Seicliosta féile ‘as an ngnáth’

Puball, mála codlata, buataisí báistí, páipéar leithris, ceirtíní linbh… tá gnáthliosta pacála na bhféilte ceoil ar eolas againn go léir faoin tráth seo.

Bean mhór na bhféilte ceoil í Ciara Ní É agus tá seicliosta pacála ‘as an ngnáth’ curtha le chéile aici a chabhróidh leis na Gaeil ag Féile na Gealaí an deireadh seachtaine seo nó ag Nósadóir ar bith a thabharfaidh aghaidh ar fhéile amach anseo sa samhradh!


1. Gealra

Fir is mná araon, is féidir le gealra cabhrú libh go mór. Ar dhúiseacht duit ar an 3ú maidin den fhéile (nó in amanna ar an dara lá fiú!), gach seans go mbeidh cuma na scríbe ort.

Ach tá réiteach ann sa ghealra.

Cuir timpeall na súl é agus clúdóidh sé málaí móra.

Cabhróidh sé le do chuid gruaige chomh maith – is cuma go bhfuil do ghruaig lán ola agus snaidhmeanna, cuir suas i dtrilseán nó cocán í agus maisigh le gealra!

Go hálainn…


2. Luchtaire iniompartha

 

Cinnte, bíonn na pubaill luchtaithe cabhrach in amanna, ach is crá croí é do chuid ama a chur amú sna scuaine fhada.

Tá dhá mholadh agam daoibh chun na scuainí a sheachaint; tabhair leat luchtaire iniompartha agus roghnaigh ‘modh eitleáin’ nuair nach bhfuil an guthán á úsáid agat.


3. Málaí plaisteacha dubha

Bíodh cúpla mála dubh agat óir is iad atá ilúsáideach!

Déanaim cinnte de go mbíonn mála dubh amháin i mo mhála agam i gcónaí, rud a chiallaíonn gur féidir liom suí ar an talamh fiú i ndiaidh báistí gan tóin fhuar fhliuch a bheith agam!

Is mór an chabhair é in Éirinn ach go háirithe brat mór uiscedhíonach a bheith agat, ar féidir a chur ar do chosa, nó a úsáid mar a bheadh cóta fearthainne ann nó mar bhraillín fiú, ar an drochsheans go stróicfear an puball ort!

Tarlaíonn na rudaí seo, a chairde!


4. Coiscíní

Má tá an seans ann (is cuma cé chomh beag) go mbeidh tú ag luí le duine agus coiscín de dhíth ort, tabhair leat bosca díobh.

(Táim ag labhairt libhse chomh maith, a mhná!)

Fiú mura mbeidh siad in úsáid agat, seans go gcabhrófá le cara leat!


5. Clár ama

Is mór is fiú amchlár éigin a chló amach sula dtugann tú aghaidh ar an fhéile, agus an t-eolas a bheith i do ghlac agat.

Déan liosta de na bannaí is tábhachtaí duitse a scríobh amach ar phíosa páipéir mura bhfuil fáil agat ar phrintéir.

Is fearr i bhfad sin ná a bheith ag útamáil thart ar do ghuthán póca don eolas céanna.


6. Uachtar gréine 

Bímis dóchasach i gcónaí…


7. Seaicéad báistí 

…ach bímis réadúil!


8. Fios do bhealaigh

Ag bogadh ar aghaidh ó rudaí ar fiú a phacáil sa mhála, seo cúpla nod daoibh a d’fhoghlaim mé thar na blianta.

Bíodh a fhios agat cá háit a bhfuil do phuball.

Titfidh an ghrian agus imeoidh an chiall leis an gcóisireacht!

Agus bain úsáid as rudaí a bheas ann nuair a fhilleann tú chun é sin a dhéanamh. Breathnaigh thart agus aimsigh crainn eagsúla, comharthaí móra nó a leithéid!

Ní leor brath ar phubaill eile, mar seans go mbogfaidh siad agus beidh fios do bhealaigh caillte agat… d’fhoghlaim mé sin go crua!


9. Éalaigh go moch 

Más féidir leat é a dhéanamh, fág roimh na sluaite.

Beidh sé pianmhar éirí ar maidin, ach beidh na sluaite i bhfad níos lú agus beidh an teach, glan, compordach bainte amach agat faoin am a mbeidh na moilleadóirí fós ag fanacht ar an mbus, nó gafa i dtranglam tráchta an bháis.


10. Tiomáin go sábháilte

Bíonn sé deas a fhágáil go luath ach mar sin féin, fan go dtí go bhfuil tú stuama ceart.

Ná déan dearmad ach oiread go bhfuil tástálacha alcóil agus drugaí le bheith ag na Gardaí i mbliana, agus go maireann rudaí áirithe i do chóras ar feadh tamaill ina dhiaidh.


Agus sin é uaimse!

An bhfuil aon leid ar leith agaibh? Bígí i dteagmháil @miseciara

SCÉALTA EILE