‘Ba bhreá liom tua le go mbrisfinn FSS mar a bhriseadar na dochtúirí agus altraí’

Tá mé ag briseadh chroí an eagarthóra. Is maith leis alt a fháil uaim gach Aoine. Is cuma leis cén t-am, níl aon bhrú mór ansin. Bhí mé in ann é sin a chomhlíonadh le linn an tsamhraidh. Anois, tá mé fillte ar an ollscoil, ar an bhfoghlaim agus ar an ospidéal, rud a chiallaíonn nach bhfuil mé in ann an cuid sin den réiteach a chomhlíonadh. 

Ó lá go lá, níl an fhios agam cén sceideal a bheidh agam mar go bhfuilim ag braith ar dhochtúirí comhairleoireacha atá ag iarraidh freastal a dhéanamh ar othair, obair riaracháin, dochtúirí agus oibrithe leighis eile agus am a chaitheamh le mic léinn chomh maith. Le mí, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuilim chomh tuirseach traochta faoin am a thagann an Aoine, nach bhfuil mo chloigeann in ann alt a scríobh. 

Níl tada i mo cheann ach an méid nach bhfuil ar eolas fós agam, na hothair a chonaic mé agus an bhail atá curtha ag COVID-19 ar obair an ospidéil. Mná is mó atá ag déanamh na hoibre seo, idir altraí, ghlantóirí agus chúramóirí sláinte.

Tá an Domhnach beagnach caite agus anois atá mé ag scríobh. Cé gur gheall mé go mbeadh alt scríofa moch Dé Sathairn. Mea culpa. Agus nílim in ann tada a rá ach go bhfuilim cantalach agus tuirseach. Ar chúis eicínt tá focail Chaitlín Maude ag teacht liom le coicís. Ba bhreá liom casúr nó tua le go mbrisfinn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an gcaoi chéanna gur bhris siad dochtúirí agus altraí. Seo atá tarlaithe do na daoine atá ag tabhairt aire d’othair na tíre. Ba bhreá leo an fuinneamh le greim a fháil ar na cláir is na tairní agus teach eile a thógáil, ach tá siad róthuirseach.

Tagann An Triail agam arís nuair a smaoiníonn mé ar na scéalta fuath ban atá feicthe agam sna meáin le mí. Ba bhreá liom rud eicínt a dhéanamh faoi, ach níl sé d’fhuinneamh agam. Tá faitíos orm go bhfuil go leor eile ag mothú ar an mbealach céanna. B’fhéidir gurbh é seo an fáth nach bhfuil rudaí cosúil le dlíthe a thabharfadh cosaint do mhná, do ghasúir, do dhaoine atá tinn san ospidéal sách daingean. Faoin am atá an obair chrua déanta, níl sé de mhothú ionainn troid le haghaidh cúinsí agus saol níos fearr. An gciallaíonn sé seo go bhfuil an bua ag an status quo? Go bhfuil ár spiorad scriosta acu? Gach áit, feicim bealaí nó deiseanna le jab níos fearr a dhéanamh de rudaí ach níl sé ionam é a athrú. Goilleann sé sin orm, agus tosaíonn an timthriall arís.

Bhí Caitlín Maude curtha i gcré na cille sular rugadh mé. Tá daoine, mná ach go háirithe, fós ag mothú mar seo. Ar a laghad, tá sé de chiall agam tuiscint nach bhfuil anseo ach seal. Tiocfaidh an lá arís go mbeidh mé sách láidir an tua a iompar agus tairseach a dhéanamh de rud eicínt. B’fhéidir gur tuiscint nua é seo. Nach féidir a bheith ag troid i gcónaí. An leigheas? Tá sé in am ag chuile dhuine eile cuid den chath a throid, seachas an t-ualach a bheith ar na daoine céanna i gcónaí. Sa gcás seo, fir bhána agus polaiteoirí. Is acu atá an eochracha an tí atá le athmhaisiú

SCÉALTA EILE