‘Ba í an bhuairt ba mhó a bhí orm ná titim chun feola’

Tá an-chuid meáchain curtha suas agam le 10 mí anuas. Dhá chloch le bheith ionraic. Ní ag lorg moltaí atá mé, ní haon fhadhb é meáchan a chur suas — tarlaíonn agus muid ag dul in aois agus de bharr athruithe saoil. 

Is fuath liom an bharúil nach ionann an bheathaitheacht agus áilleacht. Mar sin féin, ba í an bhuairt ba mhó a bhí orm ag teacht go Meiriceá ná titim chun feola — gan trácht ar mo chlann agus mo chairde a fhágáil nó ag bogadh go háit eachtrannach den chéad uair. 

Dár ndóigh, tharla sé in ainneoin na buartha, nó b’fhéidir de bharr na buartha, fiú. Ba mhaith liom a bheith in ann a rá nach gcuireann sé seo, nó mo chuid éadaí teanna, isteach orm. B’aoibhinn liom a bheith i “m’fheimineach cheart” agus a rá nach bhfuil greim mhillteanach an tionscail áilleachta orm. Ach ní féidir liom seo a rá. Tá déistin orm, agus tá mé crosta dá bharr.

Tá mo bhrionglóidí á bhfíorú agam agus mé i Meiriceá ag múineadh na Gaeilge. Tá mé crosta nach bhfuil taitneamh iomlán á bhaint agam as sin. Ní duine tanaí a bhí ionam riamh — bhíos i cónaí réasúnta aclaí agus is maith liom bia. Ach breathnaím siar ar sheanghrianghraif díom féin agus guím go mbeadh an meáchan céanna ormsa anois agus a bhí sna híomhánna sin. 

Féachaim uirthi agus cuimhním go raibh mé ag mothú ramhar an oíche sin, go raibh mé cúramach seasamh le mo lámh trasna mo bholg le haon fheoil sa bhreis a chlúdach. Féachaim ar na grianghraif is déanaí díom agus ní aithním mé féin, agus ba mhaith liom caoineadh. Ní chreidim anois go raibh an cailín óg sin riamh amhrasach faoina cruth. 

Ní bhaineann an fhadhb leis an meáchan, dar ndóigh, baineann sé ar fad leis an mbrú millteanach a chuirimid orainn féin. Síltear go bhfuil ag teipeadh orainn mura bhfuil ag éirí linn i ngach gné dár saol chomh maith le cruth deas, caol a choinneáil. 

D’oibrigh mé thar a bheith dian le scoláireacht Fulbright a bhaint amach. Chuireas isteach an t-iarratas is fearr a scríobhas fúm féin riamh, bhíos lán-muiníneach as mo chuid taithí leis an nGaeilge, le mo chuid gníomhaíochta, agus go mbeinn feiliúnach mar ambasadóir Éireann. Táim ag baint an-taitneamh as mo chuid ama anseo go dtí seo agus páirt glactha agam in iliomad imeachtaí. Ach táim fós ag streachailt an chreidiúint cuí a tabhairt dom féin.

D’éiríos as an gcamógaíocht ag tús na bliana — bhí post nua faighte agam agus bhíos ag díriú ar an múinteoireacht, ar obair choiste agus ar ullmhúcháin do Mheiriceá. Is dócha gur thosaigh mé ag cur suas meáchan ansin. 

Dúras liom féin i gcónaí go mbeinn in ann díriú air nuair a mbeinn socraithe síos i Meiriceá. Ní bhíonn cumha orm anseo go díreach, ach ní féidir liom a shéanadh nach mbíonn tréimhsí laga agam agus is mór an sólás é bia. Ní leithscéal atá ann, díreach a rá go dtuigim an fáth go bhfuilim ag éirí trom — ní dul amú orm faoi sin. Ach an ag teipeadh atá mé? 

Tuigim nach bhfuil bunús loighciúil leis an tuairim go bhfuil ag teipeadh orm mura bhfuilim tanaí agus ‘tarraingteach’ agus mé i m’ambasadóir  anseo. Tá an-chuid bainte amach agam agus is de bharr mo chumais féin atá sé. Sin a déarfainn le cara ar bith liom a bheadh ag mothú ar an tslí chéanna liomsa.

Tuigim nach ar chruth nó ar chorp a bhfuil mo luach mar dhuine bunaithe. Tuigim go bhfuil níos mó le tabhairt agam don domhain, is léir sin ó mo shruth Instagram nó m’fhotha nuachta Facebook! Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus ní hionann an duine gealgháireach ar scáileán agus an duine atá ag déanamh buartha faoina chorp.

Bhíos in Nua-Eabhrac i mí Dheireadh Fómhair. Bhí mé ag seasamh i lár Times Square liom féin, na deora liom agus mé i ndiaidh comhrá le ball teaghlaigh sa bhaile inár tagraíodh do na grianghraif is déanaí ar m’Instagram. 

Moladh dom gan seasamh i ngrianghraif le mo chuid lámha taobh thiar díom —  doesn’t do you any favours”. Briseadh mo chroí. Ní hamháin go raibh mise ag streachailt le mo mheáchán, ach d’aontaigh duine a bhfuil grá agam dó liom. 

Ní raibh aon mhailís i gceist leis an ráiteas. Tuigim gur cheap an duine seo go raibh an “scéal lom” ag teastáil uaim agus go mbeadh siad ag cabhrú liom. Is léir nach bhfuil an duine seo compordach le beathaitheacht ach oiread.

Cuireann sé brón an domhain orm gur air sin a bhí ár gcomhrá bunaithe, seachas m’eachtraí i Meiriceá. Ach ní chuirim an milleán ar an duine sin, cuirim an milleán ar an mbréagíomhá den “bhean fhoirfe” a bhrúitear orainn sna meáin.

Mar sin, tá cinneadh déanta agam dul i ngleic leis an dúlagar seo. Chuireas na héadaí ar fad atá róbheag orm i bhfolach. Ní ligfidh mé d’éadach an lámh in uachtar a fháil orm níos mó — is agamsa atá an smacht. 

Caitheamh aimsire nua atá agam ó a tháinig mé go Chicopee ná dul go siopa dara láimhe atá 30 nóiméad ó mo theach. Credim go gcabhródh an 3 rud seo liom mo mhisneach a ardú:

1.Cíochbheart push-up nua: tá mo chuid cíocha níos mó ná mar a bhí riamh, b’fhiú gach leas a bhaint astu agus ‘ardú meanman’ a thabhairt dóibh. Is ionann ardú croí agus ardú cíoch, mar a deir an seanfhocal! Tá an bheirt beagnach chomh ard le mo smig anois agus tá an misneach ag ardú leo.

2.Bríste géine ina bhfuilim compordach: nílim chun suí go míchompordach a thuilleadh, feoil ag gobadh amach thar bhanda agus mé ag déanamh buartha i m’inchinn, “caillfidh mé an meáchan go luath”. Anois mothaím cumhachtach, mealltach, fiú. Ba bheag go ndearna mé dearmad ar an tóinín iontach sin i mo dhiaidh!

3.Éadaí aclaíochta nua: níl aon rud níos measa ag dul chuig an spórtlann in éadaí atá i fhad rótheann, ag guí gach uile shoicind go dtitfeadh saill díom láithreach le go mbeidh mé compordach arís. Níl aon bhealach éasca ann ach an t-am a a chaitheamh ag traenáil agus mo mheon i leith mo cholainne a leasú. Ní fiú faic an cleachtadh  coirp murach sin.

Ag an stad go rabhas ag caoineadh i lár chathair Nua-Eabhrac, bhíos tar éis ceithre phunt a chailliúint, níor ith mé rud ar bith don tseachtain agus shlog mé trí phiollaire aiste bia gach lá ar feadh seachtaine. Bhíos in ísle brí.

Ní fhéadfaí leanúint ar aghaidh leis na nósanna itheacháin míshláintiúla sin. Tá nasc idir an tsláinte mheabhrach agus an tsláinte choirp, agus a mhéid náiriú a dhéanaim orm féin faoin meáchan, is ea is measa a éireoidh an fáinne fí. Caithfear cinneadh a dhéanamh meáchan a chailliúint dom féin, ní ar mhaithe leis íomhá cheart a bhaint amach. Nílim in ann rith le haghaidh 5km níos mó gan a bheith báite le hallais, agus b’fhearr liom seo a réiteach ar dtús. Tiocfaidh na hathruithe eile mar bhónas.

Dá gcaithfinn  an t-am a chaithim do mo cháineadh mé féin ar mo ghairm bheatha, samhlaigh an méid a bheinn in ann a bhaint amach. Conas mar a mhothóidh mé i gceann sé mhí eile? Is maith an scéalaí an aimsir — tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

Más rud é gur chuir ábhar an ailt seo isteach ort, déan teagmháil le  www.bodywhys.ie 

SCÉALTA EILE