbh fhada go bhfaca sa bhóthar romham fógra go raibh áit le ligint amach ar cíos, agus uimhir teagmhála féna bhun – is annamh an duine anois sa dúthaigh a bheadh sásta gan a thigh a chur i dtreo Airbnb. Do ghlaos ar an uimhir ach go háirithe, agus is as Gaelainn dar ndóigh a labhras. An freagra a fuaireas ón duine a bheadh mar thiarna talún ina dhiaidh sin agam: “I’m sorry, I can’t speak Irish right now, I’m in Dingle”. Ceacht álainn ar rialacha códmheasctha Dhaingean Uí Chúis, chomh maith le bheith ina eiseamláir den rud ar a dtugtar “non sequitur” sa Laidin – dhá ráiteas taobh lena chéile nach cosúil aon cheangal loighciúil a bheith eatarthu.

Pé scéal é, thógas an áit ar cíos, agus ba bhreá mar lóistín é nó gur tháinig fuacht an gheimhridh. Bhínn leata ó lá go lá ar bhealach ná raibh riamh i gceist agus cónaí in Montréal an tseaca is an tsneachta orm.

Idir ghual, mhóin agus adhmad, bhíodh béilteach thine lasta de shíor agam, agus sciar maith de m’ioncam suarach á dhó leis ag costaisí breosla, gan puinn téamh ar an tigh á dhéanamh. Tháinig oíche an-olc i mí na Nollag ansan, agus dála mórán de sheana-thithe na tuaithe, bhí an tigh seo chomh tais gur mheasas gur cluthaire a bheinn dá mba sa mhótar a chodlóinn. Dheineas amhlaidh, agus is ea, is fearr a chodlaíos dá thairbhe. Sin é a spreag an cinneadh mór saoil ar a mbeidh cur síos san alt seo uaim: tigh soghluaiste a cheannach, agus cónaí a dhéanamh ann. B’in an réiteach sealadach a fuaireas ar m’fhadhb thithíochta pearsanta féin.

Bíonn idir veaineanna campála agus charbháin athláimhe le ceannach go rialta ar shuíomh adverts.ie nó donedeal.ie, ach le bheith neamhspleách i gceart, is gá painéil ghréine a shuiteáil ar dhíon d’fheithicle – foinse shimplí inathnuaite leictreachais é an painéal gréine a luchtóidh do ghuthán agus do ríomhaire, a lasfaidh soilse, a phumpálfaidh uisce, agus a rithfidh aimplitheoir giotáir duit má tá a leithéid agat. An t-olldord is mó a bhíonn á sheimint agam féin!

Is gá a bheith éifeachtach fén úsáid a bhaintear as uisce, d’fhonn gan a bheith ag líonadh suas ag stáisiúin pheitril gach re lá. Laghdóidh sé seo do lorg carbóin gan dabht. Is teo i bhfad é an carbhán ná tithe na hÉireann ach an téitheoir gáis a chur tamall ar siúl. Is ar ghás, leis, de ghnáth a ritear na cuisneoirí sna tiginí siúil, agus is beag mar chuisneoirí iad, rud a laghdóidh go mór, b’fhéidir, méid na feola is féidir leat a stóráil (agus a ithe dá réir sin).

Deirtear gur gá dúinn uile laghdú 90% a dhéanamh ar mhéid na feola a ithimid má táimid le dul i ngleic leis an athrú aeráide, mar sin, tá an ghné seo de shaol an charbháin le moladh.

Cá lonnóidh tú do thigín siúil?

Bainimse leas as aip dar teideal park4night le teacht ar ionad. Aip é seo ina mbíonn fáil ar idir thuairiscí agus íomhánna d’áiteanna éagsúla ar fud na cruinne inar féidir tigh soghluaiste a pháirceáil – in Éirinn, sa tSualainn, ar Oileán Mhanann, nó pé áit. As Gaeilge dar ndóigh a scríobhaimse féin na tuairiscí ar na háiteanna ina bhfanaim!

Fén dtráth a mbeidh rogha déanta agat, ní bheidh agat le déanamh ach cliceáil ar chnaipe, agus tabharfaidh do rogha seirbhíse GPS ann tú. Waze a bhíonn agam féin – i measc na mbuntáistí éagsúla a bhaineann leis an gceann sin tá go dtugann sé le fios veaineanna luais a bheith ar an mbóthar romhat, ach ní móide go mbeidh na teorannacha luais á sárú ag an té a thiomáinfidh carbhán ar aon nós!

Dar ndóigh, ní réiteach inbhuanaithe é seo ach sop in áit na scuaibe, agus b’fhearr i bhfad go mbeadh cúrsaí tithíochta ar fónamh sa tír. Baineann stiogmatú le saol an charbháin de bharr an drochmheasa fhorleathain ar an lucht siúil atá fós bisiúil más aon fhianaise é an tacaíocht a tugadh do Peter Casey an chiníochais i dtoghchán na huachtaránachta. Cá bhfios ach go luíonn an stiogma céanna i gcroí dornán de léitheoirí an ailt seo.

Táimse ag baint taitnimh as saol an fhámaire idir an dá linn ar aon chuma – tá cúinní d’Éirinn agus den Eoraip feicthe agam ná chífinn go deo marach an saol seo atá agam, agus bíonn sé ana-dheas mo thigín féin a bheith ar fáil dom i rith fhéilte ceoil an tsamhraidh. Chífidh mé cuid de léitheoirí NÓS ag láthair champála Ghaeilge Electric Picnic!