Rothaí móra an tsaoil.
Táthar ag tiontú leo níos gaiste ná mar a thiontaigh siad roimhe.
Tá muintir an domhain mhóir níos gnóthaí anois ná riamh agus deifir orainn ar fad a bheith ag brú ar aghaidh chuig an chéad phost eile; an chéad chruinniú eile, an Aoine, na laethanta saoire, an Nollaig srl, srl.
Gutháin chliste, teilifíseáin chliste, gluaisteáin chliste.
Cliste cliste cliste.
Earraí a chuidíonn linn rudaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla agus a ghearrann siar ar an am a chaitear ag plé le go leor gnéithe den saol.
Shílfeá sa lá inniu ar ndóigh leis na hearraí ‘cliste’ seo ar fad, go mbeadh i bhfad níos mó am saor againn ná mar a bhí, ach a mhalairt atá fíor.
Má chaitheann tú tamall i gcaife ag amharc amach na fuinneoige ar na daoine ar fad ag brostú anseo is ansiúd, tuigfidh tú cad atá i gceist agam.
Tá damhsa casta le déanamh idir obair, staidéar, cothú, codladh, foghlaim, cairde agus teaghlach, gan trácht ar na hiontais sin a chaitheann an saol os ár gcomhair anois is arís.
Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi seo ar fad, shíl mé go mbeadh sé go hiontach dá dtiocfadh linn ar fad roinnt ama a chur ar leataobh dúinn féin gach lá.
Seans chun an t-anam a chothú agus sos a thabhairt don inchinn ó bhrúnna ginearálta a bhíonn ag preabadh thart ar ár n-intinní ó lá go lá.
Seo chugaibh 3 bhealach simplí le níos mó ama a chur ar leataobh duit féin!
1) Ar maidin
Is nós den scoth é gnáthamh (routine) a chur le chéile ar féidir leat a dhéanamh an chéad rud ar maidin.
Nuair a dhéanaim féin é, cuireann sé mé ar mo sháimhín só don lá, agus go hiondúil, bíonn lá éifeachtach agus suaimhneach agam.
Is breá liom múscailt ar maidin, 5 nó 10 nóiméad a chaitheamh ag análú go ciúin, caife a ól, rud beag léitheoireachta a dhéanamh, agus sracfhéachaint a dhéanamh ar sceideal an lae.
Anois is arís scríobhaim sliocht ghearr i mo dhialann.
Smaointigh ar feadh cúpla nóiméad ar ghnáthamh beag duit féin agus bain triail as!
2. Sa Charr
An lá faoi dheireadh, b’éigean dom dul trasna na cathrach ag a cúig a chlog san iarnóin, agus chaith mé uair go leith i mo shuí sa trácht.
Mhothaigh mé go raibh mé ag cur mo chuid ama amú agus mhothaigh mé níos mó trua do na créatúir bhochta a mbíonn orthu tabhairt faoi thuras mar sin gach lá.
Ach ní gá go mbeadh an t-am seo curtha amú agat!
Éist le podchraoladh suimiúil, smaointigh ar na rudaí maithe i do shaol, nó dírigh isteach ar análú domhan ar feadh tamaill.
Mothóidh tú níos fearr agus beidh níos lú seans go dtiocfaidh buile bhóthair aniar aduaidh ort nuair a tharraingíonn duine éigean amach os do chomhair gan rabhadh!
3. Roimh am luí
Tá an méid sin buntáistí i gceist le scíth a ligean sula dtéann tú a luí nach féidir iad ar fad a lua ach tá codladh níos fearr, intinn ghlan, suaimhneas, sonas agus sláinte níos fearr ina measc.
Uair an chloig roimh am luí, molaim na soilse sa teach a choinneáil íseal, earraí leictreonacha a mhúchadh agus deireadh a chur le fuaimeanna callánacha.
Ba mhaith leat do chóras a chur ar a shuaimhneas tar éis lá lán eolais agus ruaille buaille.
Is am iontach é seo chun leabhar suimiúil a léamh (molaim beathaisnéis nó úrscéalta), giota beag a scríobh i do dhialann, sínithe a dhéanamh nó díreach comhrá a bheith agat le do ghrá geal, do chairde nó do pháistí.