Le teacht agus imeacht ghaoithe móra stoirm Barney, tá an aimsir gheimhriúil go mór i mbéal an phobail. Tá an séasúr fuar fada tagtha, a chairde, agus ní mór dúinn a bheith ullamh. Seo chugaibh 5 ghiuirléid a bheas mar chuidiú agaibh dul i ngleic leis an fhuacht, leis an ghruaim agus le laethanta dorcha an gheimhridh.
1. Cloigín Solais na Maidine
Gléas é seo a ardaíonn an leibhéal solais i do sheomra leapa de réir a chéile agus tú i do chodladh.
Mar a bheadh fíor-éirí gréine ann, tosaíonn an lampa solais ag lonrú ag leibhéal íseal leathuair sula mian leat a bheith múscailte, go dtí go bhfuil sé ina mhaidin bhreá gheal sa seomra codlata, is cuma cén sórt aimsire atá taobh thiar de na cuirtíní.
Tagann solas fríd na caipíní súile, agus cuirtear in iúl don chorp go bhfuil sé in am éirí.
Deirtear go gcuireann dhá chineál duine spéis sa ‘Dawn Simulator’.
Bíonn sé in úsáid mar chúram leighis ag daoine a bhfuil ísle brí an gheimhridh nó ‘SAD’ (Seasonal Disaffected Disorder) orthu, neamhord a thagann ar dhuine as gach triúr in Éirinn de thairbhe a laghad solais ón ghrian a fhaigheann muid le linn an gheimhridh.
Meastar chomh maith go gcothaíonn an cloigín solais patrún codlata níos sláintiúla agus gur cuidiú é dóibh siúd a mbíonn deacrachtaí acu dul a chodladh nó drogall orthu éirí as an leaba ar maidin.
2. Buidéal Te
Seans nach giuirléid cheart é an buidéal te ós rud é nár tháinig mórán d’athrú air ón chéad lá a tháinig sé ar an saol, thiar in 1925.
Más fíor, is deacair é a shárú ar laethanta fuara an gheimhridh!
Déanta as rubar, is fiú cúpla euro sa bhreis a chaitheamh ar bhuidéal te a bhfuil clúdach air.
Mar a bheadh púic ann ar phota tae, coinníonn an clúdach an t-uisce deas te níos faide agus mothaíonn sé go deas sna lámha.
Tá buidéil teo deasa ar fáil ar phraghsanna ísle, sna siopaí agus ar líne!
Is fiú an t-airgead é!
3. Téitheoir Láimhe
Ní gach áit nó bomaite sa lá atá feiliúnach don bhuidéal te.
Sna cásanna sin, moltar an téitheoir láimhe.
Uirlis bheag shnasta é seo a chuireann teas leanúnach ar fáil ar feadh 12 uair an chloig.
Tagann sé le mála bog éadach gur féidir sleamhnú isteach is amach ó do phóca.
Mar a bheadh comrádaí beag agat le linn an tséasúir úir ar fad, is féidir an téitheoir láimhe a úsáid arís agus arís, ach é a athlíonadh le leacht lastóra.
4. Stocaí Leictreacha
Cosa teolaí ar feadh an lae – ach gan a bheith brúite agus allas leo, tabharfaidh stocaí leictreacha ardú meanman duit ar lá sneachta!
Feidhmíonn na stocaí leictreacha le cadhnraí a dhéantar a athluchtú agus is féidir leibhéal an teasa a shocrú le go sásóidh sé an lúidín is préachta fiú.
I ngan fhios do dhuine ar bith, ritheann sreang fríd ábhar an stoca agus tá póca beag seiftiúil suite ar an ábhar taobh leis an lorga ionas nach gcuireann an tsreang isteach ort.
Ní na stocaí is deise ar domhan iad b’fhéidir ach beidh do chosa sásta leis an rogha chiallmhar seo!
5. Miotóga Scáileán Tadhaill
Seo chugainn lámhainní do ghlúin an ghlicghutháin a chinnteoidh nach gá na miotóga a bhaint díot chun an glaoch sin a thógáil níos mó.
Tá snáithín seoltach (conductive fiber) ag rith fríd an ábhar ag barr na méar, a chuireann ar do chumas úsáid éifeachtach a bhaint as do tháibléid nó gutháin.
Ciallaíonn sé sin go mbeidh tú ábalta leas a bhaint as do mhéara cluthara ar maidin úr gheimhridh chun póirseáil fríd a bhfuil le léamh sna meáin Ghaeilge!