Cén fáth a mbeirtear níos mó leanaí i Meán Fómhair ná in aon mhí eile?


Is í Meán Fómhair an mhí ina dtagann níos mó páistí ar an saol ná aon mhí eile i rith na bliana.

Léiríonn taighde as Éirinn agus as tíortha eile sa leathsféar thuaidh gurb amhlaidh an scéal, le mí Lúnasa ag teacht isteach sa dara háit.

Ach cad chuige a mbíonn níos mó daoine ag ceiliúradh a mbreithlae i mí Mheán Fómhair thar mhí ar bith eile?

Is í an teoiric is mó ná go bhfuil an freagra le haimsiú i laethanta dorcha féiltiúla na Nollag.

Agus daoine ag baint sult mór as an tréimhse idir an Nollaig agus Oíche na Seanbhliana, is léir go mbíonn fonn níos mó orthu am teolaí grámhar a chaitheamh le chéile agus bíonn a thionchar sin le feiceáil naoi mí anonn!

Dar le staidéar as SAM go mb’fhéidir go rachfadh meath ar chaighdeán speirme le linn an tsamhraidh – i measc cúiseanna eile bitheolaíocha – i bhfeidhm ar an difear ach is dócha go bhfuil níos mó fírinne i dteoiric na Nollag.

Breithlá sona mar sin do chách a tháinig ar an saol i mí mhór seo na mbreitheanna!

SCÉALTA EILE