Seachain an ghealach lán!

Chaith mé tréimhse i mo chónaí i gcathair na Gaillimhe cúpla bliain ó shin. Ceann de na rudaí ba spéisiúla a tharla dom agus mé ann ná comhrá cinniúnach a bhí agam le fear tacsaí. Is ag filleadh ó aerfort Bhaile Átha Cliath a bhíos, seachas tar éis a bheith amuigh ar an drabhlásBhí sé déanach go maith ar leaindeáil i nGaillimh dom agus mar sin bheartaíos ar thacsaí a fháil abhaile ón stáisiún bus. I dtosach, ní raibh ann ach an gnáthghiob geab idir mé féin agus an tiománaí;

“Ar do chuid laethanta saoire a bhí tú?”

“Bhí, ar ais ag reality anois áfach agus ag báisteach na Gaillimhe!”

agus araile agus araile.

D’fhiafraigh mé de an raibh sé ag súil le gnó maith ag an deireadh seachtaine, a bhí ag druidim linn.

“Is cuma liom,” ar sé go diongbháilte, “ní bheidh mise ag obair”.

“Ó?” arsa mise, “an mbeidh tú féin ag dul ar saoire?”.

“Ní bheidh! Beidh mé suite sa bhaile ar an tolg os comhair na teilifíse. Ní fhéadfadh tú mé a íoc anois le dul amach oíche lánghealaí. Ní fiú an trioblóid.”

Ba mise a bhí fiosrach! Bhí an tiománaí bocht ansin céasta ag mo chuid ceisteanna an bóthar ar fad siar go Cnoc na Cathrach. “Cén sórt rudaí a tharlaíonn? Agus bíonn sé mar sin gach aon mhí? Agus…agus…agus…”

B’iontach an oscailt súl í.

Is rud é a bhí tugtha faoi deara agam go pearsanta, go raibh tionchar aisteach ag an ngealach lán orm, ar mo staid mhothúchánach agus ar mo chuid codlata, ach ní mórán daoine a chuirfidh muinín ina leithéid d’fhianaise. Mar sin le blianta beaga anuas, bheadh mo chuid cluasa ar bior i gcónaí nuair a chloisinn caint ar an ngealach lán, le go mbaileoinn tuilleadh eolais a neartódh mo chás agus a dhearbhódh an tionchar a mbíonn ag an ghealach orainn.

Dar ndóigh ní haon teoiric nua é seo, tá sé chomh sean leis an gceo. Síolraíonn an focal lunatic ón Laidin, luna a chiallaíonn gealach. Tá sé againne sa Ghaeilge fiú sa nath imithe le gealaigh, a chiallaíonn duine atá ar mire, nó imithe le báiní. Síolraíonn sé ón gcoincheap céanna.

Má chuardaíonn tú an cheist ar líne, tiocfaidh tú ar an iliomad alt a gcíortar an cheist iontu, ach is cur amú ama é an tóraíocht úd. Ní thiocfaidh tú ach ar leathfhreagraí fánacha. Mar sin san alt seo ní bhacfaidh mé leis na tuairiscí úd ná le taighde eolaithe anaithnide. Ní chuirfidh mé faoin bhur mbráid ach torthaí le mo chuid fiosrúchán féin, ar fíorscéalta iad ar fad.

Ag tógáil ar chuntas an fhir tacsaí, agus ar a dtug mé faoi deara i mo cholainn féin, tharla an chéad fhionnachtain eile agus mé i mbun cainte le comhghleacaithe liom ag an obair i mbliana. N’fheadar mar a tháinig an comhrá chun cinn, is dóigh go raibh an ghealach lán í féin ag druidim linn nó rud éigin, agus mhínigh mé scéal an fhir tacsaí don chomhluadar. Bhí beirt ann nach raibh puinn measa acu ar an teoiric, ach bhí an fear eile ar mo thaobh.

“Tá col ceathrair liom ag obair mar cop i Nua Eabhrac, agus dar leis siúd níl argóint ar bith ann. Bíonn sé chomh fiáin sin go gcuireann na póilíní sa chathair fórsa dúbailte amach oícheanta lánghealaí”.

Bhí mé ar nós cait an dá eireaball. B’in fianaise chrua má bhí a leithéid ann!

Is le fíordhéanaí a tháinig mé ar an bpointe deireanach, a dhearbhaíonn dom gan dabht gur fíor teoiric thionchar na gealaí. Casadh dochtúir thar a bheith oilte orm agus de réir mar a chuir muid aithne ar a chéile luaigh sí go mbíonn sí ag obair sa Rannóg Timpistí agus Éigeandála.

“Is tú díreach an duine atá uaim!” a bhéic mé (seans mór gur scantraigh mé í le mo dhíochracht).

Mhíníos mo chás di, chuireas na scéalta a bhí cruinnithe agam faoina bráid agus d’fhiafraigh mé di faoina tuairim. Bhreathnaigh sí idir an dá shúil orm;

“Is fuath linn ar fad a bheith ag obair oíche lánghealaí. Tá sé tugtha faoi deara ag gach duine againn”.

Tús buanchairdis a bhí ann.

Mhínigh sí dom nárbh é go mbíonn lear mór daoine breise ag teacht isteach sa rannóg éigeandála, agus mar sin go mbíonn sé deacair fianaise láidir a chruinniú ar pháipéar, ach go mbíonn fuinneamh aisteach san aer agus athrú suntasach chun donais in iompar na n-othar. 

Anuas air sin dúirt sí gur aistí i bhfad na timpistí  a bhíonn ag daoine oíche lánghealaí; rudaí áiféiseacha nach dtarlódh riamh an chuid eile den mhí.

Fuair mé téacs uaithi díreach aréir le rá go raibh sí ag obair agus go raibh rírá san áit agus fuinneamh aisteach ann. Chuimhnigh sí ar ár gcomhrá ar sheiceáil féilire na gealaí di, siúráilte glan, bhí gealach lán ag druidim linn.

Sin agaibh an fhianaise a chairde. Seachain an ghealach lán!

SCÉALTA EILE