An dátheangachas ina chabhair ag daoine a bhfuil MS orthu

D’fhéadfadh an dátheangachas a bheith ina cosaint ar an maolú intinne i ndaoine a bhfuil scléaróis iolrach orthu, dar le staidéar nua a rinneadh le deireanas. 

D’éirigh níos fearr le daoine dátheangacha a bhfuil MS orthu ná mar a d’éirigh lena gcomhghleacaithe aonteangacha i dtástálacha cognaíochta a rinneadh mar chuid den taighde. Foilsíodh torthaí an taighde san iris eolaíochta Linguistic Approaches to Bilingualism.

Fuarthas sa taighde gur beag difear a bhí idir daoine nach bhfuil MS orthu agus daoine dátheangacha a bhfuil MS orthu, ach bhí torthaí na ndaoine aonteangacha a bhfuil MS orthu níos measa ná an grúpa cóimheasa. 

“Seo an chéad staidéar a rinneadh inar iniúchadh an smaoineamh go bhfuil buntáiste sa dátheangachas maidir le galair néaraimheathlúcháin ar nós MS. Cé go ndéantar formhór na staidéaracha anailís ar othair a bhfuil an néaltrú orthu, dhírigh ár staidéar ar cheithre ghrúpa daoine agus léirítear ann buntáiste mór cognaíochta do dhaoine ilteangacha a bhfuil MS orthu i gcomparáid le daoine aonteangacha,” a dúirt an Dochtúir Fraibet Aveledo, léachtóir leis an Dátheangachas in Ollscoil Reading.

Rinneadh an taighde le grúpaí othar in Ospidéal Gregorio Marñón in Madrid na Spáinne. Cuireadh na tástálacha céanna ar dhaoine nach bhfuil MS orthu, daoine dátheangacha a bhfuil MS orthu, agus daoine aonteagnacha a bhfuil MS orthu. 

“An rud is spreagúla faoin staidéar seo ná go léirítear ann den chéad uair go gcabhraíonn an dátheangachas le cur in aghaidh an néaraimheathlúcháin a ghabhann le MS.

“Tugadh roinnt leideanna i staidéaracha a rinneadh roimhe seo go bhféadfadh an t-ilteangachas an intinn a chosaint, agus go méadaítear na ceantair sin san intinn a bhaineann le foghlaim agus próiseáil teangacha. Anois, léiríonn an staidéar nua seo cén chaoi a n-oibríonn an smaoineamh seo,” a dúirt duine eile den lucht taighde, an Dochtúir Christos Pliatsikas. 

Deir na taighdeoirí go bhfuil siad sásta gur féidir leo eolas nua a thabhairt do dhaoine a bhfuil MS orthu faoi bhealaí is féidir dul i ngleic leis an ngalar. 

SCÉALTA EILE