Tá cleachtadh againn ar airgead a tharraingt amach as an ATM, ach tá an cur chuige seo in úsáid den chéad uair le seachtain anuas san India chun ábhar eile ar fad a dháileadh – bainne cíche.
Tá banc lán le bainne cíche anois ann, é dírithe ar leanaí a rugadh roimh am agus ar leanaí nach bhfuil fáil acu ar bhainne a máthar.
Is mic léinn ó Institiúid Iarchéime Jawaharla um Thaighde agus Oideachas Leighis, nó JIPMER mar a thugtar air go coitianta, a tháinig aníos leis an choincheap.
In áit Automated Teller Machine, seasann ATM do ‘Amudham Thaippal Maiyam’.
Sa Tamailis, is ionann an focal ‘amudham’ agus neachtar sa Ghaeilge.
Beathú cíche atá i gceist le ‘thaippal’, agus ciallaíonn ‘maiyam’ ionad nó institiúid.
Dar le Subhash Chandra Pariga, Stiúrthóir JIPMER, is naíonáin d’ísealmheáchan breithe agus leanaí a rugadh roimh am iad 30% de na 1,500 babaí a thagann ar an saol san institiúid gach mí.
Anuas ar sin, is iomaí fadhb a bhíonn ag máithreacha atá ag cothú páiste ar an chíoch a chuireann bac leo leanúint ar aghaidh leis.
Beidh an ATM, atá suite i gcathair Puducherry, dírithe ar bhainne cothaitheach agus cúram breise a thabhairt do na leanaí sin a bhfuil siad de dhíth orthu.