Ghlac tuairim is 400 reathaí páirt i 10km na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste inné agus aird á tarraingt acu ar chás Dháithí Mhic Gabhann, Gael óg as Béal Feirste atá ag fanacht ar chroí nua ó thús na bliana.
Fuair tuismitheoirí Dháithí an drochscéala mí Eanáir na bliana seo go bhfuil trasphlandú croí ag teastáil óna mac, atá dhá bhliain d’aois. Tá siondróm hipeapláiseach croí ar Dháithí, galar a chuir bac ar fhorbairt a chroí féin.
Tá 10km na Ceathrún Gaeltachta á reáchtáil ar bhonn bliantúil le trí bliana anuas ach ghlac an méid is mó daoine páirt ann i mbliana agus na reathaithe amuigh ina sluaite ag tacú leis an bhFeirsteach óg.
Ag Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, lárionad Gaeilge na cathrach, a thosaigh rása na bliana seo a thug ar thuras timpeall ‘Gaeltacht’ Bhéal Feirste na reathaithe. Ba é Ed McGinley a tháinig sa gcéad áit i mbliana agus an rás críochnaithe aige in 32’52”.
Bhí athair Dháithí i láthair agus dúirt gur “tógáil croí” a bhí ann na sluaite a fheiceáil i mBéal Feirste inné.
“Tá lúcháir mhór orainn gur tháinig an oiread seo daoine amach i mbliana, agus gur léirigh siad an oiread tacaíocht don fheachtas tábhachtach seo. Is tógáil croí ollmhór dúinn an dóigh a seasann an pobal linn le linn na tréimhse doiligh seo. Mar gheall ar an tacaíocht agus an comhbhá sin, bhí muid agus go háirithe Dáithí ábalta an oiread sin feasachta a thógáil faoin tábhacht a bhaineann le deonú orgáin.
“Beidh na céadta duine ó atá ag fanacht ar orgáin níos fearr as de bharr an fheachtais seo agus is mór an spreagadh sin dúinn. Chuidigh gach aon reathaí inné linn feasacht a ardú i dtaobh an f heachtais #IsDeontóirMé. Is léiriú thar a bheith dearfach seo do phobal iontach s’againne. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht a tugadh
dúinn,” a dúirt Máirtín Mac Gabhann.
Bhí Maria Morris, a tháinig sa tríú háit i rás na mban ag rith i gcuimhne ar a dheartháir Dermot Morris, a bhásaigh seacht mbliana ó shin cothrom an lae inné. Dúirt sí go raibh cuid den rith “dúshlánach” ach gur chabhraigh “an tacaíocht agus an chraic” léi agus í ag rith.
“Bhí mo dheartháir ar an liosta deonuithe orgán agus aon deis a bhíonn againn ár dtacaíocht a léiriú d’fheachtas Dháithí, tá sé tábhachtach go dtapaíonn muid é. Ní thiocfadh leis a bheith eagraithe níos fearr agus cé gur féidir leis an reathaíocht a bheith uaigneach, mhothaigh mé go tréan go raibh mé ag rith mar chuid de phobal,” a dúirt Maria.