Aimsigh ‘Cén Fáth?’

Pléann Ainle Ó Cairealláin túsphointe na spriocanna – an ghné is tábhachtaí agus an phleanáil a chuideoidh leat na spriocanna sin a bhaint amach in 2016. 


Is am iontach é tús na bliana chun spriocanna spreagúla nua a leagan síos agus sean-spriocanna a láidriú.

Nuair a thosaíonn tú amach le sprioc, go hiondúil bíonn rud éigin ginearálta ar intinn agat.

Ach is í an chéad chéim ná machnamh a dhéanamh faoi CÉN FÁTH ar mhaith leat an sprioc seo a bhaint amach.

Fiafraigh díot féin, go domhain, “Cén fáth?”

cen fath a haon

Seans gur mhaith leat meáchan a chailleadh a chuir tú suas le 3 nó 4 bliana anuas.

Is pointe tosaithe maith é fios a bheith agat gur gá duit dul i ngleic le do shláinte, ach má smaoiníonn tú ar an chúis taobh thiar den athrú treo agus ré nua seo, tabharfaidh sé spreagadh domhain fadtréimhseach duit atá riachtanach más mian leat aon sprioc mhór a bhaint amach.

Ar an chéad chéim, b’fhéidir go n-aithneofá gur mhaith leat meáchan a chailleadh mar go bhfuil a fhios agat go bhfuil tú róthrom.

Ar an dara céim, seans go n-aithneoidh tú gur mhaith leat meáchan a chailleadh le go mbeidh tú níos folláine, agus breis fuinnimh agat.

Ar an tríú céim, seans go n-aithneoidh tú gur dheas leat a bheith níos aclaí sa dóigh is go dtiocfadh leat níos mó ama a chaitheamh ag gabháil de na rudaí is ansa leat (siúlóidí, peil, garraíodóireacht, ceol, dreapadh, laethanta saoire srl).

Ar an ceathrú céim, b’fhéidir go n-aithneoidh tú gurb é an fáth is mó ar mhaith leat feabhas a chur ar do shláinte ná gur mian leat dea-shampla a leagan do do chlann, níos mó ama a chaitheamh leis na páistí, nó na seansanna a mhéadú le go mbeidh tú os cionn an talaimh fada go leor le haithne a chur orthu agus iad fásta.

Cen fath

Cuirfidh na rudaí seo ar fad breosla leis an tine agus cuideoidh siad leat go mór do cheann scríbe a bhaint amach.

Beidh an spreagadh domhain seo 100% riachtanach nuair atá tú sna laethanta dorcha agus an chuma ar an scéal nach bhfuil tú ag déanamh aon dul chun cinn.

Déan machnamh domhain ar na fáthanna taobh thiar den sprioc atá agat, scríobh síos na fáthanna, agus tosaigh ar an phlean chun an sprioc a bhaint amach.

SCÉALTA EILE