Idir scoth na cuideachta, an sárbhia blasta agus an láthair aoibhinn, seo 5 chúis le slán a fhágáil ag gnáth-imeachtaí an tsaoil agus aghaidh a thabhairt ar shaoire Óga Yoga i nGleann Ó Máil an deireadh seachtaine seo.
1) Cuideachta
Deis iontach atá sa tsaoire éagsúil seo bualadh le scoth na ndaoine trí mheán na Gaeilge agus triail a bhaint as rud éigin nua.
Meallann deirí seachtaine Óga Yoga meascán breá daoine i gcónaí, de gach saghas aoise agus cúlra.
Chomh maith le bheith ag mothú níos sláintiúla, solúbtha agus socra, beidh scata cairde nua agat agus tú ag imeacht!
2) Ióga
Rachaidh na rannpháirtithe i dtaithí ar stíleanna éagsúla ióga thar an deireadh seachtaine.
Bealach atá ann chun do chorp agus d’intinn a thumadh isteach i ndomhan an ióga.
Beidh na ranganna ióga oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal agus díreofar ar stíl mhachnamhach sa tráthnóna agus stíl beagán níos bríomhaire ar maidin.
Má bhí tú riamh fiosrach faoin ióga, gabh ann!
3) An láthair
Ionad álainn atá san Elbowroom Escape agus é suite i nGleann Ó Máil, i measc shléibhte Chill Mhantáin.
Beidh neart am saor agaibh le dul ar shiúlóidí deasa i measc na n-éan, na gcrann agus an tírdhreacha fhiáin.
4) Bia
Ceann de bhuaicphointí shaoire Óga Yoga ná an bia, agus ní haon eisceacht é an deireadh seachtaine seo.
Beidh bia blasta folláin á chur ar fáil ag Caitríona Nic Philibín, a bhí ina hiomaitheoir ar Master Chef tráth.
Ní bheidh fonn oraibh theacht abhaile!
5) Sos
Thar aon ní, is deis atá sa deireadh seachtaine seasamh siar ó dhualgais an tsaoil.
Beidh cleachtaí aireachais ar siúl le linn an deireadh seachtaine a chuirfidh ar do chumas an intinn a chiúnú.
Tabhair na cleachtaí seo abhaile leat agus rachaidh siad chun tairbhe duit agus tú ar ais i mbun imeachtaí an ghnáthshaoil.
Is féidir clárú don tsaoire seo, agus tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí Óga Yoga, anseo.