‘Comhairleoireacht is mó atá a dhíobháil ar na daoine’

Labhair máthair ar chuir a deartháir agus a mac araon lámh ina mbás féin faoin mbriseadh croí a bhaineann leis an bhféinmhárú agus an gá atá ann seirbhísí níos fearr a chur ar fáil le dul i ngleic leis an bhfadhb, ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin. 

D’impigh Caitlín Uí Shearcaigh ar na húdaráis feabhas a chur ar na seirbhísí éigeandála meabhairshláinte i gceantar tuaithe na hÉireann agus í ag caint ar bhás a dearthár Antoin agus bás a mic James Beag.

Ag labhairt di le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin, dúirt Caitlín gur airigh sí gur leagtar an iomarca béime ar chógais seachas ar chomhairleoireacht agus cúrsaí meabhairshláinte á bplé.

Counselling is mó atá a dhíobháil ar na daoine. Thug Antoin iarraidh lámh a chur ina bhás féin, bhí sé san otharlann cúig lá, agus ansin chuir siad anonn go dtí an unit é. Bhí muid ag déanamh go mbeadh sé sábháilte ansin, ach thig imeacht agus teacht am ar bith ón otharlann, bhí Antoin ag imeacht ar maidin i ndiaidh an bhricfeasta agus cha raibh sé ag teacht ar ais go dtí an oíche. Cha raibh sé ag fail counselling nó a dhath ar bith mar sin — bhí sé chomh maith aige a bheith sa bhaile,” a dúirt sí. 

Bliain i ndiaidh na n-imeachtaí sin, chuir Antoin lámh ina bhás féin. Mhínigh a deirfiúr gur thriail sé cúnamh a fháil cúpla seachtain sular bhásaigh sé, ach gur cuireadh abhaile é le roinnt piollairí agus gur chuir sé lámh ina bhás féin tamall ina dhiaidh sin.

Bhí a thuilleadh briseadh croí i ndán do Chaitlín agus a cuid ina dhiaidh sin nuair a chuir James Beag, a mac, lámh ina bhás féin agus gan é ach 22 bliain d’aois. Dúirt sí ar Barrscéalta go ndearnadh iarracht cúnamh a fháil dá mac freisin ach nach bhféadfaí é a fháil gan James Beag féin a bheith á lorg. Mhaígh sí nach ndearna sé é sin mar gheall ar an stigma a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte. 

“Bhí eagla air go ngeobhadh daoine amach faoina bhfadhbanna meabhairshláinte. Bhí James aerach, agus déarfainn gur sin an trioblóid a bhí aige. Bhíodh daoine ag cur drochbhail ar James am ar bith a rachadh sé áit ar bith. Bhí tromaíocht ann, agus chuir sin isteach air,” a dúirt sí. 

Lorg Caitlín féin cúnamh meabhairshláinte i ndiaidh bhás a dearthár agus a mic ach dúirt sí gur cuireadh abhaile ón ospidéal í mar ní raibh coinne aici a bheith ann. Chaill sí coinne a bhí aici cheana féin mar bhuail stróc í.

“Dúirt an cailín tuige nach raibh coinne agam agus nach dtiocfadh leo mé a fheiceáil. Bhí mé at the end of my tether. Bhí mo scéal aici, agus lig sí amach an doras mé, agus cha raibh a fhios aici sin caidé a bhí mise dul a dhéanamh. Tá sé iontach go gcaithfidh tú coinne a bheith agat nuair atá tú sa dóigh sin nach féidir leat cóipeáil,” a dúirt sí. 

Dúirt sí ar an gclár go raibh sí ag labhairt ar son na ndaoine uilig atá ag fulaingt leis an ísle brí, a dála féin, agus mhol go socrófaí líonra tacaíocht, ar nós an AA, i mbailte beaga ar fud na tíre le tacú le daoine a bhfuil an galar orthu. 

SCÉALTA EILE