Fadó, fadó, mharaigh an bholgach daoine gan trócaire. Thug dochtúir i Sasana darbh ainm Edward Jenner faoi deara go raibh grúpa amháin daoine nach raibh ag fáil bháis. Na mná a bhíodh ag bleán bó. Bhíodar á tholg ó na beithígh, ach ní raibh siad ag éirí tinn.
Thóg sé leacht ó bhean amháin a raibh lorg fágtha ag an ngalar uirthi agus bhain sé úsáid as le ionaclú a dhéanamh ar fhear óg eile. Níor thóg an fear sin an galar. Tá na vacsaíní atá againn sa lá atá inniu ann ar fad bunaithe ar an gcoincheap sin. Tá an t-ádh dearg orainn gur féidir galair a sheachaint.
Ar chúis éigin, táthar ann a cheapann go bhfuil fios níos fearr acu, agus iad ag tabhairt droim láimhe d’fholáirimh ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) nó ón dochtúir teaghlaigh atá faoina dhóthain brú oibre gan a bheith ag déanamh imní faoi thuismitheoirí ‘eolacha’ ag ceilt vacsaíniú ar ghasúir mar gheall ar thuairimíocht bhréagnaithe faoin mbaol atá ag dul leis.
Le seachtain, bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur fainic ar dhaoine faoin mbruitíneach. Tá ceantair éagsúla sa tír luaite ag an bhFeidhmeannacht ina bhfuil ráig den ghalar tógálach ag déanamh dochair. Is sciobtha a dhéanann muid dearmad. Bhí uair ann go raibh daoine ar scanradh roimh an mbruitíneach.
Tá sí in ann damáiste a dhéanamh don inchinn, nó niúmóine a chothú. Faigheann duine as chuile mhíle a mbíonn an bhruitíneach orthu bás. Tá an bhruitíneach dhearg in ann gasúr sa bhroinn a dhéanamh bodhar. Tá an leicneach in ann cur as do thorthúlacht fir. Is féidir é sin ar fad a sheachaint ach an MMR a fháil.
Moltar go bhfaigheadh 95% den daonra an vacsaín le comh-imdhíonacht a chothú. In Éirinn, meastar nach bhfuil sé faighte ach ag 92%, agus in áiteanna éagsúla tá an céatadán níos ísle ná sin, mar gheall ar an ‘mbaol’ atá ann don ghasúr. Is é seo an t-aon bhealach le gasúir bheaga agus na daoine nach bhfuil in ann é a thógáil a choinneáil slán.
Níl aon chruthúnas ann maidir le baol uathachais ná ailse ná aon rud eile. In 2009, tosaíodh ar an vacsaín HPV a thabhairt do ghasúir in Éirinn. Bhí raic ann nuair a chinn an rialtas nach raibh siad in acmhainn é a dháileadh. Mhionnaigh an Teachta Dála an Dochtúir James Reilly agus fir ghnó eile, go n-íocfaidís do chuile chailín ina gceantar féin chun an vacsaín in aghaidh na hailse a fháil.
Mo léan, is cosúil gur mó cumhacht agus saineolas a bhí ag an mbréagnuacht, agus go tobann, bhí tuismitheoirí á dhiúltú dá gcuid iníonacha le teann faitís go raibh sé le goilleadh orthu.
B’fhearr leo a n-iníonacha a chur i mbaol ailse mar gheall ar alt a léigh siad ar an idirlíon. Nílim ag déanamh beagán den imní. Tá daoine ann atá go dona, a chreideann go raibh siad togha roimh shnáthaid an MMR nó an HPV, agus tá aire agus cóir leighis ag dul dóibh. Ach níl aon chruthúnas ann gurbh é an vaicsín a rinne tinn iad.
Is aisteach an rud é, agus muid diongbháilte ag iarraidh ár sláinte a chosaint go bhfuil an oiread sin againn ag roghnú neamhaird iomlán a dhéanamh de na fíricí. Marófar daoine dá bharr.