3 riachtanas le meáchan a chailleadh


Féadaim a rá leat gur beag dúshlán sláinte nár phléigh mé leis thar na blianta – na gortuithe spóirt a phioc mé féin suas, an traenáil agus an aiste bia atá de dhíth le bheith ag imirt ag leibhéal ard spóirt, agus go háirithe na céadta duine ar chuidigh mé leo dul i ngleic le fadhbanna sláinte agus meáchain.

Tá an méid sin plé, taighde, agus cleachtaidh agam ar na fadhbanna seo, gur mhaolaigh mé an freagra síos go 3 phointe bheachta atá riachtanach chun smacht a chur ar do mheáchan, agus gach deis a thabhairt duit féin sláinte fhadtréimhse a bhaint amach a ligfeas duit an mhórchuid a bhaint as do shaol.

Lean na treoracha seo thar thréimse bliana, agus feicifidh tú athrú ollmhór i do chorp, d’aigne, agus an fuinneamh atá agat don saol iontach seo.


1.  Socraigh an bia a itheann tú

bia-ceart

In ainm Dé, ith ar nós duine fásta.

Faigh réidh leis na callóga arbhair, an siúcra, agus an amaidí a cheannaíonn tú sa siopa de bharr “nach raibh am agat” bia a ullmhú roimh ré.

Ith leite, uibheacha, nó rud éigin le feoil don bricfeasta.

Ith 3 bhéile chearta gach lá, agus ól dhá lítear uisce achan uile lá chomh maith.

Ith do chuid carbaihiodráití tár éis duit babhta aclaíochta a dhéanamh, agus má tá sé ar intinn agat ithe amuigh, nó bia gasta a fháil, nó má tá oíche ar an drabhlas beartaithe agat, glac amach na ‘carbs’ don lá sin.


2.  Siúil 10,000 céim gach lá

siul

Íoslódáil aip a chuntaisíonn céimeanna ar do ghuthán póca, agus déan cinnte go bhfaigheann tú 10,000 céim i rith an lae.

Ní hé go bhfuil níos mó de mhíniú ag teastáil ar an phointe seo, ach tá 10,000 céim gar do 10 cileaméadar, agus tá seo gar don achar a shiúlfadh ár sinsear agus iad amuigh sa dufair i mbun seilge.

Déan é.


3.  Faigh oiliúnóir le cuidiú leat

traenalai

oiliúnóir ag teastáil uainn uilig atá ag iarraidh aon rud suntasach a bhaint amach.

oiliúnóir agam féin a chuidíonn liom leis an traenáil, tá oiliúnaí gnó agam, agus oiliúnaí a chuidíonn liom forbairt ghairmiúil a dhéanamh.

Chaith mé breis agus €5,000 ar oilliúint idir rud amháin agus rud eile i mbliana féin!

Má shíleann tú gur féidir leat é a dhénamah gan oiliúnóir, ádh mór, ach féadaim a rá leat go bhfuil i bhfad níos lú seans ann go mbainfidh tú do sprioc amach, nó go nglacfaidh sé i bhfad Éireann níos faide ort é a dhéanamh.

Ná cur do chuid iarrachtaí amú, agus faigh oiliúnóir.


Sin é an soiscéal maidir le sláinte agus cailleadh meáchain i níos lú na 450 focal.

Má tá breis cúnaimh uait, b’fhéidir go mbeabh an cúrsa oiliúna nua ar líne atá ag ACLAÍ in oiriúint duit.

Seol rphost chuig info@aclai.ie, agus tiocfaidh muid ar ais chugat.

SCÉALTA EILE