Thug mé faoi deara an tseachtain seo go dtosaíonn sé ag éirí dorcha thart ar leath i ndiaidh a trí um thráthnóna. Níl an uair dheireanach oibre curtha tharam fiú agus tagann fonn codlata orm. Is minic a bhíonn aimsir chac ag gabháil leis na tráthnónta dorcha seo fosta, rud a chuireann drochspion orm i gcónaí, agus bím ag mothú nach bhfuil go leor uaireanta sa lá gach rud a dhéanamh.
Cruthaíodh go heolaíoch go gcruthaíonn níos lú solas gréine leibhéil séireatoinine níos ísle sa chorp, a dhéanann níos tuirsí, níos imníche agus níos brónaí muid. Má bhíonn tú thíos le neamhord mothachtálach séasúrach, mar sin, níl tú leat féin. Cad é mar is féidir linn dul i ngleic leis seo i dtír nach mbíonn an aimsir go maith uair sna naoi n-aird? An bhfuil bealach ar bith chun an deacracht seo a shárú?
Cuidíonn gnáthamh laethúil go mór mór liomsa déileáil le fuacht feanntach an gheimhridh, agus déanaim spás don aclaíocht i mo shaol laethúil le cuidiú liom m’intinn a ghlanadh. Cuirim neart éadaí teo orm féin agus téim amach ar feadh leathuair i ndiaidh na hoibre. Ar an drochuair, ní thig linn mórán a dhéanamh faoi aimsir na Samhna in Éirinn seachas glacadh leis, ach ná lig di tú a chur as mar mothóidh tú i bhfad níos fearr ina dhiaidh.
Muna mothaíonn tú sábháilte ag dul amach sa dorchadas, bain triail as babhta traenála sa bhaile – tá go leor físeán ar YouTube le cuidiú leat. Tabharfaidh sé seo tuilleadh fuinnimh duit agus beidh tú báite le hallas seachas leis an fhearthainn!
Rogha eile is ea iarracht a dhéanamh dul amach ar do shos lóin agus an leas is fearr a bhaint as an chúpla uair an chloig ghearr de sholas lae a bhíonn againn. Bíodh sé le haghaidh caife i gcomhluadar comhoibrí leat nó ar shiúlóid ghasta thart ar an bhloc, beidh tú ag teacht ar ais go dtí an oifig le brí agus beocht ionat arís in áit a bheith tugtha traochta ag an obair.
Déanaim iarracht teacht ar rudaí beaga le bheith ag súil leo ag deireadh an lae fosta. Bíonn sé rófhurasta teacht abhaile ón oifig agus dul a chodladh don tráthnóna. Déan an dinnéar is fearr leat, aimsigh sraith nua le hamharc uirthi, nó ceannaigh coinneal nó blaincéad deas nua le cuidiú leat a bheith ag súil le teacht abhaile.
Thosaigh mé ag cróiseáil cúpla bliain ó shin leis na tráthnónta fada dorcha a chur isteach, agus caithfidh mé a rá gur chuidigh sé go mór liom. Is féidir le caitheamh aimsire nua struchtúr a thabhairt isteach sa lá, mar shampla cróiseáil nó cniotáil, cócaireacht nó ceol. Is féidir fiú rang aclaíochta a thoiseacht mar chaitheamh aimsire nua leis an chic ionoirfine sin a fháil agus cairde nua a dhéanamh don gheimhreadh.
Ós ag caint ar chairde muid, cén fáth nach ndéanfá pleananna leo? Osclaíodh margaí na Nollag ar na mallaibh in go leor cathracha ar fud na hÉireann agus is deis iontach iad seo bualadh le do chuid cairde agus do chroí a chur sa Nollaig. Bíonn cuma ghalánta ar na soilse ar fad agus is maith tú féin a mhilleadh ó am go chéile le scailtín fíona i lár na seachtaine. Is maith liomsa pleananna a dhéanamh chun an tseachtain a bhriseadh suas píosa beag agus ardú meanman a thabhairt dom féin in áit a bheith ag fanacht leis an deireadh seachtaine chun mo chuid spraoi a bheith agam i gcónaí.
Rud eile a chuidíonn liomsa go pearsanta ná maise a chur orm féin gach lá mar cuireann an geimhreadh isteach go mór ar an chuma a bhíonn orm. Bíonn aghaidh lán le goiríní agam, gága i mo liopaí agus srón a bhíonn ag sileadh i gcónaí mar gheall ar an athrú teochta, agus bíonn dath na gréine ón samhradh imithe ar fad ar fad.
Cé go músclaím ar maidin dhubh dhorcha agus ní bhíonn uaim ach an cnaipe suain a bhrú arís agus arís eile, éirím agus cuirim beagán smididh agus cumhráin orm chun muinín a thabhairt dom dul i mbun oibre mar is gnách. Chomh maith leis seo, cuireann sé áthas orm an cóta nó an scairf is fearr liom a chaitheamh.
Ar deireadh, má theipeann ar gach rud eile agus má fhaigheann na hoícheanta dorcha sneachta an ceann is fearr ort, níl aon rud eile le déanamh ach glacadh leis. Is leithscéal é an aimsir seo roinnt ama a bheith agat duit féin, tú féin a chuachadh ar an tolg agus leabhar a léamh, milseog dheas shómasach a bheith agat i ndiaidh do dhinnéir, éisteacht le ceol nó le podchraoltaí gan duine ar bith ag cur isteach ort, nó do sháith codlata a fháil faoi dheireadh.
Ní fada go mbeidh ceiliúradh na Nollag faoi lán seoil agus go bhfeabhsóidh an saol le tráthnónta breá geala. Go mbeire muid beo ar an am seo arís!