Cóireáil Aghaidhe leis an Vaimpír

Bhaineas triail as cóireáil le déanaí ar tarraingíodh clú agus cáil uirthi de bhrí Kim Kardashian í féin. Níl an ‘chóireáil aghaidhe vaimpíre’ chomh foréigneach is a cheapfá. Tá mé 27 bliain d’aois agus le 10 bliain anuas, táim ag fulaingt le haicne. Ní aicne normálta í ach aicne chisteach agus tá na céadta táirgí triailte agam gan rath ar bith. Ag am na Nollag, bhí mé as mo mheabhair le mo chraiceann tar éis cist phianmhar uafásach áras a thógaint ar m’aghaidh.

Ar ndóigh, bhí comhairle ag gach éinne dom – daoine nach raibh aon taithí acu le cruachás cosúil leis seo.

Anois, a léitheoir, cloisim do bhreithiúnas cheana féin. Ní duine baoth mé in aon chor ach ní raibh smideadh Charlotte Tilbury, Mac, nó aon bhranda eile in ann an rud seo a dhuaithniú. Bhí sé chomh dona sin nach raibh mé in ann an teach a fhágaint ar feadh cúig seachtaine. Ba chosúil le gobstopper a bhí sé.

Roimh an Nollaig, chonaiceas rud éigin ar Instagram, molta ag Kim Kardashian. Ní minic a éistim le milliúnaí nach bhfuil aon chosúlacht acu liom, ach bhíos i dtánaiste an anama agus mar sin, chuir mé coinne in áirithe.

An rud atá i gceist le cóireáil aghaidhe vaimpíre ná go dtarraingítear fuil ó do lámh agus cuirtear i meaisín í a scarann na cealla fola bána ó na cealla fola dearga. Is iad na cealla fola bána a leigheasann tinnis dhifriúla taobh istigh den chorp. Insteallann siad na cinn bhána isteach san aghaidh. Ní cóireáil ionrach í agus is rud ana-dhifriúil é le Botox nó aon rud den saghas sin. Úsáideann siad d’fhuil féin (rud ana-nádúrtha!) agus dúradh liom ar an lá go n-úsáidtear anois é do dhathacha sna hailt. Ina ainneoin sin, úsáideann siad peann le snáthaid chun an leacht óir seo a bhrú isteach sa chraiceann.

Cé go n-úsáidtear ungadh chun d’aghaidh a dhéanamh bodhar, tá sé saghas míchompordach. Ach ní thógann sé ach lá amháin teacht chugat féin agus seachtain nó dhó biseach a fheiscint go ginearálta. Brostaíonn sé cumas an chraicinn collaigin a dhéanamh agus tugann sé gile nádúrtha duit chomh maith.

Tá dhá cheann déanta agam anois agus tar éis leigheas géar amhail Roaccutane a thógaint san am atá caite, táim ana-shásta le torthaí na cóireála vaimpíre. Cé nach bhfuileadar saor, déanfaidh mé trí nó ceithre cinn eile ar a laghad. Níor shamhlaigh mé riamh go ndéarfainn a leithéid ach… go raibh maith agat, Kim Kardashian!

SCÉALTA EILE