Tá an chéad bhliain sa choláiste críochnaithe agam. Faoi thrí. Dhá chúrsa, agus bliain ar cheann acu déanta faoi dhó. Tá rud nó dhó foghlamtha agam, mar sin, faoi bheith ag tosú ar an oideachas tríú-leibhéal, faoi na dúshláin, agus faoin athrú cultúrtha a bhíonn ann i gcomparáid leis an meánscoil. Agus na coláistí ar fad ag tosú arís go luath, tá nodanna agam leis an mbliain a chur ina ceart agus tús maith a bheith agat.
Teagmháil leis na léachtóirí
Rud tábhachtach anseo. Breac síos ainm, sonraí teagmhála, agus uaireanta san oifig do chuile theagascóir a bheidh agat ar do chéad lá. Tá seans an-mhaith ann go mbeidh ort labhairt leo i gceann cúpla seachtain agus ní thaispeánann gach léachtóir na sonraí seo níos mó ná uair amháin. Sábhálfar neart ama ag cuardach nuair a bhíonn tú faoi bhrú le measúnuithe
Freastal ar imeachtaí
Ar mo chéad iarracht sa chéad bhliain (nó Babhta a hAon, mar a thugaim air), bhí seachtar eile ó mo bhliain scoile ar an gcúrsa liom. Go pearsanta, an cinneadh ab fhearr a rinne mé ná freastal ar Oireachtas na Samhna leis an gCumann Gaelach, in ainneoin nach raibh spéis ag duine ar bith ón scoil (cé go ndearna mé iarracht iad a mhealladh). Bhuail mé le daoine nua, agus cairde atá agam go fóill cé gur chríochnaigh siad leis an ollscoil cúpla bliain ó shin. Má ta club, nó cumann a bhfuil spéis agat ann, freastal ar na himeachtaí a bhíonn acu, beidh spéis acu ionat mar dhuine nua agus ní chreidfeá an cairdeas a bhíonn ann.
Leag síos an cupán
Mura bhfuil tú ag ól caife ag an stad seo, ná tosaigh. Chonaic daoine ina n-andúiligh ar an deoch the dhubh seo faoin am a bhí bréagscrúduithe na hArdteiste ag tarlú, agus iad ag streachailt sa choláiste gan cupán de go rialta i rith an lae. Ná tosaigh leis anois.
Cuir aithne ar an Aontas
Tá Aontas na Mac Léinn ag gach ollscoil sa tír, agus tá siadsan ann le cuidiú leatsa. Má bhíonn ceist ar bith agat, cuir orthu é. Gach seans go mbeidh sí cloiste acu cheana féin, agus mura mbíonn freagra acu, beidh a fhios acu cinnte cé a bheidh ábalta cabhrú leat.
Caitheamh cliobóg
Is cinnte go bfhuil tú ag iarraidh cairdeas a chothú ar do chúrsa, ach i ndáiríre níl aithne cheart ag duine ar bith ar a chéile i dtosach, agus ar feadh cúpla seachtain. Déan iarracht suí le daoine nua difriúla i ranganna éagsúla sa chéad chúpla seachtain, cuirfidh tú aithne ar neart daoine. Ar nós speed-dating, ach le cairdeas.
Bia
Má bhíonn tú ag cónaí as baile den chéad uair, bíonn sé deacair a bheith freagrach as gnáthchúrsaí an tsaoil anuas ar an staidéar. Is í an chócaireacht an dualgas is deacra do mhórán. Modh a d’fhoghlaim mé ná béilí móra a ullmhú, agus a leath a choinneáil sa chuisneoir a bheidh mar lón nó dinnéar an lá dár gcionn. An t-ualach roinnte ina leath.