Nach fíor an seanscéal go dtagann an ghrian amach chomh luath is a thosaíonn séasúr na scrúduithe!
Is maith is cuimhin liom a bheith i mo shuí ar mo shuíochán lán allais i Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste ag súil le lá na saoirse.
Ach an magadh i leataobh, is am cuíosach tábhachtach i do shaol é nuair a bhíonn an Ardteist nó na scrúduithe Ardleibhéil idir lámha agat, agus tá cleasanna beaga ann is féidir leat a úsáid leis an toradh is fearr a fháil – agus níl baint ar bith acu le staidéar!
Ar a lán bealaí, is ionann staidéar dian le haghaidh scrúduithe móra agus iomaíocht i gcomórtas spóirt.
Tá go leor taithí agam ar a bheith in iomaíocht agus ar a bheith ag ullmhú lúthchleasaithe den chaighdeán is airde le haghaidh comórtas.
Seo 6 leid a chuirfidh ar bhur gcumas sibh na dúshláin is mó a shárú.
1. Ól go leor uisce
Nod an-simplí. Níl ach beagán iarrachta ag teastáil le 2-3 lítear uisce a ól gach lá, ach is fiú go mór an iarracht a dhéanamh.
Nuair a bhíonn go leor uisce againn sa chorp, oibríonn achan rud níos fearr.
Bíonn an intinn níos soiléire, agus cuidíonn sé sin leat díriú isteach ar an obair chrua.
Anuas air sin, má tá tú ag ól uisce i rith an lae, beidh ort seasamh suas agus dul chuig an leithreas anois is arís, agus is maith an rud é seasamh agus bogadh thart nuair a bhíonn tú sáite go domhain sa staidéar.
2. Codail go séimh
Is minic a bhíonn easpa codlata i gceist nuair a bhíonn tú ag brú chun tosaigh leis an staidéar, agus níl aon amhras ann ach gur gá na huaireanta fada a chur isteach anois is arís.
Caithfidh tú cinnte a dhéanamh de go mbíonn an codladh a fhaigheann tú den cháilíocht is fearr.
Tá clog agam féin a dhéanann aithris ar éirí na gréine gach maidin.
Tagann an solas ar siúl diaidh ar ndiaidh go dtí go mbíonn an seomra uilig lasta, agus ceol éin ag dul leis.
Is bealach i bhfad níos suaimhní é seo chun múscailt ná le cloigín borb. Mholfainn go mór ceann a fháil.
Tá cuirtíní agam i mo sheomra leapa a choinníonn an gnáthsholas ar fad amach as an seomra. Is maith an rud é codladh sa dubhdhorchadas ó thaobh cáilíocht an chodlata de.
Bíonn tionchar ollmhór ag cibé rud a dhéanann tú ROIMH am luí ar cháilíocht an chodlata chomh maith.
Cuireann an solas ón ríomhaire isteach ar an chodladh ar bhealaí éagsúla.
Go bunúsach, síleann an corp go bhfuil an ghrian in airde mar tá an solas an-gheal, agus glacann sé i bhfad níos mó ama titim isteach i gcodladh domhain.
Níl sé seo go maith don staidéar!
Tá dhá dhóigh ann le dul i ngleic leis seo.
Imigh leat ar shiúl ó na scáileáin leictreonacha uair an chloig sula dtéann tú a luí agus/nó caith spéaclaí a chuireann bac ar sholas gorm.
Is mór an cuidiú iad leis an solas geal a choinneáil amach as na súile.
Is maith an rud é cúpla leathanach d’úrscéal a léamh sula dtéann tú a luí le sos a thabhairt don intinn ó na figiúirí agus ón dianstaidéar.
Mholfainn An Litir le Liam Mac Cóil. Scoth an leabhair!
3. Análú go domhain
Uair amháin sa lá ar a laghad, cuir 10 nóiméad ar leataobh chun cleachtadh análaithe a dhéanamh.
Seo ceann de na rudaí is fearr leis an chloigeann a ghlanadh amach, sos a thabhairt don chorp agus déanamh réidh le dul isteach chuig scrúdú.
Seachas barraíocht ama a chaitheamh anseo ag míniú duit cén dóigh le hanálú domhain a dhéanamh, faigh aip darb ainm ‘Headspace’ agus lean na treoracha ar feadh 10 nóiméad achan lá, ar feadh tréimhse 10 lá.
4. Éist le Kíla
Fíorscéal.
D’éist mé le Kíla agus mé i mbun staidéir d’achan uile scrúdú a chuir mé díom i mo shaol – agus tá go leor acu curtha díom agam!
Ba ghnách liom gan éisteacht leo go dtí go raibh an tuirse ag teacht aniar aduaidh orm.
Ach nuair a chluininn ‘Rusty Nails’, ‘Dusty Wine Bottle’, ‘Tóg É go Bog É’, agus ‘Glanfaidh mé’, chuireadh sé an luaidhe ar ais i mo pheann ar feadh cúpla uair an chloig sa bhreis.
Éist le Kíla. Glac uaim é!
5. Bí ciallmhar le caife
Is acmhainn úsáideach é cupán deas láidir caife nuair a bhíonn ort uaireanta fada a chur isteach.
Is é an t-am is fearr le cupán caife a bheith agat ná roimh scrúdú nó ar maidin nuair a ba mhaith leat an t-inneall a chur ag gabháil.
Thiocfadh leat ceann a ól i lár an lae más mian leat preab a chur ar ais i do choiscéim, ach ní mholfainn níos mó ná dhá chupán sa lá, caife a ól tar éis a cúig a chlog ná toiseacht ar chaife a ól den chéad uair an lá céanna a bhfuil scrúdú agat.
Bíodh a fhios agat cén saghas tionchair a bhíonn ag cupán amháin ort sula dtéann tú isteach le haghaidh scrúdaithe agus tú lán le caife.
6. Coinnigh an misneach
Seo an ceann is tábhachtaí, i mo thuairim féin.
Tá na scrúduithe tábhachtach, ach ní hiad is TÁBHACHTAÍ.
Ní hionann do luach mar dhuine agus an grád a fhaigheann tú i do chuid scrúduithe, agus ní deireadh an domhain é mura bhfaighidh tú na marcanna a raibh tú ag súil leo.
Fiú má mhothaíonn tú go bhfuil teip i ndán duit sula gcuireann tú peann le páipéar, ní deireadh an domhain é.
Tá roghanna go leor ann.
Má tá an staidéar nó na scrúduithe ag fáil an ceann is fearr ort, labhair le do chairde nó le duine muinteartha leat agus cuir do chuid mothúchán in iúl dóibh.
Tá aithne agam ar neart daoine a raibh an-rath orthu sa saol in ainneoin gur bhain siad marcanna ísle amach san Ardteist nó sna scrúduithe Ardleibhéil.
Cinnte, déan an obair chrua, agus déan do sheacht ndícheall an grád is fearr agus is féidir leat a bhaint amach – ach coinnigh an misneach.
Tá i bhfad níos mó luacha leat ná gráid scoile. Tá daoine thart ort a bhfuil neart grá acu duit, agus i ndeireadh na dála, oibríonn achan rud amach i gceart.
Mar a deir Rónán Ó Snodaigh féin:
Tóg é go bog é, glac é go réidh
Tóg é go bog é, na bí ag troid leat féin
Tóg é go bog é, glac é go réidh
Tóg é go bog é, tiocfaidh sé nuair a thagann sé