Bíonn an dúlagar ar Dháire Ní Chanáin. Cuireann sí síos anseo go hoscailte ionraic ar a cuid smaointe inmheánacha agus ar an rollchóstóir mothúchán a bhíonn i gceist leis an ghalar. Tugann sí léargas fosta ar conas dul i ngleic leis agus an solas a aimsiú arís.
Ní féidir cur síos a dhéanamh ar an mhothúchán go díreach.
In amanna is cosúil nach bhfuil mothúcháin ar bith agat.
Tá tú beo ach ní mhothaíonn tú an bheatha.
Bíonn brón ort ach níl cúis ar bith leis.
Is amhlaidh go bhfuil folúntas ionat.
Thig le céad mothúchán bheith agat in aon am amháin ach, ag an am céanna, ní mhothaíonn tú rud ar bith.
Ní raibh a fhios agam go raibh mé in ísle brí ar feadh na mblianta, fiú nuair a bhí drochsmaointe agam.
Chuir mé an locht ar rudaí eile i gcónaí: daoine ar scoil, mo theaghlach nó barraíocht rudaí le déanamh agam.
Níor aithin mé go raibh rud éigin cearr liom go dtí gur thosaigh mé bheith do mo ghearradh féin.
Ní dhearna mé aon dochar dom féin agus ní raibh mé ag iarraidh sin a dhéanamh: bhí mé díreach ag iarraidh rud éigin a mhothú.
Bhí mé chomh feargach liom féin nach raibh mé i gceart mar dhuine agus nach raibh mé cosúil le daoine eile thart orm, agus in áit damáiste a dhéanamh do rud éigin eile, bhí orm é a dhéanamh orm féin.
Ach thuig mé i ndiaidh tamaill nach é seo an bealach ceart le dul i ngleic leis an fhadhb.
“Cén fáth ar tharla seo dom? Cén fáth a bhfuil mise ag mothú mar seo agus níl daoine eile? Cén fáth nach bhfuil daoine eile á dhéanamh seo orthu féin ach go gcaithfidh mise le mothú go bhfuil mé beo?”
Ní raibh sé cothrom.
Níl sé cothrom.
Go fóill mothaím uaigneach.
Tá na mílte cara agam agus is breá liom iad ar fad ach mothaím uaigneach.
Nuair atá mé ina gcuideachta tá sé go breá, tá mé istigh liom féin.
Thig liom rudaí a dhéanamh agus rudaí a rá le dearmad a dhéanamh ar an ghalar uafásach seo ach, ag deireadh an lae, caithfidh mé dul abhaile agus aghaidh a thabhairt ar an anachain.
Caithfidh mé dul a luí sa dorchadas gan rud ar bith le smaoineamh faoi ach na rudaí a rinne mé an lá sin nár chóir dom a dhéanamh.
Nó na rudaí bómánta a dúirt mé nár chóir dom a rá.
Agus is fuath liom mé féin.
Tá a fhios agam nach féidir liom aon rud a tharla cheana a athrú ach dá dtiocfadh liom d’athróinn achan rud.
Achan rud fúm féin agus achan rud faoi mo shaol.
Sin mar a bhíonn intinn an duine a mbíonn an galar dubhach orthu.
Ach, ar an dea-uair, ní mar sin a bhím i gcónaí.
Is breá liom mo shaol, is breá liom mo chairde agus tá a fhios agam gur duine deas, cineálta mé ach sin an dóigh a n-oibríonn an aicíd seo.
Síleann tú go bhfuil tú réidh leis agus nach dtiocfadh leat bheith níos sásta ná mar atá tú anois, agus ansin tagann sé ar ais.
Is cosúil go bhfuil sé ag amharc ort, ag fanacht.
Ag fanacht go dtí go bhfuil tú sona sásta.
Go dtí go síleann tú go bhfuil do shaol foirfe agus nach féidir le rud ar bith cur isteach air.
Agus filleann sé. Filleann sé go mall.
Ní bhíonn a fhios agat go bhfuil sé ag teacht go dtí go bhfuil sé rómhall agus titeann achan rud as a chéile arís.
Níl do shaol chomh foirfe is a shíl tú go raibh, ta fadhbanna agat nár aithin tú roimhe seo.
Tá tú ag iarraidh bheith leat féin ach ní féidir leat an t-uaigneas millteanach sin a láimhseáil arís is téann tú a luí.
Téann tú a luí i lár an lae mar ní féidir leat rud ar bith eile a dhéanamh.
Ní féidir leat cur i gcéill níos mó go bhfuil tú ceart go leor.
Níl tú ceart go leor.
An mbeidh tú ceart go leor choíche?
Fanann tú i do leaba.
Más gá duit rudaí a dhéanamh, déanann tú iad ar éigean agus téann tú a luí arís.
Itheann tú, in amanna, agus téann tú a luí arís.
Tá tú ag smaoineamh faoi achan rud ach níl tú ag smaoineadh faoi rud ar bith i ndáiríre.
Mothaíonn tú achan rud ach ní mhothaíonn tú rud ar bith.
Tá tú ag iarraidh bheith sásta arís ach an raibh tú riamh sásta nó an raibh tú ag ligint ort féin go raibh?
Níl aon leigheas air seo, dar leat féin.
Ní féidir rud ar bith a dhéanamh le rudaí a dhéanamh níos fearr, ach fanacht.
Caithfidh tú fanacht go dtí go bhfuil sé déanta leat.
Go dtí go síleann tú nach féidir leat níos mó de seo a láimhseáil.
Go dtí go síleann achan duine thart ort nár chóir dóibh bheith buartha fút níos mó mar ní labhraíonn tú leo, ní fheiceann tú iad, ní bhacann tú leo níos mó.
Síleann siad gur cuma leat fúthu agus tusa ag smaoineadh gur cuma le gach duine fút féin.
Gur cuma leatsa fút féin.
Agus ansin tagann tú amach as an duibheagán arís.
Ní thagann tú amach go gasta ach tagann tú amach.
Níl rudaí chomh holc is a shíl tú.
Thig leat sult a bhaint as rudaí arís.
Thig leat labhairt le daoine gan bheith ag smaoineadh ar cén dóigh a mothaíonn siad fútsa nó cén dóigh a n-amharcann siad ort.
Beidh tú sásta, ar éigean, agus is féidir leat gnáthrudaí a dhéanamh arís gan smaoineamh gur rudaí ollmhóra iad.
Agus de réir a chéile, tiocfaidh tú ar ais chugat féin.
Ní dhéanann tú dearmad ar an ghalar agus bíonn sé i gcúl do chloiginn i gcónaí ach, mar gheall air seo, baineann tú i bhfad níos mó suilt as an saol mar tá a fhios gur féidir leis teacht ar ais am ar bith.
Mar go bhfuil sé ag fanacht ort.
Is cur síos trom diúltach é seo thuas ar an dúlagar.
Thiocfadh liom fírinne dhorcha an ghalair a cheilt ach ní dhearna mar is é an dóigh is fearr chun déileáil leis ná labhairt faoi go hionraic.
Níor labhair mise faoi leis na blianta agus rinne sé sin i bhfad níos measa é – mhothaigh mé nár thuig duine ar bith mé.
Ach thart ar Nollaig na bliana seo caite bhí mé ag fullaingt go mór leis agus mé ar ollscoil.
Bhí orm rud éigin a rá le mo chairde cónaithe mar gheall go raibh siad buartha fúm.
Cé nár thuig siad go hiomlán an dóigh ar mhothaigh mé, thug siad tacaíocht agus comhairle dom, agus rinne sin i bhfad níos fearr agus níos fusa orm é.
Thuig mé ansin nach bhfuil sé chomh holc is a shíl mé go raibh agus labhraím go hoscailte faoi anois.
Nuair a deirim go mbíonn an galar “ag fanacht ort”, tuigim anois nach bhfuil sé sin iomlán fíor.
Is féidir bheith réidh leis ach beidh sé i gcúl do chloiginn i gcónaí.
Ní chiallaíonn sin áfach go dtiocfaidh sé ar ais.
Bíonn i bhfad níos mó daoine thíos leis ná mar a shílfeá.
Má tá taithí agat ar an lionn dubh, nó má aithníonn tú aon rud ar scríobh mé faoi thuas, déan gar duit féin agus labhair le duine faoi.
Tá daoine cabhrach – níl tú ag cur isteach orthu má iarrann tú orthu cuidiú a thabhairt duit.
Tá tú tábhachtach.
Tá grá ag daoine duit.
Níl tú leat féin.