5 leid chun codladh maith a fháil

Má éiríonn leat 8 n-uaire an chloig maithe codlata a fháil, deirtear go mbeidh na 16 huaire eile a chaithfidh tú i do shuí i bhfad níos fearr.

Ar go leor bealaí, samhlaím an corp mar a bheadh gluaisteán ann.

Mar shampla, más mian leat an gluaisteán a stopadh, bíonn ort do chos a tharraingt den troitheán, an coscán a bhrú, an carr a pháirceáil, na soilse a mhúchadh, na heochracha a thógáil amach agus na doirse a chur faoi ghlas.

Tá céimeanna áirithe ann a gcaithfear tabhairt fúthu, díreach mar a bhíonn le déanamh againn sula ndúnann muid na súile don oíche.

Seo 5 chéim chiallmhara, shimplí a chuideoidh leat codladh suan séimh na hoíche a dhéanamh.


1) Seomra dorcha

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Míle bliain ó shin, nuair a bhí cónaí orainn amuigh faoin spéir, ba ghnách linn dul a chodladh nuair a bhí sé dorcha agus múscailt nuair a d’éirigh sé geal.

Is mar sin is fearr leis an chorp é sa lá atá inniu ann fosta.

Bíodh cuirtíní tiubha agat i do sheomra, agus las an seomra leapa le lampa seachas leis an tsolas mhór.


2) Léigh leabhar

Reading Before Sleep.

Cuireann léitheoireacht ar ár suaimhneas sinn.

Seachas a bheith ag amharc ar an teilfiís roimh am luí, rud a spreagfaidh an intinn le bheith múscailte agus réidh le haghaidh aicsin, léigh leabhar ar feadh 20 nóiméad.

Ísleoidh an ráta croí, agus beidh an corp níos suaimhní dá bharr.


3) Ná hith siúcra ná béile mór san oíche


Young woman sitting in bed with a cup of milk, view from above

Seo seancheann atá ar eolas ag achan duine.

Ní hamháin go bhfuil siúcra go holc do na fiacla, ach ardaíonn sé an leibhéal siúcra fola, a chuireann an corp i bhfeidhm oibre. Cuimhnigh gur a mhalairt atá uait agus tú sa tóir ar chodladh maith.

Seachain bia atá ard i siúcra, béile mór agus deochanna le caiféin, ar nós tae agus caife.

Ba mhaith leat an córas a dhruidim síos don oíche, agus má tá tú ag ithe go mall, is cosúil é le bheith ag brú síos go crua ar an troitheán díosail!

Cuidíonn cupán bainne the leis an chorp a shuaimhniú agus tú ar tí dul a luí.


4) Glan suas do sheomra


messy room

Tá cúpla fáth ann go gcuidíonn sé seo leat codladh go sámh.

Ar dtús, má tá an seomra ina phráchas, beidh d’intinn á spreagadh seachas á suaimhniú.

Má tá an seomra glan, beidh tú sona sásta agus tú ag dul a chodladh!

An dara fáth ná má tá earraí caite ar fud na háite, is amhlaidh a bheidh deatach ina luí thart ar an seomra.

Cuirfidh sé sin isteach ar an análú agus beidh sé deacair dul a chodladh.


5) Díbir na hearraí leictreacha ón seomra


Alarm

Cuireann earraí leictreacha isteach ar chaighdeán na codlata, agus is minic a bhíonn fuaim íseal nó solas ag teacht uathu.

Chomh maith leis sin, má tá earraí mar ghuthán, ríomhaire glúine nó teilifíseán sa seomra agat, beidh cathú ort i gcónaí iad a chur ar siúl leis na meáin shóisialta a sheiceáil nó le hamharc ar chúpla eagrán de na SopranosRos na Rún.

Beidh tú níos fearr as fanacht go dtí an lá dár gcionn ná a bheith ag féachaint air sula dtéann tú a chodladh.

SCÉALTA EILE