Óir ag caint ar Tom Crean inné sinn, agus creatlach Endurance fachta – seo chugaibh scéilín beag deas grá agus na haon phioc de, is í corplár na fírinne í, ach theastaigh ó na páirtithe leasmhara a bheith anaithnid! Aithneoidh cuid agaibh iad, mhuis.
Tá dráma ann. Tá san.
Bhí fear ann fadó, agus dála an choinín ab óige i ngarraí na heorna, bhris sé a chois. Tabharfaimid John air. Ón ardchathair ab ea John agus ní raibh aon dúil puinn aige sna leabhair nuair a bhí sé ar leathchois. Pé scéal é, chaith sé tréimhse a chaitheamh in ospidéal agus é ag teacht chuige féin, agus bhí an díomhaointeas á chiapadh.
Arsa fear eile a bhí i leaba eile sa tseomra leis, “An bhfuil aon leabhar le léamh agat?”. Níl, arsa John. Shín a chomharsa chuige leabhar faoi Tom Crean. Tásc ná tuairisc ní raibh cloiste ag John ar Tom Crean riamh roimhe seo, ach ba é an leabhar úd ar an lá úd, tús aistir saoil John, a chríochnódh i gCorca Dhuibhne.
Ba cheart Cupid Crean a thabhairt ar an dtaiscéalaí, mar is é a dhein gaisce agus beirt a thabhairt le chéile nach mór céad bliain tar éis a bháis. Ní hiad an bheirt san ospidéal a phós in aon chor, fan bog agus neosfadsa daoibh!
Chaith John, toisc an fhiosracht nádúrtha atá ann, turas a thabhairt ar uaigh agus ar bhaile dúchais Tom Crean cúpla bliain ina dhiaidh san. Thug sé a chara, ‘Tomás’ leis, chomh fada le hAbhainn an Scáil ar leithinis Chorca Dhuibhne. Tá tábhairne iomráiteach darb ainm The South Pole Inn, in Abhainn an Scáil, ainmnithe as aistir Chrean agus is ann a chríochnaigh an bheirt i ndiaidh an lae ag spaisteoireacht agus ag foghlaim faoi stair a ngaiscígh nua.
Arsa bean an tí leo, “an bhfuil sibh ag dul chun an Daingin anocht, a leaideanna?” “An Daingean”, ar siad. “Cá bhfuil san, ní chualamair aon dath riamh faoi”. Samhlaigh é sin! Níl mac máthar anois, nár chuala trácht air. Siúd leo, John agus Tomás, isteach an Daingean an oíche úd. Baile breá, a cheapadar, “racham go dtí Dick Mack’s, féachann sé go deas mar thábhairne”.
Is ansúd a bhí ‘Máire’, agus í amuigh in éineacht lena cairde agus is ann a luíodar a súile ar a chéile, í féin is John. A bhuí le Tom Crean, phósadar, agus táid ina gcónaí riamh ó shin in Iarthar Duibhneach, gan cíos, cás ná cathú, agus seilfeanna leabhar an tí, breac le leabhair faoin Endurance, Shackleton agus Cupid é féin.