‘Comhthoil’ roimh choiscíní

Is gá tús a chur le plé mar gheall ar ‘chomhthoil’ sula mbíonn aon trácht ar choiscíní a úsáid, a deir Gréasán Náisiúnta na nIonad Éigeandála um Éigniú (RCNI).


Tá an chéad leagan den dréacht-Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2015 foilsithe agus níl aon chosúlacht sa bhille nua, go dtí seo, go mbeidh sainmhíniú dleachtach á chur ar fáil maidir le ‘comhthoil’ i gcás caidrimh ghnéis.

In aon chaidreamh sláintiúil collaí, creideann Gréasán Náisiúnta na nIonad Éigeandála um Éigniú (RCNI) go bhfuil ‘comhthoil’ ina chroílár – is é sin go dtoileann an bheirt i gceist go mbeadh gnéas acu – agus gur ábhar buairimh é an chéad dréacht seo.

“Caithfear deis a thabhairt do dhaoine óga tuiscint a fháil ar chomhthoil sula mbíonn siad gníomhach go gnéasach,” arsa Clíona Saidlear ón eagras.

“Ach gan sainmhíniú reachtúil agus deimhniú dleathach fágtar an cheist in áit na doiléire.”

Tharraing cás Julian Assange aird an domhain ar cheist an toilithe sa bhliain 2010.

Tá fear Wikileaks faoi thearmann polaitiúil in Ambasáid Eacuadór i Londain le beagnach trí bliana anois agus líomhaintí ionsaithe gnéis curtha ina leith sa tSualainn.

Deir seisean gur thoiligh na mná go mbeadh gnéas acu leis. Dar leosan gur éignigh sé iad.

Ó bhí 1990 ann, tá cuid mhaith tíortha i ndiaidh gníomhú chun sainmhíniú reachtúil a chur ar fáil maidir le comhthoil agus tá sé molta ag an Choimisiún Athchóirithe um Dlí gur cheart na leasuithe cuí a dhéanamh anseo in Éirinn chomh maith.

“Muna dtógann an stát seasamh chun sainmhíniú dleachtach a chur ar fáil i leith comhthola, fágfar faoin íospartach é agus faoi ghlúin do dhaoine óga nach bhfuair aon oideachas mar gheall air,” a deir Clíona.

“Ina lán slite, beidh ar an íospartach troid in aghaidh an chultúir reatha chun lipéad a chur ar an rud a tharla dóibh.”

Go dtí seo, níor éirigh leis an chóras oideachais plé le gnéas nó le caidrimh chollaí ar bhealach éifeachtach, thuaidh nó theas.

Is iomaí cúis leis an easpa dul chun cinn – brú ar an churaclam, tionchar na heaglaise Caitlicí, an tús áite a tugadh don bhitheolaíocht a bhaineann le gnéas.

“Tá an t-eolas i gclár oideachais chaidrimh agus ghnéis na meánscoile 15 bliana as dáta agus níl a fhios agam an raibh sé riamh feiliúnach.”

Faoi láthair, tá an RCNI ag obair leis an eagraíocht náisiúnta Foróige chun feasacht a ardú mar gheall ar chomhthoil collaíochta i measc na n-óg.

“Trí chásanna réadúla a chur i láthair, tuiscint a mhúscailt i gcailíní agus i mbuachaillí i leith comhthola agus plé a dhéanamh ar na gnéithe a bhaineann léi, ní mór dúinn tús a chur le comhrá i measc na sochaí ar fad, ní in aigne an íospartaigh amháin,” a mhíníonn Clíona.

A luaithe is a ghlactar na céimeanna seo agus a chuirtear sainmhíniú oifigiúil ar fáil, is amhlaidh is fearr é do chách.

SCÉALTA EILE