Éist, is daoine fásta sinn ar fad. Táimid ag maireachtaint sa bhliain 2024, agus táim díreach chun é seo a ardú mar bíonn sé i gcónaí fé rún, ina ábhar náire, rud ná labhraítear fé, ach is rud é a tharlaíonn, agus mar sin níor chóir go mbeadh aon taboo ag baint le galair ghnéas-tarchurtha.
Faraor. Measaim féin agus mé ag féachaint ar shaol an lae inniu gur chóir go n-úsáidfeadh níos mó daoine coiscíní go ginearálta – le bhur dtoil NÁ tuismígí. Chomh maith leis an gcúis shoiléir sin le cosaint fhisiciúil an Durex a úsáid, i ndáiríre ní theastaíonn uainn a bheith ag scaipeadh galair ghnéis ach an oiread.
Tá sé simplí a dhóthain, go teoiriciúil, a chinntiú go n-úsáidtear coiscíní le linn gnéis, ach ní i gcónaí go mbíonn daoine ag smaoineamh air seo. Léiríonn figiúirí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte anseo in Éirinn agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur ag ardú atá líon na ndaoine a bhfuil galair dá sort seo orthu ó dheireadh na dianghlasála. Íslíodh uimhreacha le linn na paindéime, gan dabht, ach táid ag ardú ó shin. Luíonn sé seo le réasún. Is cinnte go mbíonn níos mó páirtithe gnéis ag daoine na linne seo agus cuireann sé sin leis an scaipeadh.
An dá ghalar gnéas-tarchurtha is coitianta in Éirinn ná clamaidia agus gónairith. Déarfainn go bhfuil aithne againn ar fad ar dhuine nó ar dhaoine a raibh clamaidia orthu. De réir dealraimh, is fuirist an ceann seo a fháilt agus is fuirist é a bheith agat gan aon chomhartha a bheith ort. Is minic clamaidia a bheith ina cúis mhagaidh agus, cé nár chóir gur cúis náire í ach oiread, is féidir leis an ngalar gnéis seo dochar buan a dhéanamh muna dtéitear i ngleic leis, go háirithe do mhná.
An tarna galar is coitianta in Éirinn is ea gónairith agus ní haon jóc an ceann san ach oiread má fhágtar ann é. Tá baol ann le clamaidia agus gónairith fadhbanna torthúlachta a chruthú muna bhfaightear cóir leighis, ach is féidir antaibheathaigh a fháilt chun dul i ngleic leo.
Ar ábhar i bhfad níos scanrúla, de réir figiúirí ó 2022, bhí an ráta is airde diagnóise VEID in Éirinn an bhliain sin i measc thíortha na hEorpa, ag léimt 68% ó 2019.
Moltar tástáil a dhéanamh do ghalair ghnéis-tarchurtha nuair a athraítear páirtithe gnéis, má bhíonn níos mó ná páirtí gnéis amháin agat, má thagann comharthaí ort, nó má bhíonn galar gnéas-tarchurtha ag do pháirtí gnéis. Ní fhéadfadh sé seo a bheith níos fusa leis an tseirbhís sh24.ie a sholáthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – sea, in Éirinn – saor in aisce (!). Áit gur féidir tástáil baile a ordú le teacht tríd an bpost. Cuirtear thar n-ais sa phost é, agus deintear tástáil do VEID, clamaidia, gónairith agus sifilis. Laistigh de chúpla lá bíonn a fhios agat go bhfuil tú slán le haghaidh tuilleadh spraoi sábháilte, nó go gcaithfidh tú cúpla DM míchompordach a sheoladh…
Ní mhairimid in Éirinn na neachtlann a thuilleadh agus tá sé tábhachtach aire a thabhairt don tsláinte, sláinte ghnéis san áireamh. Ní rud neamhghnách é galar gnéis a fháilt agus má tharlaíonn sé, a luaithe is a bhíonn tú ar an eolas, is é is fearr é gur féidir leat déaláil leis díreach agus stop a chur leis an scaipeadh. Níos fearr fós, áfach ná na galair a sheachaint san iomlán trí choiscíní a úsáid le páirtithe gnéis nua agus tástáil a dhéanamh má bheartaíonn sibh gan.
Ciall cheannaithe, a deirtear, is ea an chiall is fearr agus is minic go gcloisim ó dhuine a thóg galar gnéis ná déanfaidh siad an botún céanna aríst, agus ná raghaidh siad sa tseans in aon chor le duine nua go dtí go gcíonn siad fianaise tástáil dhiúltach lena súile féin. Agus seans nach aon drochsmaoineamh é sin ach oiread.