Ar bualadh bob sláinte ort?

Tamall ó shin, tháinig an fear seo isteach chuig ionad traenála ACLAÍ agus chuir sé é féin in aithne.

Bhí sé rud beag neirbhíseach, cuma thuirseach air, agus é ag cur braonta allais ón tsiúlóid suas na céimeanna chuig an ionad.

Dúirt sé go raibh sé ag teacht le hinsint dom faoin táirge iontach a bhí á dhíol aige a chuidíonn le daoine meáchan a chailleadh agus a bheith chomh folláin le breac.

N’fheadar an raibh an boc tugtha don táirge é féin, óir bhí cuma measartha míshláintiúil air.

Dúirt sé gur freastalaí beáir é nuair nach mbíonn sé ag obair mar ‘saineolaí cailleadh meáchain’. Ha!

Is beag nár chaith mé amach ar an fhuinneog é, é féin agus a chuid deochanna draíochta faoina ascaill aige, le go sábhálfainn an turas anuas na céimeanna air.

Cuireann an cineál seo ruda ar buile mé ar dhá chúis.

Ar an chéad dul síos, in ACLAÍ bíonn muid ag díriú ar shláinte daoine a fheabhsú san fhadtréimhse – agus chuige sin, bíonn muid ag obair go dian chun an tseirbhís is fearr a chur ar fáil dár mbaill.

Agus ar an dara dul síos, bíonn daoine meallta ag an chineál amaidí a bhí á spalpadh ag an ‘saineolaí’ seo.

Rómhinic bíonn daoine dallta ag an reic díolacháin agus caitheann siad neart airgid ar tháirge draíochta.

Cailleann siad roinnt meáchain go gasta, ansin titeann siad siar ar na sean-nósanna agus ní fada go mbíonn breis meáchain orthu thar mar a bhí sa chéad dul síos.

Má tharla a leithéid duit féin, ní gá a bheith ag mothú ciontach faoi.

Bualadh bob mí-ionraic ort.

Greedy

Bíonn a fhios ag na comhlachtaí a dhíolann na hearraí seafóideacha seo gur sin mar a oibríonn an táirge s’acu (neart cailleadh meáchain ag an tús, ansin siar go dtí an seanmheáchan agus níos mó tar éis tamaill), ach faoin am a oibríonn tú é sin amach duit féin, tá do chuid airgid caite.

Díoltar an méid sin táirgí ‘sláinte’ mar tá na comhlachtaí go maith i mbun margaíochta, agus bíonn a fhios acu cad é le rá nó le scríobh le do chuid mothúchán a ardú.

Tugann siad ort mothú go holc fút féin, ciontach as a bheith míshláintiúil, neamhmhuiníneach mar nach bhfuil tú cosúil leis an mhainicín san irisleabhar.

Ansin cuireann siad i do leith go bhfuil freagra acu, agus nach nglacfaidh sé ach X-méid de sheachtainí agus X-méid de shóinseáil sa mhí go mbeidh tú sásta sláintiúil.

Is amaidí amach is amach é seo, ach is cuma leis na comhlachtaí a fhad is a fhaigheann siad an cúpla pingin uait.

Seo tréithe cuid mhór de na bobanna margaíochta atá amuigh ansin le táirgí ‘sláinte’ a dhíol. Coinnigh súil amach dóibh!

1) Réim dian bia, go háirithe má tá síntiús forbhia i gceist leis.

2) Rud éigin a gheallann torthaí láithreach nó taobh istigh de thréimhse faoi leith (tá 6 seachtaine nó 10 seachtaine an-choitianta).

3) Aiste bia a thugann ort bia áirithe a ithe cuid mhór nó deoch ar leith a ól cuid mhór.

4) Táirgí, réim bia nó modh aclaíochta a deir go bhfuil gné ‘réabhlóideach’ nó focal éigin eile mar sin ag baint leis.

5) Táirgí, aiste bia, nó modh aclaíochta a bhfuil ™ in aice leis. Is siombail í seo do chomhlachtaí nó do tháirgí neamhchláraithe.

6) Táirgí agus forbhia cothaithe atá bunaithe ar mhargaíocht áirithe. Má thagann cara leat nó éinne a fhad leat á rá gur chóir duit táirge ar leith a cheannach agus go bhfuil sé go hiontach – agus iadsan sciar den bhrabús a fháil – amaidí atá ann.

7) An chuid is mó de na táirgí a fheiceann tú ar na ‘infomercials’ – amaidí!

Bhuel, sin é don lá inniu.

Coinnígí súil ar na leathanaigh seo nó beidh comhairle agam gan mhoill maidir leis an bhealach is fearr le d’aiste bia a shocrú – go háirithe ionas nach mbeidh na reiceanna cliste díolacháin, a chuirtear os ár gcomhair ar na meáin shóisialta agus in áiteanna eile, ag fáil an ceann is fearr ort.

Bheadh an-suim agam a fháil amach faoi na haistí bia agus na réimeanna aclaíochta ar bhain tú féin triall astu.

Fág trácht thíos le ceisteanna, smaointe agus do thaithí maidir leis an ábhar san alt agus tiocfaidh mé ar ais chugat!

SCÉALTA EILE