Cad é mar is féidir le duine heitrighnéasach labhairt faoin aiteas? An féidir meon daoine eile a athrú ina thaobh, nó an fearr fanacht ciúin agus ligint don phobal aiteach labhairt ar a son féin? Cad é ba cheart a dhéanamh má deir duine rud dímheasúil faoin phobal LADT+ os do chomhair?
Fuair mé ceist an tseachtain seo ó dhuine atá ag iarraidh seasamh leis an phobal aiteach. Rinne mé mo dhícheall comhairle ionraic a thabhairt bunaithe ar an rud a dhéanfainn féin. Mar a deirim i mo fhreagra, áfach, níl gach rud ar eolas agamsa. Tá mé ag iarraidh foghlaim, agus chuige sin, a chairde, cuirim fáilte roimh bhur gcomhairlesean domhsa agus do R!
R, 26
Ag tarraingt ar mhí an Bhróid ba bhreá liom a bheith níos muiníní ag caint le daoine atá drochbhéasach faoin phobal aiteach. Ní ball mé don phobal sin ach bím ag tacú leo agus cuireann sé isteach go mór orm nuair a deir daoine atá mór liom, mo theaghlach san áireamh, drochrudaí fúthu.
Is as ceantar tuaithe mé agus tá sé sáinnithe i roinnt daoine a úsáideann “aerach” mar mhasla nó drochfhocail a úsáid go réchúiseach agus iad ag cur síos ar dhaoine aiteacha. Sílim gur míthuiscint agus aineolas atá ann don chuid is mó. An bhfuil moltaí agat ar conas is féidir liom na comhráite seo a dhéanamh?
Ní réitítear dúshláin mar seo le haon chomhrá mór amháin. De réir mo thaithí, is gá go leor comhráite beaga deacra ciotacha a bheith agat arís is arís eile. Mothóidh tú ciotach, mothóidh siadsan ciotach. Tá seans ann go gcruthóidh sé teannas, ach is fiú agus is gá na comhráite sin a dhéanamh. Labhróidh mé go ginearálta anseo faoi chúrsaí an phobail LADT+, ach i ndáiríre, ba cheart dúinn na prionsabail chéanna a úsáid agus muid ag cosaint aon phobail atá faoi chois.
Is gá caveat a thabhairt anseo: níl mise foirfe. Tá mé ag foghlaim i gcónaí. Déanaim iarracht na comhráite seo a dhéanamh am ar bith a bhfuil gá leo ach ní éiríonn liom i dtólamh. Bíonn eagla orm uaireanta, nó ligim don mhíchompord mé a stiúradh. Ach is gá a bheith míchompordach uaireanta, go háirithe nuair atá pribhléid againn nach bhfuil ag muintir eile. Agus mé ag tabhairt freagra duitse, ní ag labhairt ar son an phobail LADT+ atá mé. Tá mé ag labhairt mar chara agus mar chomhghuaillí, agus fáiltím roimh mholtaí.
Má deir duine focal dímheasúil faoin phobal aiteach os do chomhair, ceistigh iad. Uaireanta, is leor “Cad é a dúirt tú ansin?” Má thuigeann siad gur rud dímheasúil é, beidh siad náiriste. Muna dtuigeann, beidh deis agat a mhíniú dóibh go bhfuil sé dímheasúil agus nár cheart labhairt mar sin.
Labhróidh muid faoin ghrúpa sin nach dtuigeann go fóill. Tagaim féin as teaghlach tuaithe, a raibh saol measartha clúdaithe cosanta acu, mar a bhí agam agus mé óg. Feirmeoirí a bhí sa bheirt seanaithreacha agam. Ní ag déanamh leithscéalta d’aon duine atá mé, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach a aithint nach raibh deis ag mo thuismitheoirí mórán taistil a dhéanamh, nó i ndáiríre, cur fúthu níos faide ná 30 bomaite ón áit ar rugadh iad.
Ní hé sin le rá nach dtuigeann feirmeoirí cúrsaí LADT+! Ach sílim go mbíonn eispéireas ar leith ag muintir na tuaithe, agus nach mbíonn na deiseanna céanna ag lucht na tuaithe bualadh le daoine a bhfuil cúlraí nó gnéasacht dhifriúil acu mar a bheadh ag muintir na cathrach.
Toisc sin, ní bhíonn siad i gcónaí chomh heolach sin ar na cúrsaí seo. Is é sin an meon a choinním nuair a deir mo thuismitheoirí rudaí nach ndéarfainn féin. Ceistím iad i gcónaí, ach déanaim é le grá agus le tuiscint. Tá sé tuirsiúil ach tá sé fiúntach. Glacaim leis nach bhfuil siad ag iarraidh mé, nó aon duine eile, a ghortú. Tá siad ag iarraidh foghlaim. Agus tá mé ag iarraidh cuidiú leo.
Tá siad siúd ann, áfach, a thuigeann go maith agus a dhéanann fós é. Má bhíonn an duine trodach faoi, nó más léir go dtuigeann siad go bhfuil dímheas á léiriú acu, agus go bhfuil siad á dhéanamh cibé, tá rudaí níos dúshlánaí.
Mholfainn i gcónaí fanacht socair gan argóint ach do chuid pointí a dhéanamh go soiléir agus go beacht. Rud a dhéanaim féin uaireanta le daoine cosúil leis seo ná díreach, “Ní féidir leat sin a rá agus tá a fhios agat sin.” Agus ansin an t-ábhar a athrú nó rud eile a rá. Bím dóchasach ansin go smaoineoidh siad sula ndeir siad rud den sórt sin arís.
Rud eile is féidir a dhéanamh go leanúnach nach bhfuil chomh trodach céanna ná cúrsaí LADT+ a normalú sa ghnáthchomhrá le daoine. Labhair faoi na cairde atá agat, na caidrimh ina bhfuil siad, cibé inscne a bhaineann leis sin — MÁ tá siad amuigh! Ná déan rud mór as an ghnéasacht nó an fhéiniúlacht inscne atá acu. Labhair faoi mhí an Bhróid, labhair faoi rudaí sa nuacht. Má dhéanann tú an t-aiteas a normalú i measc na ndaoine thart timpeall ort, tuigfidh siad gur rud normálta é.
Níl mé ag iarraidh a rá gur rud furast é dul i ngleic le dearcthaí daoine agus iad a athrú. Tá sé dúshlánach ach tá sé riachtanach. Bainimis úsáid as an phribhléid atá againn le cuidiú leis an phobal aiteach le linn mhí an Bhróid agus i gcónaí.
An bhfuil ceist agat nár mhaith leat a phlé os ard? Fadhb náiriúil nár mhaith leat labhairt faoi le haon duine? Seol isteach go hanaithnid é anseo, agus déanfaidh Kathryn é a fhreagairt go luath!