Tá sé deich mbliana ó fuair mé scéala gur frítheadh ábhar mínormálta i dtástáil smearaidh. Taobh istigh de mhí bhí mé istigh ag an gclinic colpascópachta agus é ráite liom gur frítheadh cealla CIN3 i mbéal na broinne. Déantar grádú ar na cealla mínormálta seo ó CIN1 go CIN3 agus bhí orthu fáil réidh leo.
Chuaigh mé ar ais arís, agus tógadh na cealla amach ag baint úsáid as próiseas diaiteirme ar a dtugtar LLETZ. Fuair mé ainéistéiseach logánta agus taobh istigh d’uair an chloig bhí mé críochnaithe agus thiomáin cara abhaile mé. Ní raibh aon phian mhór ag baint leis an rud ar fad, ach ní hé an rud is compordaí a rinne mé riamh ach oiread é!
D’imigh bliain, agus chuaigh mé ag an gclinic colpascópachta arís, agus arís frítheadh cealla CIN3. Bhí orm an LLETZ a dhéanamh arís. Sin naoi mbliana ó shin, agus fós bíonn orm tástáil a dhéanamh chuile bhliain, cé gur tástáil gach 3-5 bliana a mholtar do mhná go hiondúil.
Cén fáth go bhfuilim á scríobh seo? Murach CervicalCheck, tá chuile sheans ann nach mbeadh mé gaibhte ag an dochtúir don chéad tástáil smearaidh sin deich mbliana ó shin mar ní raibh aon chomharthaí ann a thug le fios go raibh tada as ord. Fuair mé litir ag meabhrú dom go raibh an tástáil ag dul dom saor in aisce mar chuid de scéim scagthástála náisiúnta.
Tá seans maith go mbeadh port an-difriúil go deo agam dá mbeinn fanta go dtí go mbeadh siomtóim ailse ag cur as dom. Níl ailse cheirbheacs éasca le déileáil leis, mar faoin am go n-aimsítear í, is minic go mbíonn sí gaibhte go domhain sa cholainn, nó scaipthe. Meastar go dtógann sé suas le deich mbliana do chealla CIN3 iompú ina n-ailse, ach corr-uair is féidir leis tarlú taobh istigh de thrí bliana.
I mo chás féin, bhíodar ar ais taobh istigh de bhliain, rud a léirigh domsa go raibh láidreacht ag baint leo. Tá mná beo inniu mar gheall ar CervicalCheck. Beidh cailíní an lae inniu beo mar go bhfuair siad vacsaín an HPV. Ní bheidh siad ag déanamh imní mar go bhfuil cosaint faighte acu ón víreas is mó a chothaíonn ailse. Má thagann an lá go mbeidh siad ag iompar clainne, ní bheidh aon imní orthu faoi laigí sa cheirbheacs.
Tá an LLETZ in ann muineál na broinne a fhágáil lag, i gcásanna. Fuair mise faoi dhó é, agus mar sin, tá baol ann go gclisfeadh ar an toircheas nó go dtiocfadh an leanbh ar an saol ró-luath.
Impím ort, más bean thú, in ainneoin an méid atá cloiste agat faoin mbail atá curtha ag na seirbhísí sláinte ar mhná, coinneáil leis an tástáil. Más fear thú, cuir i gcuimhne do mhná thart timpeall ort an tástáil a dhéanamh.
Má tá iníon agat, déan neamhaird iomlán de scanrálaithe maidir leis an vacsaín agus cinntigh go bhfaigheann sí é. Is iomaí bean atá beo, agus nach bhfuil linn níos mó, a dhéanfadh rud ar bith ach an tsnáthaid sin a bheith faighte acu.