‘Shiúil mé isteach sa mbeár agus bhí leath Chonamara ann…’

Ba é mo lá breithe a bhí ann ag deireadh na míosa seo caite, agus tráthúil go maith domsa bhí sé ar an seachtain chéanna agus a bhí Seachtain na nGiobal ann. Dá bhrí sin, bhí seachtain an-ghnóthach agam. Cé go raibh an aimsir uafásach, d’éirigh liom féin agus mo chairde dul amach cúpla uair i rith na seachtaine. Mar sin, tá mé ag scríobh an t-alt seo ó mo leaba agus póit an diabhail orm, ag ól caifé i mbuicéad chun mé féin a choinneáil i mo dhúiseacht sách fada chun mo chuid obair ollscoile a chríochnú. 

Anois, táim cinnte nach bhfuil aon duine ag iarraidh alt a léamh faoi mo chloigeann ag rothlú agus an fonn múisc atá orm, mar sin inseoidh mé daoibh faoi na rudaí níos deise a tharla i rith na seachtaine. 

An chéad oíche a chuaigh muid amach ná oíche Dé Máirt. Chuaigh muid amach le haghaidh Mháirt na gConallach. De réir cosúlachta, tugadh Donegal Tuesday ar an lá mar chomhartha buíochais don chontae Dún na Gall, ach le na blianta anuas, is lá é chun dul amach ag ól agus geansaí Dún na nGall ort. Níl geansaí Dún na nGall agam, ach táim sásta aon chineál ócáid a cheiliúradh a thugann seans dom gléasadh suas agus dul amach!

Faraor, bhí sé ag báisteach ar feadh na hoíche agus sheas muid sa scuaine ar feadh píosa fada le dhá scáth báistí idir cúigear againn. Ligeadh isteach muid faoi dheireadh thiar thall agus rinne mé iarracht mo ghruaig a thriomú ag úsáid an triomadóir lámh. Níor oibrigh sé amach rómhaith dom.

Shiúil mé isteach sa mbeár agus ba léir go raibh leath Chonamara tagtha chuig an áit chéanna. Tá sé greannmhar an chaoi ar féidir ar a laghad duine amháin as Conamara a aimsiú, cibé cén áit a bhfuil tú. Bhí oíche an-mhaith againn ar aon chuma ach cibé chomh maith agus a bhí sé sin, ní raibh cliú agam cé chomh maith agus a bheadh Déardaoin, mo lá breithe. 

Cheap mé go raibh mé ag buaileadh le mo chairde ag a dteach, agus nach mbeadh ach triúir nó ceathrar againn ag dul amach. Iontas na n-iontas, shiúil mé suas ag an teach, d’oscail mé an doras agus bhí an teach lán le daoine ag béicíl, “Surprise!”.

Faoi stiúir mo chairde Siobhán agus Tara, bhí cuireadh faighte ag mo chairde as Luimneach, cuid de na cailíní ó mo chúrsa síceolaíochta, agus tuilleadh daoine a cheap mé nach mbeadh in ann teacht. Ní raibh coinne dá laghad agam leis an gcóisir agus ba mhór agam gur chuimhnigh mo chairde ar mo lá breithe agus gur eagraigh siad rud chomh deas seo. 

Fuair mé bronntanais agus bláthanna, fiú bhácáil cara liom cáca a raibh reoán bándearg air dom. Tar éis na cóisire bige, chuaigh muid amach chuig an t-aon club oíche i nGaillimh, DNA, agus chaith muid an oíche ag damhsa. Bhí muid amuigh ar an tsráid ar feadh píosa, ag triail tacsaí a fháil. Cheannaigh muid píotsa le n-ithe sa mbaile ach faoin am a fuair muid tacsaí bhí an rud ar fad ite againn! Bhí oíche beagán níos ciúine agam Dé Domhnaigh, nuair a chuaigh mé amach le mo chlann le haghaidh dinnéir ar son mo lae breithe. Ní duine mé a dtaitníonn liom aird an chomhluadair a bheith orm go leor den t-am, ach bíonn sé go deas anois agus arís! 

SCÉALTA EILE