An dtéann tú go dtí an giom?

Bíonn go leor daoine ag pilleadh ar an ghiom i mí Eanáir agus rún againn tús breá sláintiúil a chur leis an bhliain úr.

Ar an drochuair bíonn muid faoin oiread sin brú ó fhógróirí go dtéann cuid mhaith againn i dtreo deochanna fuinnimh, nó creatháin phróitéin phróiseáilte, mar chuid den chóras nua traenála.

Ná déan. Is féidir linn gach uile rud atá de dhíth orainn a fháil ón dúlra.

Mar sin seo dhá oideas a chuideoidh leat agus tú ag ullmhú don aclaíocht.

Creathán Próitéin Nádúrtha

– x1 Ubh
– Dornán Spionáiste
– tsp Cainéal
– ½ tsp Tuirmiric
– Dornán Coirce
– bsp Im Piseanna Talún
– x1 Banana

Cuir gach rud isteach sa chumascóir agus doirt bainne isteach leis.

Nuair atá an dlús ceart air, stad don bhainne agus measc é.

Ól seo tar éis seisiúin nirt agus cuideoidh sé le tógáil na matán.

barra-fuinnimh

Barra Fuinnimh

– 350g Coirce
– 200g Im
– 100g Torthaí tirime
– 100g Síolta
– x3 bsp Mil
– x2 Im Piseanna Talún
– tsp Cainéal

Leáigh an t-im, im piseanna talún agus mil i scilléad nó sáspan, agus cuir an chuid eile leis ina dhiaidh sin.

Measc gach ábhar le chéile agus cuir é san oigheann i dtráidire ar feadh 45 bomaite ar 150C.

Lig dó fuarú.

Is féidir é a choinneáil ar feadh seachtaine i mbosca plaisteach.

Gearr i bpíosaí é agus tabhair cuid leat chuig an ghiom.

Bíodh sé agat tar éis seisiún maith cairdiach – ní le cupán tae i ndiaidh lóin!

SCÉALTA EILE