Samhlaigh é. Tá mé in Aerfort Bhaile Átha Cliath, sa scuaine bordála, gan ach cúpla coisméig idir mé agus m’eitilt. D’éirigh mé ag a ceathrú th’éis a cúig ar maidin le bheith san aerfort in am, tá mo chás caite isteach sa check-in le fada agam, ach tá mála mór místuama fós ar mo dhroim agus idir é sin, an meall mór leathanach go hamscaí i mo lámh agam agus mo mhasc atá do mo phlúchadh, tá gearranáil tagtha orm.
(Cuma cé chomh luath agus éiríonn mé agus a fhágaim an teach, fágtar ag rith i dtreo an gheata bordála mé gan ach cúpla nóiméad le spárailt agam sula ndúnfar iad).
Agus mé ag iarraidh shape éicint a chur orm féin, triailim mo chuid spéacláirí a ghlanadh ar mhuinchille mo gheansaí (an masc ag plúchadh mo chuid spéacláirí freisin, ag cur scamaill orthu) – b’in botún.
Ag ceann na scuaine bhí beirt bhan: duine amháin acu ag seiceáil na bpasanna, agus an duine eile ag seiceáil teastais vacsaínithe agus an ticéad bordála. Sin iad na leathanaigh a bhí i mo láimh agam agus is iad a thit glan as mo lámh nuair a thosaigh mé ar na spéacláirí a ghlanadh.
Phioc mé suas iad go sciobtha, ar fhaitíos go scaipfidís nó go seasfadh duine orthu trí thimpiste, mo mhála droma á iompú bun os cionn thar mo chloigeann leis an bhfuadar fúm, mar bharr an donais. Buíochas le Dia nach raibh sé oscailte agus níor éirigh leis an mála é féin a fholmhú agus tuilleadh ríl a chur orm.
Ag an am céanna bhí na mná do mo ghlaoch ina dtreo.
Shiúil mé chomh fada leo, mo chuid leathanach á gcur in ord agam agus shínigh mo thicéad bordála agus mo theastas vacsaínithe chuig bean amháin acu ionas go scanálfadh sí iad. Ghlac sí leis an ticéad gan cheist, ach nuair a thaispeáin mé an teastas di níor bhreathnaigh sí air, ach dúirt “put that away now” agus bhog ar aghaidh go dtí an chéad duine eile. Bainte de mo bhuille, rinne mé mar a hiarradh orm, thaispeáin mé an pas don bhean eile agus isteach liom ar an eitleán.
Níor seiceáladh mo theastas Covid, th’éis an méid cainte a bhí air, go raibh mé ag suí chun boird i lár na cathrach i gcomhair béile an oíche sin.
Ó shin, níl oiread is bialann ná caifé amháin fós a ndeachaigh mé ann nach raibh gá dom mo theastas a thaispeáint a luaithe agus a shuigh mé síos. Mura bhfuil ann ach an buidéal uisce féin agus tú ag suí taobh amuigh, tiocfaidh freastalaí chugat á iarraidh.
Ní ag clamhsán atá mé faoi ach ag déanamh iontais. Rinne mé gáire faoi bhean an aerfoirt ach is mór an difríocht idir í agus dearcadh na Fraince. Cuma cé méid atá suite chun boird, seiceáiltear chuile theastas beo, ceann ar cheann, agus déantar taifead air.
Mar sin féin, tá Francaigh ag léirsiú i gcoinne na rialacha seo agus chomh dian is atá siad, mar sin is léir nach bhfuil chuile dhuine sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á gcur i bhfeidhm.
(Leis an fhírinne a insint, rinne mé ruainne áibhéil ansin. Dé Satharn seo caite, sa bpub Éireannach agus muid ag breathnú ar an gcluiche ceannais, níor seiceáladh chuile phas. Agus bhí seasamh thart gan mascanna i gceist. Agus ligeadh corrbhéic i dtreo na teilifíse. Ach sin é. I ndáiríre.)