An chíoch abú

Rugadh mo mhac 9 mí ó shín tá sé ar an chíoch ó shin. Mo bhean a rinne an cinneadh an chíoch a thabhairt dó agus bhí mise ar a shon. Deirtear gurb é an bainne cíche is fearr don leanbh, rud atá ag teacht leis an fhianaise eolaíoch. Ach ba chinneadh s’aici féin é. Bhí a fhios agam go dtitfeadh an t-ualach oibre sin uirthi, ach shíl mise nár bhain sé liomsa mórán.

Ní chothaítear ach leath de pháistí na hÉireann ar an chíoch dar le UNICEF. Agus de réir na stáidéar is déanaí, tosaíonn 63% de na máithreacha in Éirinn ar an chothú cíche san otharlann, ach taobh istigh de 6 mhí ní bhíonn ach 15% de na leanaí ar an bhainne cíche amháin.

Tá an ráta cothaithe níos fearr sa chuid eile den Eoraip. Níor mhaith liom caitheamh aníos ar aon duine a shocraíonn buidéal bainne foirmle a thabhairt dá leanbh mar ní oibríonn an cothú cíche i gcásanna áirithe, sin nó níl an rogha sin ag na tuismitheoirí. Tá mise ag déanamh, áfach, nach iad na cruachásanna sin is cúis leis an ráta íseal den chothú cíche. Agus is féidir leis an athair nó an páirtnéir eile cuidiú leis an mháthair go mór.

Ian agus a mhac óg gealgháireach

Bhí brú orainn éirí as ón chéad lá. Is cuma faoi na ranganna Zoom roimh an bhreith, caithfidh an mháthair agus an leanbh é a fhoghlaim ar an chéad lá, láithreach bonn. Bhí trua agam do mo bhean mar bhí sí spíonta. Bhí sé deacair. Níor mhaith liom féin a mhothú go raibh ag teip orm mar thuismitheoir ar an chéad lá cionn is nach raibh ag éirí leis an bhabaí é féin a cheangal mar is ceart leis an chíoch. B’fhurasta dúinn éirí as – dhéanfá talamh slán de go raibh sé á chothú ach buidéal a thabhairt dó.

Tchítear domsa go mbaineann an scéal leis an tacaíocht a fhaigheann na mná. Is ar éigean go bhfuil cuimhne agam ar an tsaol sular rugadh an gasúr s’againn, ach is maith is cuimhin liom na póstaeir san otharlann, póstaier a léirigh go raibh cothaithigh go leor sa bhainne cíche, agus gur bhain míle buntáiste eile leis nach bhfaighfeá leis an bhainne foirmle. Mar shampla, freagraíonn an bainne s’aici do shainriachtanais an linbh, athraíonn sé de réir mar is gá chun tinnis áirithe a réiteach. Níor dúradh go mbíonn roinnt mhaith deacrachtaí agus strus ag baint leis ach go n-éiríonn sé níos fusa le himeacht ama.

D’fhan ár mac agus a mháthair san otharlann cúpla lá ar eagla nach n-oibreodh an cothú sa bhaile, agus bhí muid buartha faoi sin. Thug muid bainne dó le steallaire an chéad lá nó dhó. Bhí na banaltraí ar fheabhas, ach bhí siad ag obair gan stad gan staonadh ag cuidiú leis na mná eile. Níorbh ionann an taithí ná an t-eolas ag na banaltraí uile faoin chothú, ach d’éirigh leis an bhabaí agus a mháthair dul i dtaithí air, agus bhí sé le déanamh beagach gach uair an chloig, lá agus oíche ag an tús sular mhaolaigh sé. Dhealraigh sé go raibh níos mó eolais ag gach banaltra faoin bhainne foirmle. Níor caitheamh amach as an otharlann sinne, ach ba dheas tuilleadh ama a chaitheamh ann ag an tús.

De réir a chéile ba léir go raibh cúpla céim eile i gceist, bhí na didí frithear, stad an babaí de bheith ag ól in amanna, bhí sé caointeach. Agus má chodail an leanbh ar an chíoch, bhí mo bhean ag brath ormsa freastal uirthi lá agus oíche. Agus chaitheadh sé an oíche ar an chíoch ag an tús. Níor chuala mé faoi sin sna ranganna ar Zoom, nó níor fhiosraigh mise mar athair an scéal mar is ceart. Sin an cnuaschothú (cothú arís agus arís eile), rud atá nádúrtha ach bíonn tuismitheoirí go leor buartha go léiríonn sé go bhfuil easpa bainne ag an mhamaí. Ach is é an rud atá ann go spreagann tuilleadh cothaithe tuilleadh bainne sa chíoch. Cuireann an babaí ordú isteach don chéad chothú eile. Bhí a mháthair ag brath ormsa focail spreagtha a rá fosta óir bhí sé de dhíth ar mo bhean, obair phléisiúrtha ach crua is ea an cothú. Cruthaítear caidreamh iontach eatarthu, ach sos ní bhfuair sí sa chéad mhí nó mar sin. Éiríonn na cúraimí níos fusa de réir a chéile.

I ndiaidh tamaill dúradh linn nach raibh a mheáchán mar a bhí tuartha. Moladh di éirí as ábhar déiríochta ar eagla go raibh sin ag cur isteach ar an leanbh. D’éirigh go maith leis ansin. Ó na scéalta a chuala mé ó dhaoine eile, is ag an phointe sin a shocraíonn go leor daoine an bainne foirmle a úsáid.

Níl a fhios agam cad é a bhíonn san fhoirmle, ach fásann na babaithe a fhaigheann an buidéal cuid mhór níos luaithe ina saol, sin a chonaic mise. Tá sé furasta a dhéanamh, cuireann an leanbh meáchán air láithreach. Ach cailltear amach san fhadtéarma dar liom.

Ansin chuala muid an seanscéal faoin bhuidéal. Comhairle nár iarradh agus nach gcuidíonn, agus a chruthaínn lagmhisneach ar an mháthair: “Codlaíonn siad feadh na hoíche má thugtar buidéal dóibh”, “An bhfuil sé féin go fóill ar an chíoch?”, “Cá fhad a leanfaidh sí de sin?”.

Úna ag cothú an linbh

Codlaíonn buachailín s’againn go breá, ach músclaíonn sé cúpla uair san oíche chun braon bainne agus croí isteach a fháil óna mhamaí. Tá sé sin go breá, ní fadhb é mar a thabharfadh leath den tír le fios duit is cosúil, agus léiríonn sé dúinn go bhfuil sé slán sábháilte. Fiú agus seo ar eolas ag an mháthair, níor mhiste sin a chur in iúl di féin athuair nuair a chloistear an ráiméis eile sin. Dúirt cara liom go measann an ghlúin a tháinig roimhe seo gur fadhb iad nósanna linbh is gá a réiteach. Ba cheart glacadh leis go bhfuil go leor oibre i gceist agus go bhfuil an bealach nádúrtha go breá.

Agus tá bunús leis an chothú oíche sin, is mó bainne a bhíonn ag an mháthair san oíche. Laghdaíonn an cothú san oíche a riosca a bhaineann le bás tobann naíonán. Ach níor mhaith liom scéal fada a dhéanamh de na buntáistí, tá siad ar eolas againn. Caithfear díriú ar an stiogma a bhaineann leis an chothú cíche, go gcruthaíonn sé fadhbanna nach bhfuil réiteach orthu ach bainne foirmle a úsáid.

Tig leis an pháirtí cuidiú leis an mháthair go mór, í a chur ar a suimhneas agus ar a compord. Mhothaigh mé go raibh sé deacair mo chion féin a dhéanamh ach bhí dul amú orm. Sin cúis eile ar maith le roinnt cairde liom buidéal foirmle a úsáid. Tá neart eile le déanamh, áfach, mar a deir mo bhean, deir sí nach bhfuil aon leithscéal agam a bheith díomhaoin. Bíonn neart clúidíní le hathrú, tá cúraimí tí eile le déanamh, agus bíonn neart deiseanna ann súgradh leis agus an caidreamh a chothú.

Mise ab fhearr na brúchtanna a bhaint as an leanbh sna seachtainí sin ag an tús mar shampla. I ndiaidh roinnt seachtainí d’éirigh liom an bainne cíche a thabhairt dó i mbuidéal, chun na cúraimí a roinnt eadrainn giota beag.

Tá ag éirí go maith leis an bhabaí, anuas ar an bhia a itheann sé anois, faigheann sé an bainne cíche nuair is mian leis. Caithim féin bricfeasta leis gach maidin, i ndiaidh babhta súgartha, agus ligimid dá mhamaí tuilleadh codalta a dhéanamh. Is mór agam an súgradh ar maidin, am speisialta dom féin é na bréagáin a thabhairt amach agus gáire a bhaint as.

Shamhlóinn go mbíonn sé míle uair níos deacra ag bean gan pháirtí, nó nuair a chaithfidh a pairtí imeacht chun na hoibre ar feadh an lae, agus nuair nach bhfuil carr aici ná a muintir in aice léi. Tá an chuma ar an scéal gur fusa do dhaoine meánaicmeacha é a dhéanamh. Tá an t-ádh orainn go bhfuil saoire mháithreachais measartha fada ag mo pháirtí agus go bhfuil mo chuid uaireanta oibre solúbhtha.

Thiocfadh liom míle rud eile a lua, ní raibh orainn buidéil a ghlanadh gach lá, is é is fearr ó thaobh na timpeallachta de etc. Ach tá sé in am dúinn mar shochaí aghaidh a thabhairt ar na bacainní.
Orthu siúd, dar le UNICEF, tá 1. Noirm shóisialta nach molann cothú cíche fadtéarmach 2. Míthuiscint fhorleathan gur féidir bainne cíche a ionadú le bainne foirmle gan dochar 3. Easpa tacaíochta iarbhreithne agus tacaíocht mhaith do mhná chun tús maith a chur leis 4. Gnólachtaí móra bainne cíche a dhéanann an cothú le buidéal a normalaú agus a bhaineann an bonn den chothú cíche.

Agus caithfear buíochas a gabháil leis na máithreacha, lá agus oíche, ar son na leanaí.

Beidh féile Breastival ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn seo, agus beidh an triúr againn ann. Tá an fhéile mar chuid den tSeachtain Dhomhanda um Chothú Cíche, 1- 7 Lúnasa.

SCÉALTA EILE