Tá sé deacair glacadh le póit tar éis oíche mhór ar an ragairne, nach bhfuil a fhios againn go maith. Tá seifteanna i mbéaloideas na cóisireachta – ‘fuisce roimh bheoir’ nó ‘ná measc deochanna crua’ – ach seo chugaibh roinnt moltaí a bhfuil bunús eolaíochta leo a chuideoidh leat an lámh in uachtar a fháil ar an phóit dhamanta!
1. Ná caith tobac
Is iomaí duine nach gcaitheann ar bhonn rialta a mbíonn deacrachtaí acu diúltú don toitín beag sóisialta anois agus arís.
Ach is meancóg í mar gur measa fós a bheas an phóit.
Creideann taighdeoirí go n-ardaíonn nicitín leibhéal na cíticiné sa chorp, próitéin a scaoileann an corp léi nuair a ghortaítear an inchinn.
Is é an toradh ná go n-éiríonn an cloigeann athlasta (inflamed) agus go mbeidh tinneas cinn millteanach agat!
2. Fan amach ó dheochanna crua dorcha
Dé réir mar a dhéantar alcól a choipeadh (ferment) cruthaítear tocsainí.
Cruthaítear i bhfad níos mó tocsainí in alcól ar dhroch-chaighdeán agus i ndeochanna crua dorcha, mar atá fuisce nó branda.
Dúradh gur measa an phóit i measc 33% de dhaoine le póit tar éis oíche a chaitheamh ag gabháil do dheochanna dorcha i gcomparáid le 3% de dhaoine a d’ól an méid céanna de dheoch geal.
3. Meascthóir le siúcra V Meascthóir gan chalraí
Is féidir le meascthóirí a bhfuil siúcra iontu a bheith ina cuidiú más mian leat fanacht amach ón bhabhla leithreas an maidin dár gcionn.
Fuarthas amach i staidéar, gur ardaíodh áireamh alcóil san fhuil 18% i measc daoine a d’ól meascthóirí gan siúcra i gcomparáid le daoine a roghnaigh meascthóirí le siúcra.
Mura bhfuil calraí go leor ar fáil is gaiste a rachaidh an t-alcól isteach sa sruth fola, rud a chiallaíonn go mothóidh tú níos ólta níos tapúla.
4. Tar ar Vitimín B
Dé réir mar a shlógann tú siar na deochanna, téann an corp ag lorg níos mó cothaitheach sa sruth fola, chun cuidiú leis an t-ae an t-alcól a mheitibiliú.
Milleann alcól an Vitimín B ar fad sa chorp mar sin ith úll nó ubh a luaithe is a mhúsclaíonn tú nó má tá tú ag lorg piollairí ar bith an lá dár gcionn, is iad na vitimíní is fearr.
5. Seachain deochanna fiosaí!
Más maith leat a bheith céim chun tosaigh ar chloigeann tinn na hiar-chóisireachta, fan amach ó dheochanna súileacha ar fad – sea, ciallaíonn sin roinnt beoracha chomh maith!
Iompraíonn an ghiosáil an t-alcól agus na tocsainí contúirteacha leo suas go huachtar na stéige bige gan bacadh leis an bholg, rud a chiallaíonn go mothóidh tú níos ólta níos gaiste agus gur féidir a bheith ag súil go mbuailfidh póit níos troime thú an lá dár gcionn.
Anois bígí ag tarraingt ar na moltaí breátha seo oíche Aoine sa Sugar Club! HUP!