Cuir insliú ar d’intinn a fhad is a bhaineann tú den bholg é

Tá an fhios againn ar fad faoin tráth seo go bhfuil an aclaíocht go maith dúinn. Coinníonn sé an meáchan íseal, agus mar gheall air sin, laghdaítear go mór an seans go go dtiocfaidh an bás níos túisce agus an seans go dtolgfar tinnis cosúil le diaibéiteas, galar croí, agus ailse

Seans maith mar sin, go bhfuil tusa i measc na milliún ar fud an domhain a dúirt chomh luath agus a nglaofadh an coileach ar Lá Caille go mbeadh sodar fút amach ag siúl nó ag rith. Agus seans maith, go bhfuil an rún sin briste cheana féin agat. 

Cé chomh minic ar smaoinigh tú ar do chuid meabhairshláinte agus tú ag déanamh rúin? Ní raibh an oiread daoine riamh ag fulaingt leis an dúlagar agus an iomarca imní agus atá faoi láthair. Níl an saol ina bhfuil muid ag maireachtáil inti an-mhaith dár gcuid cloigeann. 

Níl muid ag ithe go folláin, táimid ag tiomáint ag an obair agus ag suí ag deasc i gcaitheamh an lae, agus tá go leor againn nach dtéann amach thar thairseach an dorais ar chor ar bith chomh luath agus atá an baile bainte amach againn tar éis an lae oibre nó scoile. 

Tá dóthain fianaise againn anois le rá go cinnte go bhfuil aclaíocht riachtanach do mheabhairshláinte agus go bhfuil ról aige agus muid ag déileáil le galar meabhairghalar atá ainsealach. 

Nuair a bhí mé ag staidéar in Ollscoil Luimnigh, bhí léachtóir againn a chuir go leor fianaise faoin ár mbráid maidir leis an deathiochar atá ag aclaíocht ar an inchinn, agus go minic, go bhfuil an tionchar céanna aige agus atá ag piollairí, ag braith ar an tinneas. 

Ní shin le rá gur cheart duit do chuid piollairí a chaitheamh in aer gan comhairle dochtúra a fháil, ach léiríonn sé cé chomh maith dúinn agus atá an tsiúlóid ag am lóin, nó an cluiche peile tar éis na hoibre, nó ranganna damhsa ar an deireadh seachtaine.

 Is cosúil go gcuireann aclaíocht níos mó fola agus ocsaigin i dtreo na hinchinne, rud a thugann tacaíocht do na néaróin sa hippocampus. Seo an áit ina mbíonn ár gcuid mothúcháin, ár gcuid cuimhní agus an áit ina ndéanann muid ár gcuid foghlama. 

Tá taighde anois ag taispeáint gur as an hippocampus a eascraíonn go leor den dúlagar. Go deimhin, nuair a thógtar piollaire don dúlagar, is minic gur anseo a théann siad ag obair sa gcloigeann. 

Mar sin, chomh maith leis na tinnis ar fad ar féidir a sheachaint, bí ag smaoineamh ar do cheann agus tú ag breathnú ar na bróga reatha ag cruinniú dusta sa gcúinne. 

Cuir ort iad, agus abair leat féin go bhfuil tú ag dul amach faoin aer chun néaróin nua a chuir ag fás, chun insliú a chuir ar do inchinn, a fhad agus atá tú ag fáil réidh le cuid den insliú ar do bhásta. Cosúil le do chuid feola, cuimhnigh go dtógfaidh sé ar a laghad mí sula dtabharfaidh tú aon athrú faoi deara, agus beidh do chorp, do mheoin agus do aigne breá buíoch asat. 

SCÉALTA EILE