An bhfuil ‘Eanáir Tirim’ ar siúl agat?
Glac páirt inár bpobalbhreith

Níl ach coicís fágtha de mhí Eanáir anois agus neart daoine ó cheann ceann na tíre ag fairís chun fáilte chroíúil a chur roimh mhí Feabhra.

An fáth leis sin ná go bhfuil na mílte duine anseo in Éirinn agus thar lear ag glacadh páirte in ‘Eanáir Tirim’, tionscnamh ina staonann daoine ón alcól don chéad mhí den bhliain.

Sos a thabhairt don cholainn, don intinn agus don sparán is cúis leis agus tá moladh ag dul d’aon duine ar éirigh leo an pointe seo a bhaint amach gan deoch a bhlaiseadh, go háirithe le cultúr na craice atá againn mar Ghaeil.

Mar sin an bhfuil tú féin ag cleachtadh ‘Eanáir Tirim’, nó ar tháinig tart ort?