Chaith Miriam Needham tréimhse san India le déanaí ag déanamh staidéir ar ióga. Anseo míníonn sí dúinn cad go díreach atá i gceist leis an gcleachtas, na buntáistí a bhaineann leis agus conas is féidir leatsa é a shníomh isteach i do shaol féin.
Nuair a chloiseann tú an focal ‘ióga’, céard a thagann isteach i d’intinn?
Aclaíocht? Gleacaíocht? Neart? Cumhacht? Hot fiú?
An bhfeiceann tú gúrú críonna nó bean óg gheal thanaí?
Bíonn sé deacair briseadh amach ón íomha iartharach a chuirtear os ár gcomhair nuair a luaitear ióga.
Cuir an focal isteach ar Google, mar shampla, agus gheobhaidh tú na mílte íomhá de mhná ag síneadh nó ina suí go suaimhneach.
Is iontach an rud é go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag baint tairbhe as cleachtas ársa ióga ar bhonn rialta ach, faraor, uaireanta is feidir leis an ‘ióga iartharach’ seo bheith éilíteach agus ardghradamach.
Go deimhin is gnó ollmhór anois é ar fud an domhain.
Dar liom gur choir dúinn fail réidh leis an íomhá seo de bhean óg atá geal agus tanaí: tá ióga ann do gach uile dhuine!
Gach inscne, gach aois, gach cine agus gach corp.
San India, áit dhúchais ióga, cleachtar é chun suaimhneas agus sláinte mhaith a chruthú.
Ní spórt atá ann, ach córas fealsúnachta a chothaíonn aontas idir meon, corp agus anam.
An aidhm atá aige ná féintuiscint agus soilsiú.
Is teiripe shlán é ar féidir leis gach gné de do shaol a shaibhriú.
Níl i gceist leis na ‘asanas’ – nó na deasuithe (positions) a fheictear go coitianta – ach uirlis amháin den ióga.
8 nGéag Ashtanga
Tá saghsanna éagsúla ióga ann, ach in Ashtanga, tá ocht ngéag:
Díríonn an chéad dá ghéag – Yamas agus Niyamas – ar fhéalsúnacht ióga.
Tugann said comhairle dúinn ar conas bheith cineálta, macánta agus grámhar inár saol féin.
Is í an tríú géag – Asana – an ceann atá ar eolas againn go léir: ‘downward dog‘, ‘upward dog‘ srl!
An ceathrú géag ná Pranayama, ar teicnící anála iad, agus an cúigiú ceann ná Pratyahara, nó díth chéadfach.
Díríonn an chéad dá cheann eile – Dharana agus Dhyana – ar mhachnamh agus is Samadhi (soilsiú) an ceann deireanach.
Is uirlísí an-cumhachtacha ar fad iad machnamh agus pranayama gur feidir a dhéanamh gach uile lá, ina n-aonar nó i dteannta do chleachtais asana.
Meon Machnaimh
Is staid intinne é machnamh.
Is bealach é chun a chinntiú go bhfuil tú “i láthair”, i do mheon, i do chorp agus i d’anam.
Tá an intinn i gcónaí ag léimt ó smaoineamh go smaoineamh ach, agus tú i mbun machnaimh, breathnaíonn tú ar na smaointe in áit imeacht in éineacht leo.
Bíonn mothúcháin ceangailte leis na smaointe a ritheann trínár n-intinn.
Más féidir díreach breathnú orthu in áit ceangal leo, is feidir staid shuaimhneach a bhaint amach.
Tá machnamh ag teastáil uainn anois níos mó ná riamh cheana.
Tá a fhios agat féin nach féidir leis an gcuid is mó againn bheith inár suí ar bus ar feadh dhá shoicind gan bheith ag féachaint ar an bhfón!
Bíonn an aigne i gcónaí in áit éigin eile, ag smaoineamh ar rud éigin eile.
An t-am is fearr chun machnamh a dhéanamh ná ar maidin, roimh aon rud a ithe.
Ní gá ach suí le do dhroim díreach, dún do shúile, agus dírigh d’aird ar d’anáil.
Tosaigh go beag – bain triail as nóiméad amháin machnaimh gach lá ar feadh seachtaine agus ansin dhá nóiméad an chéad seachtain eile.
Cumhacht na hAnála
An rud atá i gceist le Pranayama ná teicnící anála gur feidir fáil réidh le strus, an córas imdhíonachta (immune system) a neartú, agus díleá (digestion) a fheabhsú.
Sa lá atá inniú ann, bíonn an chuid is mó againn ag análú sa chliabhrach uachtar – tá an inchinn chomh gníomhach sin go ndéanann muid dearmad ar an gcorp!
Ach is feidir le cúpla anáil ó go domhain sa bholg suaimhneas a chur ort.
Tá cumhacht mhór ag baint lenár n-anáil má úsáideann muid i gceart é.
Is minic go dtogann daoine amach a bhfón póca díreach tar éis rud éigin a ithe – ach nuair a dheanann muid sin, téann ár bhfuinneamh (agus ár n-anáil) go léir go barr an choirp.
Mar sin ní dhíleánn muid ar gcuid bia mar is ceart.
Déan iarracht gan bheith ag breathnú ar scáileáin díreach tar éis ithe – nó fiú le linn bheith ag ithe! – agus beidh do dhíleá níos éasca agus níos tapúla.
Deasuithe: Asanas
De gnáth, is iad na ‘asanas’ – nó ná deasuithe (positions) – an doras a thógann daoine isteach go saol an ióga.
Tá na mílte buntaiste ag baint leo asanas: cuireann said feabhas ar sholúbthacht, neart agus cothromaíocht, sa chorp agus sa mheon chomh maith.
Mar a luaigh mé cheanna, is íocshláinte é ióga a chuireann ar ár gcumas muid fhéin a chneasú trí ghluaiseachta agus feasacht anála.
Nuair a bhí mé ag staidéar ióga san Ind dúirt mo mhuinteoir rud a fhanann liom i gcónaí:
“Is é is ‘ard-deasú’ (advanced pose) ann ná aon deasú atá go maith do do shláinte.”
Is cuma má tá tú in ann do chosa a chur taobh thiar de do cheann nó muna bhfuil tú in ann lámh a chur ar do ladhracha.
An rud is tábhachtaí ná go bhfuil tú ceangáilte leat féin, le d’anáil agus le do chorp.
Ar bealach tá cleachtas ióga agus cleachtas ceoil an-chosúil – bíonn an bheirt – an yogi agus an ceoltóir – ar aon lena uirlís.
Tá an fuinneamh ag sruthú gan bhreith, gan ego.
Thosaigh mé féin amach ag cleachtadh ióga mar go raibh fonn orm meáchan a chailliúint.
Níor chaill mé meáchan, ach anois níl fonn orm meáchan a chailliúint… rud atá i bhfad níos fearr!
Thug ióga i bhfad níos mó dom ná a raibh mé ag súil leis.
Cabhraíonn sé liom i ngach cuid de mo shaol – ní hé nach mbíonn drochlá nó strus agam, ach ciallaíonn sé go bhfuil uirlísí agam chun a bheith ag déileáil le rudaí níos fearr.